Aos óg na hEorpa a chumhachtú: fostaíocht agus téarnamh sóisialta i ndiaidh na paindéime
13.12.2021
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000077/2021
ar an gComhairle
Riail 136
Dragoş Pîslaru, Maria Walsh, Alicia Homs Ginel, Elena Lizzi, Kim Van Sparrentak, Elżbieta Rafalska, Leila Chaibi
thar ceann an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Bhí tionchar tubaisteach ag paindéim COVID‑19 ar an bhfostaíocht agus ar stádas sóisialta daoine óga in AE, lenar cruthaíodh gá le gníomhaíocht láithreach a chur i gcrích chun a dtodhchaí agus a ndea-bhail a dhaingniú agus a fheabhsú. D’ainmnigh an tUachtarán von de Leyen, 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige, bliain chun machnamh a dhéanamh agus feabhas a chur go hiarbhír ar ionchais agus ar chearta daoine óga in AE trína dtéarnamh eacnamaíoch, fostaíochta agus sóisialta i ndiaidh na paindéime.
- 1.Cé chaoi a bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle cabhrú le daoine óga luach saothair ar ardchaighdeán agus cothrom a fháil as an obair, taithí a fháil ó chúrsaí oiliúna agus ó phrintíseachtaí agus rochtain ar theidlíochtaí sóisialta á áirithiú aici trí chláir amhail an Ráthaíocht don Aos Óg atreisithe agus an tionscnamh Aimsigh, Foghlaim, Máistrigh Gnóthaigh (ALMA)?
- 2.Cén chaoi a bhfuil sé i gceist aici tacú leis an gcomhtháthú ar cholún na hóige sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le cistiú ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus ó infheistíochtaí náisiúnta? Conas a dhéanfar faireachán ar an méid sin?
- 3.Cad iad uaillmhianta na Comhairle i dtaca le fostaíocht, téarnamh sóisialta agus meabhairshláinte daoine óga agus cad iad na bearta nithiúla atá á ndéanamh aici? Conas a dhíreofar leis na bearta sin ar na riachtanais shonracha atá ag grúpaí níos leochailí daoine óga?
- 4.Cén chaoi a bhfuil sé beartaithe ag na Ballstáit na scéimeanna treisithe Ráthaíochta don Aos Óg a thabhairt cothrom le dáta?
- 5.Conas a áiritheoidh an Chomhairle cóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair maidir le dálaí oibre, lena n-áirítear pá?
Curtha síos: 13.12.2021
Spriocdháta i gcomhair freagra: 14.3.2022