Ceist pharlaiminteach - O-000043/2021Ceist pharlaiminteach
O-000043/2021

Rannchuidiú AE le córais dhomhanda bhia a athrú ó bhonn chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach

Ceist i gcomhair freagra ó bhéal  O-000043/2021
ar an gCoimisiún
Riail 136
Tomas Tobé
thar ceann an Choiste um Fhorbairt
Norbert Lins
thar ceann an Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe

Nós Imeachta : 2021/2750(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000043/2021
Téacsanna arna gcur síos :
O-000043/2021 (B9-0031/2021)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

Beidh Cruinniú Mullaigh Chóras Bia na Náisiún Aontaithe ar siúl i mí an Mheán Fómhair 2021 mar chuid de Dheich mBliana Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena gcuimsítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), a bhaint amach. Déanann córais bhia – i.e. táirgeadh, dáileadh agus tomhaltas bia – difear do na 17 SDG go léir agus is ríthábhachtach iad chun na spriocanna sin a bhaint amach. Tá sé i gceist leis an gcruinniú mullaigh gur deis é gníomhaíochtaí nua a sheoladh chun córais dhomhanda bhia a dhéanamh níos sláintiúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime. Rannchuidigh AE go mór le hullmhú Chlár Oibre 2030. Thug sé gealltanas freisin treoirphrionsabal a dhéanamh de na SDGanna ina gcuid bearta go léir agus iad a chur chun cinn lena gcomhpháirtithe.

Faraor, de réir na dtáscairí go léir atá ar fáil, nílimid chun cinn i dtaobh domhan atá saor ó ocras a bhaint amach faoi 2030. Thairis sin, thug paindéim COVID-19 chun suntais leochaileachtaí an chórais bhia agus géaraigh sí neamhionannais.

Sa chomhthéacs sin, tá géarghá le gealltanas athnuaite agus feabhsaithe ó AE chun saoirse ón ocras agus an ceart chun bia leordhóthanaigh a bhaint amach.

Curtha síos: 14.6.2021

Spriocdháta i gcomhair freagra: 15.9.2021

An nuashonrú is déanaí: 16 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais