Ceist pharlaiminteach - O-000057/2021Ceist pharlaiminteach
O-000057/2021

Smachtbhannaí na Stát Aontaithe agus an smacht reachta

Ceist i gcomhair freagra ó bhéal  O-000057/2021
ar an gCoimisiún
Riail 136
Juan Fernando López Aguilar
thar ceann an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Nós Imeachta : 2021/2868(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
O-000057/2021
Téacsanna arna gcur síos :
O-000057/2021 (B9-0034/2021)
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

An 2 Meitheamh 2021, d’fhógair riarachán na Stát Aontaithe go raibh smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ag a Roinn Státchiste ar thriúr agus a líonraí sa Bhulgáir ar fhorais dul i mbun éillithe. Creideann riarachán na Stát Aontaithe go bhfuil an t-éilliú ina riosca don smacht reachta, don fhás eacnamaíoch, do na hinstitiúidí daonlathacha agus do chearta an duine. Go sonrach, eascraíonn na smachtbhannaí sin ón nGníomh Domhanda Magnitsky um Chuntasacht i ndáil le Cearta an Duine[1]. Ina theannta sin, ar an dáta céanna, d’ainmnigh Roinn Stáit SAM triúr (iar-)oifigeach poiblí eile de bhun Ordú Feidhmiúcháin 13818, rud a chiallaíonn nach féidir leo dul isteach sna Stáit Aontaithe[2].

Dá thoradh sin, ardaítear ceisteanna suntasacha maidir leis na hiarmhairtí smachtbhannaí SAM sin ar chur chuige an Aontais i réimsí an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach. Bhí cruinnithe ag an nGrúpa Faireacháin um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha de Choiste na Parlaiminte um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ghlac siad páirt i malartuithe i scríbhinn le húdaráis náisiúnta agus le hinstitiúidí AE, agus is minic a thugann an grúpa le fios go bhfuil easpa práinne ann chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin.

I bhfianaise na bhforbairtí sin:

Curtha síos: 2.9.2021

Spriocdháta i gcomhair freagra: 3.12.2021

An nuashonrú is déanaí: 6 Meán Fómhair 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais