Cleachtais infheistíochta cistí infheistíochta inbhuanaithe
1.12.2022
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000052/2022
ar an gCoimisiún
Riail 136
Jonás Fernández, Paul Tang
thar ceann Ghrúpa S&D
An 29 Samhain 2022, d’fhoilsigh grúpa d’eagraíochtaí idirnáisiúnta na meán, lena n-áirítear Handelsblatt, Le Monde, El Pais, de Tijd, der Standard, Børsen, Luxemburger Wort agus Follow the Money taighde ar chleachtais infheistíochta na gcistí infheistíochta is inbhuanaithe san Eoraip, i.e. na cinn a chloíonn le ceanglais Airteagal 9 den Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaitheachta.
D’fhionnaigh na hiriseoirí go ndéantar infheistiú ar a lán de na cistí sin – i roinnt tíortha os cionn 50 % – fós i mbreoslaí iontaise, san eitlíocht, nó i ngníomhaíochtaí an-truaillitheacha eile, nó go bhfuil neamhchosaintí acu i réimsí ina bhfuil ardriosca saothair éigeantais nó saothair leanaí, amhail Xinjiang. Is amhlaidh sin in ainneoin an cheanglais gur cheart a áirithiú leis na cistí sin nach ndéanfaidh a n-infheistíochtaí dochar suntasach d’inbhuanaitheacht chomhshaoil nó shóisialta. Mar sin, déanann infheisteoirí atá ag súil go n-infheisteofar a gcuid airgid go hinbhuanaithe infheistíocht i mbreoslaí iontaise nó i ngníomhaíochtaí neamh-inbhuanaithe eile.
- 1.An gcreideann an Coimisiún gur ann d’fhadhb leanúnach an ghlas-snasaithe sna margaí airgeadais?
- 2.An measann an Coimisiún go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta rialála chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin?
- 3.An bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún ceanglais íosta a ghlacadh le haghaidh Airteagal 9 SFDR a chuirfeadh cosc ar lipéadú glas a bheith á chur ar chistí agus gníomhaíochtaí donna fós á maoiniú leis na cistí sin?
Curtha síos: 1.12.2022
Spriocdháta i gcomhair freagra: 2.3.2023