Cosaint na hithreach
22.3.2021
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000023/2021
ar an gCoimisiún
Riail 136
Pernille Weiss, Maria Arena, Martin Hojsík, Manuela Ripa, Alexandr Vondra, Idoia Villanueva Ruiz
thar ceann an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Is acmhainn neamh-inathnuaite í an ithir atá bunriachtanach don saol ar an bpláinéad. Soláthraíonn ithreacha seirbhísí éiceachórais tábhachtacha agus táirgeadh bia agus is príomhchumasóirí iad chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Tá cosaint éifeachtach na hithreach ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú agus creimeadh talún, agus fós cáilíocht an chomhshaoil, sláinte an duine agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú. Is féidir le cosaint na hithreach comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú freisin. Sa chomhthéacs sin, ba dhíol sásaimh dúinn é freagraí a fháil ón gCoimisiún ar na ceisteanna seo a leanas:
1. Cad iad na príomhdhúshláin atá ina mbac ar chosaint leormhaith don ithir a áirithiú laistigh den Aontas a bhainfeadh tairbhe as cur chuige coiteann, agus fós úinéireacht phríobháideach talún a chur san áireamh? An bhféadfadh an Coimisiún samplaí a thabhairt, lena thoil, lena n-áirítear trí mhíniú a thabhairt ar na forais is bonn le hinniúlacht an Aontais ina leith sin agus ar aon bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcreat reachtach reatha an Aontais Eorpaigh?
2. Cad iad na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún chun a áirithiú go mbainfear úsáid inbhuanaithe as an ithir agus go gcosnófar í ar phríomhbhagairtí, lena n-áirítear an laghdú ar bhithéagsúlacht ithreach agus ar ábhar orgánach ithreacha, díghrádú ithreach agus fairsingiú fásaigh? An molfaidh an Coimisiún reachtaíocht nua maidir le cosaint na hithreach agus maidir le húsáid inbhuanaithe na hithreach? Cad iad na gnéithe a bheadh ar áireamh i bpíosa reachtaíochta den sórt sin? Conas a dhéanfaí sainiúlachtaí réigiúnacha a chur san áireamh?
3. An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún ionstraimí airgeadais agus tacaíocht theicniúil a áireamh mar chuid dá thogra?
4. Cá mhéad a mheasann an Coimisiún gur cuid de straitéis thrasearnálach maidir le hithir í an chosaint chósta?
5. Cad é an tátal a bhaineann an Coimisiún as bunú an ardáin gréasáin ‘Soil Wiki’?
Curtha síos: 22.3.2021
Spriocdháta i gcomhair freagra: 23.6.2021