Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000066/2021 ar an gCoimisiún Riail 136 Pascal Canfin, Lídia Pereira, Javi López, Nils Torvalds, Catherine Griset, Pär Holmgren, Anna Zalewska, Petros Kokkalis thar ceann an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Ábhar: Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) i nGlaschú, an Ríocht Aontaithe
Cad iad na bearta atá á ndéanamh ag an gCoimisiún lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn suntasach le linn Chomhdháil Aeráide COP26 i nGlaschú, arb é is aidhm leo:
– leibhéal uaillmhéine na rannchuidithe arna chinneadh go náisiúnta a mhéadú agus spriocanna maidir le hastaíochtaí glan-nialasacha ó lár an chéid a ghlacadh ar fud an domhain chun go mbeidh na páirtithe uile in ann sprioc fhoriomlán Pháras a bhaint amach;
– an obair ar Chlár Oibre agus Leabhar Rialacha Chomhaontú Pháras a thabhairt chun críche go rathúil, go háirithe an obair ar Airteagal 6, maidir le trédhearcacht agus tráthchlár coiteann;
– uas-scálú a dhéanamh ar shlógadh an mhaoinithe don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ar mhaoiniú inbhuanaithe?