Dlús a chur leis an dul chun cinn agus dul i ngleic le héagothromaíochtaí i dtreo deireadh a chur le SEIF mar bhagairt don tsláinte phoiblí faoi 2030
14.4.2021
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000027/2021
ar an gCoimisiún
Riail 136
Tomas Tobé
thar ceann an Choiste um Fhorbairt
Ón 8 go dtí an 10 Meitheamh 2021, tionólfaidh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe cruinniú ardleibhéil maidir le VEID/SEIF chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme Dhearbhú Polaitiúil 2016 maidir le VEID agus SEIF agus chun gealltanais nithiúla a ghlacadh chun dlús a chur le gníomhaíocht chun deireadh a chur le SEIF mar bhagairt don tsláinte phoiblí faoi 2030.
Léiríonn sonraí UNAIDS go bhfuil an eipidéim VEID fós ina géarchéim dhomhanda. In 2019, bhí VEID ar 38 milliún duine, agus 12 mhilliún díobh sin nach raibh fáil acu ar chóireáil fhrith-aisvíreasach tarrthála, agus tholg 1.7 milliún duine VEID agus fuair 700 000 duine bás de bharr cúiseanna a bhain le SEIF. Tá na neamhionannais is cúis le heipidéim VEID níos measa fós mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Tá gá le tiomantas athnuaite ó AE maidir le freagairt dhomhanda VEID/SEIF, ag a mbeidh níos mó uaillmhéine, cuntasachta agus acmhainní.
- 1.Conas a áiritheoidh an Coimisiún go rannchuideoidh AE le gealltanais réamhbhreathnaitheacha uaillmhianacha a ghlacadh i ndearbhú polaitiúil 2021 maidir le VEID/SEIF?
- 2.Cad iad na céimeanna a dhéanfaidh an Coimisiún chun dlús a chur leis na hiarrachtaí chun deireadh a chur le SEIF agus chun tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta córais athléimneacha sláinte agus phobail a thógáil, agus tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú ag an am céanna?
- 3.Cad a dhéanfaidh an Coimisiún chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais a ghéaraíonn eipidéim VEID ar leibhéal na tíre?
Curtha síos: 14.4.2021
Spriocdháta i gcomhair freagra: 15.7.2021