Cearta an linbh
3.2.2021
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000007/2021
ar an gCoimisiún
Riail 136
Juan Fernando López Aguilar
thar ceann an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Luaitear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh go bhfuil gach leanbh ar domhan – i.e. gach duine faoi bhun ocht mbliana déag d’aois – i dteideal na cearta céanna sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, beag beann ar a eitneacht, inscne, reiligiún, teanga, cumais, stádas imirce, gnéaschlaonadh nó aon stádas eile.
Liostaítear in Airteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach cosaint chearta an linbh i measc chuspóirí an Aontais Eorpaigh, agus ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go ndéanfaidh institiúidí an Aontais agus Ballstáit AE cearta an linbh a chosaint agus dlí AE á chur chun feidhme acu. I bhfírinne, áfach, is léir go bhfuil go leor fós le déanamh agus nach mór aghaidh a thabhairt go fóill ar na dúshláin leanúnacha atá ann faoi láthair.
D’fhógair Leas-Uachtarán an Choimisiúin Dubravka Šuica na ceithre cholún a chumhdófar leis an straitéis atá le teacht: 1) cearta na leanaí is leochailí; 2) cearta an linbh sa ré dhigiteach; 3) foréigean a chosc agus a chomhrac; 4) ceartas a thacaíonn le gasúir a chur chun cinn.
An bhféadfadh an Coimisiún an méid seo a leanas a mhíniú:
- 1.an bealach a bhfuil sé ar intinn aige cabhrú leis na Ballstáit pleananna náisiúnta a oibriú amach chun na cuspóirí a leagtar amach sa straitéis a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama a thugtar;
- 2.an bealach ina dtacóidh an straitéis le cur chuige cuimsitheach iomlánaíoch chun gach leanbh a chosaint agus leas an linbh a chosaint – go háirithe na daoine is leochailí – i mbeartais, cláir agus gníomhaíochtaí ar fad an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le cearta bunúsacha AE;
- 3.an bealach a bhfuil sé i gceist aige leanaí a aithint mar ghníomhairí um athrú, á áirithiú go mbeidh leanaí rannpháirteach ar dhóigh shuntasach i ndearadh agus i gcur chun feidhme na straitéise;
- 4.an bealach ina bhfuil sé beartaithe aige cearta leanaí a phríomhshruthú agus a áirithiú go ndéantar cistiú leordhóthanach a leithdháileadh chun na cuspóirí a leagtar amach sa straitéis a bhaint amach i ngníomhaíochtaí seachtracha agus inmheánacha araon de chuid an Aontais;
- 5.an bealach ina bhféadfaí an straitéis a dhéanamh éigeantach d’institiúidí an Aontais agus conas a dhéanfar í a ailíniú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Clár Oibre 2030 an Aontais don Fhorbairt Inbhuanaithe;
- 6.agus paindéim COVID-19 agus an tionchar fadtéarmach atá aici ar leanaí á gcur san áireamh, conas a chuirfear san áireamh sa straitéis na dúshláin atá tagtha chun cinn i gcomhthéacs na géarchéime?
Curtha síos: 03/02/2021
Spriocdháta i gcomhair freagra: 04/05/2021