17. Dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta chun míolta móra a chosaint tar éis chinneadh na hÍoslainne síneadh a chur le seilg thráchtála míolta móra go dtí 2029 (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta chun míolta móra a chosaint tar éis chinneadh na hÍoslainne síneadh a chur le seilg thráchtála míolta móra go dtí 2029 (2025/2513(RSP))
Magnus Brunner (Coimisinéir) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Paulo Do Nascimento Cabral, thar ceann an Ghrúpa PPE, André Rodrigues, thar ceann an Ghrúpa S&D, Michael McNamara, thar ceann an Ghrúpa Renew, Tilly Metz, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Emma Fourreau, thar ceann an Ghrúpa The Left, Siegbert Frank Droese, thar ceann an Ghrúpa ESN (thug an tUachtarán ar an gcainteoir cloí le hábhar na díospóireachta), Anja Hazekamp agus Sebastian Everding.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Catarina Vieira agus Jean-Marc Germain.