Freagra ón gCoimisinéir Kyriakides thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh
10.1.2024
Is tosaíocht don Choimisiún é leas ainmhithe agus beidh sé ina thosaíocht aige i gcónaí. Sa Straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’[1] déantar foráil maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais i ndáil le leas ainmhithe. Mar chéad chéim, ghlac an Coimisiún dhá thogra reachtacha an 7 Nollaig 2023[2], togra amháin chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha reatha an Aontais maidir le cosaint ainmhithe agus iad á n-iompar, agus togra eile chun rialacha nua an Aontais a bhunú, den chéad uair, maidir le leas madraí agus cat agus lena n-inrianaitheacht.
An obair ullmhúcháin chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le leas ainmhithe ar leibhéal na feirme, ag am a maraithe agus chun lipéad deonach Eorpach a bhunú maidir le leas ainmhithe, tá sí fós ar siúl. Sa fhreagra uaidh chuig an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’[3], d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a ghlacadh chun deireadh a chur le húsáid córas cásanna de réir a chéile maidir leis na hainmhithe ar fad a luaitear sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Léirítear i réamhthorthaí an mheasúnaithe tionchair leanúnaigh go n-éilítear leis an aistriú chuig córais atá saor ó chásanna go gcuirfear roinnt paraiméadar feirmeoireachta in oiriúint, cuir i gcás timpeallacht na n-ainmhithe a shaibhriú, agus go gcuirfear níos mó spáis ar fáil dóibh. Tá gá le tuilleadh comhairliúchán maidir leis na costais, fad iomchuí na hidirthréimhse agus na bearta ábhartha tráth na hiompórtála. Dá bhrí sin, leanfar den obair ullmhúcháin, lena n-áirítear i gcomhthéacs an idirphlé straitéisigh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas.
Tá inbhuanaitheacht bia ríthábhachtach don tsláinte, don chomhshaol agus do shlándáil an tsoláthair bia. Agus é ag díriú ar an measúnú tionchair a ghabhann leis an togra, tá an Coimisiún i mbun obair ullmhúcháin ar an togra le haghaidh creat maidir le córais bhia inbhuanaithe a mbeidh sé d’aidhm aige aistriú riachtanach an chórais bia a chumasú agus dlús a chur leis. Níl aon chinneadh glactha ag an bpointe seo maidir leis an am a ghlacfar é.