§ 3 (an chéad chuid); § 5 (an dara cuid, an tríú cuid, an ceathrú cuid, an cúigiú cuid, an séú cuid agus an seachtú cuid)
Iarrataí ar vótáil dheighilte
ECR:
§ 4
An chéad chuid
an téacs ina iomláine cé is moite de na focail: ‘ag athdhearbhú a tacaíochta don phlean síochána a chuir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, i láthair; á chur in iúl gur saoth léi gur bhain an Ungáir mí-úsáid as a cumhacht chrosta sa Chomhairle chun cosc a chur ar chabhair bhunriachtanach a dheonú don Úcráin; ag tathant ar an Ungáir a himshuí ar chistiú na Saoráide Eorpaí Síochána don Úcráin a bhaint, lena n-áirítear an aisíocaíocht chomhaontaithe do na Ballstáit as cúnamh míleata a seachadadh cheana;’
An dara cuid
‘ag athdhearbhú a tacaíochta don phlean síochána a chuir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, i láthair;’
An tríú cuid
‘ag tathant ar an Ungáir a himshuí ar chistiú na Saoráide Eorpaí Síochána don Úcráin a bhaint, lena n-áirítear an aisíocaíocht chomhaontaithe do na Ballstáit as cúnamh míleata a seachadadh cheana;’
PfE:
§ 3
An chéad chuid
‘á chur in iúl gur geal léi caibidlíocht aontachais an Aontais a seoladh le déanaí leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive; á chreidiúint gur deis gheostraitéiseach agus dhaonlathach agus infheistíocht in Eoraip aontaithe agus láidir é a lánpháirtiú seasta san Aontas;’
An dara cuid
‘á mheabhrú gur próiseas atá bunaithe go docht ar thuillteanas é aontachas an Aontais a éilíonn go gcomhlíonfar na critéir bhallraíochta san Aontas, lena n-áirítear iadsan a bhaineann leis an daonlathas, an smacht reachta, luachanna bunúsacha agus an éillitheacht a chomhrac; á mheabhrú go n-éilíonn an próiseas aontachais cúnamh airgeadais agus teicniúil leormhaith ón Aontas;’
The Left, S&D, PfE:
§ 5
An chéad chuid
‘á mheabhrú gur cuid de chuspóirí níos leithne i gcoinne an Iarthair é cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ar ár ndaonlathas agus ár luachanna; á chur in iúl gur geal léi toradh Chruinniú Mullaigh ECAT agus á athdhearbhú go gcreideann sí go bhfuil an Úcráin ar chonair dhochúlaithe i dtreo bhallraíocht ECAT; á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit a dtacaíocht mhíleata don Úcráin a mhéadú a fhad is gá agus i cibé foirm is gá; ag athdhearbhú a sheasaimh roimhe seo gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT le chéile agus ina n-aonair geallúint go dtacóidh siad go míleata leis an Úcráin le 0.25 % dá OTI in aghaidh na bliana ar a laghad;’ cé is moite de na focail ‘agus á athdhearbhú go gcreideann sí go bhfuil an Úcráin ar chonair dhochúlaithe i dtreo bhallraíocht ECAT;’ ‘a mhéadú’ agus ‘mhíleata’ agus ‘ag athdhearbhú a sheasaimh roimhe seo gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT le chéile agus ina n-aonair geallúint go dtacóidh siad go míleata leis an Úcráin le 0.25 % dá OTI in aghaidh na bliana ar a laghad;’
An dara cuid
‘agus á athdhearbhú go gcreideann sí go bhfuil an Úcráin ar chonair dhochúlaithe i dtreo bhallraíocht ECAT;’
An tríú cuid
‘a mhéadú’ agus ‘mhíleata’
An ceathrú cuid
‘ag athdhearbhú a sheasaimh roimhe seo gur cheart do Bhallstáit uile an Aontais agus do chomhghuaillithe ECAT le chéile agus ina n-aonair geallúint go dtacóidh siad go míleata leis an Úcráin le 0.25 % dá OTI in aghaidh na bliana ar a laghad;’
An cúigiú cuid
‘á iarraidh ar na Ballstáit oibríochtaí oiliúna d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine amhail EUMAM Ukraine a leathnú tuilleadh, d’fhonn a gcumais oibríochtúla a mhéadú tuilleadh; á chur i bhfios go láidir gur baol go ndéanfaidh seachadtaí neamhleora nó moillithe arm agus armlóin na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo a fhritháireamh agus, dá bhrí sin, ag tathant ar na Ballstáit a dtacaíocht mhíleata a mhéadú go suntasach agus dlús suntasach a chur léi agus borradh a chur faoi acmhainneacht a dtionscal míleata; á mholadh go láidir go mbainfí srianta ar úsáid córas arm an iarthair a sheachadtar i gcoinne spriocanna míleata ar chríoch na Rúise; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó ECAT lena ráthaítear soláthairtí míleata is fiú 40 billiún USD ar a laghad go luath amach anseo;’ cé is moite de na focail ‘á mholadh go láidir go mbainfí srianta ar úsáid córas arm an iarthair a sheachadtar’ agus ‘i gcoinne spriocanna míleata ar chríoch na Rúise;’
An séú cuid
‘á mholadh go láidir go mbainfí srianta ar úsáid córas arm an iarthair a sheachadtar’
An seachtú cuid
‘i gcoinne spriocanna míleata ar chríoch na Rúise;’
Aon ghnó eile
Thacaigh Bernard Guetta leis an tairiscint i gcomhair rúin B10-0007/2024.