Straitéis aontaithe de chuid AE don tsláinte inchinne a fhorbairt
23.1.2020
Ceist tosaíochta i gcomhair freagra i scríbhinn P-000376/2020
ar an gCoimisiún
Riail 138
Pascal Arimont (PPE), Mick Wallace (GUE/NGL), Grace O'Sullivan (Verts/ALE), Rory Palmer (S&D), Tomislav Sokol (PPE), Frances Fitzgerald (PPE), Jarosław Duda (PPE), Jerzy Buzek (PPE), Cindy Franssen (PPE), Jeroen Lenaers (PPE), Sirpa Pietikäinen (PPE), Tilly Metz (Verts/ALE), Frédérique Ries (Renew), Miriam Dalli (S&D), Joanna Kopcińska (ECR), Jadwiga Wiśniewska (ECR), Ewa Kopacz (PPE)
Buailfidh neamhord inchinne duine as gach triúr am éigin ina shaol, lena mbaineann EUR 800 billiún de chostais bhliantúla san Eoraip – níos mó ná na mór-réimsí galair eile ar fad le chéile. Tá neamhoird inchinne ar an ngrúpa galar is troime i measc na ngalar neamhtheagmhálach san Eoraip. Is iad neamhoird néareolaíocha an chúis is mó ar domhan atá le míchumas agus an dara cúis is mó le bás.
Ag cruinniú na Náisiún Aontaithe in 2018 maidir le galair neamhtheagmhálacha, leagadh neamhoird mheabhrach agus néareolaíocha síos mar an cúigiú catagóir de ghalair neamhtheagmhálacha.
- 1.Cé na bearta atá déanta ag an gCoimisiún ó shin chun an tsláinte néareolaíoch a chomhcheangal ar bhealach níos fearr leis an obair a dhéanann sé maidir le galair neamhtheagmhálacha?
- 2.Mar gheall ar an bhfianaise atá ann, an ndéanfaidh an Coimisiún breithniú ar thosaíocht níos mó a thabhairt don tsláinte néareolaíoch agus straitéis aontaithe de chuid AE don tsláinte inchinne a fhorbairt?