Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000037/2021 ar an gCoimisiún Riail 136 Cristian-Silviu Buşoi thar ceann an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Ábhar: Straitéis Chibearshlándála AE don Deacáid Dhigiteach
Tá an digitiú – ar príomhthosaíocht de chuid an Aontais é – ag brath ar an gcibearshlándáil. Níl an cás ach á ghéarú ag géarchéim COVID-19. Is díol sásaimh dúinn na tionscnaimh a fógraíodh i Straitéis Chibearshlándála AE don Deacáid Dhigiteach, ach tugaimid dár n-aire freisin go bhfuil athrú tagtha ar chineál agus críochnúlacht cibearbhagairtí, go bhfuil baol rialála ilroinnte ann agus go bhfuil deis ann ár dtionscal a neartú. Ba dhíol sásaimh dúinn é, dá bhrí sin, freagraí a fháil ón gCoimisiún ar na ceisteanna seo a leanas:
1. Cén chaoi agus cén uair atá sé i gceist aige creat rialála a tharraingt suas chun a áirithiú go bhfuil táirgí nasctha agus seirbhísí gaolmhara, lena n-áirítear slabhraí soláthair, slán trí dhearadh, athléimneach i gcoinne cibirtheagmhas agus gur féidir iad a phaisteáil go tapa nuair a aimsítear leochaileachtaí? An bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i ngleic leis an ngá le ceanglais chibearshlándála a thabhairt isteach maidir le feidhmchláir, bogearraí, bogearraí leabaithe agus córais oibriúcháin leabaithe?
2. Cad iad na bearta nithiúla a dhéanfaidh an Coimisiún chun neamhspleáchas straitéiseach AE i ndáil leis an gcibearshlándáil a neartú, eadhon trína spleáchas teicneolaíoch agus an bhearna scileanna a laghdú? Conas atá sé beartaithe ag an gCoimisiún a áirithiú go gcaithfear cistí AE ar bhealach sineirgeach chun na spriocanna sin a bhaint amach?
3. Cad iad na bearta a dhéanfaidh an Coimisiún chun cibearshlándáil chroílár an idirlín a fheabhsú agus an chibearshlándáil sin a choinneáil saor, oscailte agus neodrach?