Dlúthpháirtíocht chultúrtha leis an Úcráin agus comhshásra práinnfhreagartha le haghaidh téarnamh cultúrtha san Eoraip
25.7.2022
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000030/2022
ar an gCoimisiún
Riail 136
Sabine Verheyen
thar ceann an Choiste um Chultúr agus um Oideachas
Nós Imeachta : 2022/2759(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :
O-000030/2022
Téacsanna arna gcur síos :
O-000030/2022 (B9-0026/2022)
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :
- 1.An bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún bearta breise a chur chun feidhme chun cur i gcoinne fheachtas bolscaireachta agus bréagaisnéise na Rúise? An n-urramófar go comhsheasmhach leis na bearta sin prionsabal na coimhdeachta i réimse an bheartais maidir leis na meáin agus cineál déach na meán mar earra eacnamaíoch agus cultúrtha? Cad iad na bearta beartais is féidir a chur i bhfeidhm ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun cur i gcoinne na n-ionsaithe sin agus chun na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ar an Aontas a neodrú, agus aird ar leith á tabhairt ar leochaileacht grúpaí áirithe, amhail daoine óga?
- 2.Anuas ar na bearta beartais a fógraíodh roimhe seo (Eoraip na Cruthaitheachta, an t-ardán ‘Creatives Unite’ agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta), an bhfuil an Coimisiún ag pleanáil nó ag féachaint ar thuilleadh acmhainní a shlógadh agus bearta beartais breise a dhéanamh chun cuidiú le hearnálacha agus gairmithe an chultúir agus na cruthaitheachta san Úcráin, chomh maith leo siúd atá ag obair leis an Úcráin ó thaobh istigh den Aontas? An bhfuil scéimeanna tacaíochta atá soiléir agus inrochtana go héasca i bhfeidhm? An bhfuil sé i gceist aige cuidiú le hoidhreacht chultúrtha agus ailtireachta na hÚcráine a atógáil agus a athshlánú?
- 3.Conas a dhéanfaidh an Coimisiún an cultúr a phríomhshruthú sna réimsí beartais uile d’fhonn spás cultúrtha Eorpach athléimneach a thógáil? An bhféadfadh sé féachaint an bhféadfaí sásra práinnfhreagartha agus téarnaimh de chuid an Aontais a bhunú a bheadh tiomanta go sonrach don chultúr, don oidhreacht chultúrtha agus d’éiceachórais chruthaitheacha, bunaithe ar chur chuige il-gheallsealbhóra?
Curtha síos: 25.7.2022
Spriocdháta i gcomhair freagra: 26.10.2022
An nuashonrú is déanaí: 29 Iúil 2022