An caidreamh trádála agus infheistíochta idir AE agus an Téaváin
24.10.2023
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000046/2023
ar an gCoimisiún
Riail 136
Iuliu Winkler
thar ceann an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Tá an Téaváin ina ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála ó 2002 i leith agus tá comhaontuithe déthaobhacha saorthrádála agus infheistíochta sínithe aici le níos mó ná 30 tír ar domhan. Tá an Téaváin ríthábhachtach do shlabhraí soláthair criticiúla ardteicneolaíochta amhail leathsheoltóirí (táirgeann sí os cionn 60 % de leathsheoltóirí an domhain). In 2022, ba í an Téaváin an 12ú comhpháirtí ba thábhachtaí maidir le trádáil earraí agus ba é an tAontas an t-infheisteoir ba mhó sa Téaváin.
Luaitear i straitéis 2021 maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ‘go saothróidh an tAontas a chaidreamh domhain trádála agus infheistíochta le comhpháirtithe nach bhfuil comhaontuithe trádála ná infheistíochta aige leo, amhail an Téaváin’. Cuireann rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 leis sin[1], ina n-iarrtar ar AE feabhas a chur ar an gcomhpháirtíocht atá ann cheana leis an Téaváin, lena n-áirítear trí chomhaontú maidir le slabhra soláthair athléimneach a shaothrú.
Le linn na héisteachta sa Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta an 19 Iúil 2023, tionóladh plé maidir leis na bealaí éagsúla inar cuireadh feabhas ar an gcaidreamh, agus tagairt á déanamh d’obair thábhachtach an Idirphlé Trádála agus Infheistíochta idir an tAontas agus an Téaváin. Luadh freisin roinnt greannaitheoirí trádála, atá ag cur bac ar an gcaidreamh a fhíor-acmhainneacht a bhaint amach.
- 1.Cad iad na réimsí ina measann an Coimisiún go bhféadfaí feabhas a chur ar ár gcaidreamh trádála agus infheistíochta leis an Téaváin, cad iad na bacainní ar thrádáil agus ar infheistíocht a sainaithníodh agus conas a d’fhéadfaí dul i ngleic leo sin?
- 2.Cén chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an caidreamh trádála agus infheistíochta leis an Téaváin a dhoimhniú a thuilleadh, borradh a chur faoi athléimneacht an Aontais agus na Téaváine i gcoinne suaití geopholaitiúla, agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte na hEorpa a neartú?
- 3.An bhfuil an Coimisiún toilteanach tosú ar roghanna a fhiosrú le haghaidh comhaontú athléimneach maidir leis an slabhra soláthair idir AE agus an Téaváin?
- 4.Cad iad na chéad chéimeanna eile agus an amlíne atá beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin?
Curtha síos: 24.10.2023
Spriocdháta i gcomhair freagra: 25.1.2024
- [1] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2022 maidir leis an staid i gCaolas na Téaváine, IO C 125, 5.4.2023, lch.164.