Ní raibh Milan Mazurek suite leis na Feisirí neamhcheangailte a thuilleadh agus bhí sé tagtha isteach sa Ghrúpa ESN amhail ón 22 Eanáir 2025.
3. Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Nollaig 2024 (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún: Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Nollaig 2024 (2024/2879(RSP))
An tUachtarán a thug mínithe ar stiúradh na díospóireachta, a eagraíodh i bhformáid tástála.
António Costa (Uachtarán na Comhairle Eorpaí) agus Ursula von der Leyen (Uachtarán an Choimisiúin) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Jeroen Lenaers, thar ceann an Ghrúpa PPE, Iratxe García Pérez, thar ceann an Ghrúpa S&D, Jordan Bardella, thar ceann an Ghrúpa PfE, Nicola Procaccini, thar ceann an Ghrúpa ECR, Valérie Hayer, thar ceann an Ghrúpa Renew, Bas Eickhout, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, Alexander Jungbluth, thar ceann an Ghrúpa ESN, Paulo Cunha, Harald Vilimsky, Beata Szydło, Karlo Ressler, Estrella Galán agus Ioan-Rareş Bogdan.
SA CHATHAOIR: Katarina BARLEY Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Enikő Győri agus Petar Volgin.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Maria Grapini, Ľubica Karvašová, Vytenis Povilas Andriukaitis, Ana Miranda Paz, Juan Fernando López Aguilar, João Oliveira, Thijs Reuten agus Fabio De Masi.
Labhair na daoine seo a leanas: Dubravka Šuica (Coimisinéir) agus António Costa.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
(Cuireadh an suí ar fionraí ar 10.29.)
SA CHATHAOIR: Roberta METSOLA Uachtarán
4. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 10.37.
5. Cur i láthair chlár gníomhaíochtaí Uachtaránacht na Polainne (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Cur i láthair chlár gníomhaíochtaí Uachtaránacht na Polainne (2024/2970(RSP))
An tUachtarán thug óráid ghearr chun tús a chur leis an díospóireacht.
Donald Tusk (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agusDubravka Šuica (Coimisinéir) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, Iratxe García Pérez, thar ceann an Ghrúpa S&D, Anna Bryłka, thar ceann an Ghrúpa PfE, Patryk Jaki, thar ceann an Ghrúpa ECR, Valérie Hayer, thar ceann an Ghrúpa Renew, Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ewa Zajączkowska-Hernik, thar ceann an Ghrúpa ESN, Dolors Montserrat, Joanna Scheuring-Wielgus, Jean-Paul Garraud, Michał Kobosko, Hannah Neumann, Konstantinos Arvanitis, Tomasz Froelich, Fabio De Masi, François-Xavier Bellamy, René Repasi, Tamás Deutsch, Sophie Wilmès, Irene Montero, Marcin Sypniewski, Siegfried Mureşan, Nicola Zingaretti, Tomas Tobé, Javier Moreno Sánchez agus Andrzej Halicki.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Péter Magyar, Victor Negrescu, Tobiasz Bocheński, Helmut Brandstätter agus João Oliveira.
Labhair na daoine seo a leanas: Dubravka ŠuicaagusDonald Tusk.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
(Cuireadh an suí ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.)
SA CHATHAOIR: Katarina BARLEY Leas-Uachtarán
6. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 12.40.
7. Comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí
Bhí an tUachtarán curtha ar an eolas ag an ngrúpa ESN maidir leis na cinntí seo a leanas lena n-athraítear comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí:
- Coiste CONT: Arno Bausemer in ionad Alexander Jungbluth
- Coiste JURI: Mary Khan in ionad Petras Gražulis
- Coiste PETI: Petras Gražulis in ionad Marcin Sypniewski
Tháinig na cinntí i bhfeidhm amhail ón lá sin.
⁂
Labhair João Oliveira.
8. Am vótála
Le haghaidh torthaí mionsonraithe vótála, féach freisin 'Torthaí na Vótála' agus ‘Torthaí na Vótála le Glaoch Rolla’.
8.1. An gá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (vótáil)
(Chuaigh tairiscint i gcomhair rúin B10-0054/2025 i léig.)
Torthaí mionsonraithe vótála
1
(Cuireadh an suí ar fionraí ar 12.43.)
9. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 12.50.
10. Formheas mhiontuairiscí an tsuí roimhe sin
Glacadh le miontuairiscí an tsuí roimhe sin.
11. An Eoraip a aontú i gcoinne gníomhaithe atá naimhdeach le AE: is mithid ár slándáil agus ár gcosaint a neartú (díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha)
Labhair na daoine seo a leanas: Marie-Agnes Strack-Zimmermann chun tús a chur leis an díospóireacht arna moladh ag an nGrúpa Renew.
Labhair na daoine seo a leanas: Adam Szłapka (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Dubravka Šuica (Coimisinéir).
Labhair na daoine seo a leanas: Christophe Gomart, thar ceann an Ghrúpa PPE, Sven Mikser, thar ceann an Ghrúpa S&D, Alberico Gambino, thar ceann an Ghrúpa ECR, Hilde Vautmans, thar ceann an Ghrúpa Renew, Hannah Neumann, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Marc Botenga, thar ceann an Ghrúpa The Left, Hans Neuhoff, thar ceann an Ghrúpa ESN, Wouter Beke, Yannis Maniatis, Roberto Vannacci, Reinis Pozņaks, Nathalie Loiseau, Merja Kyllönen, Ondřej Dostál, Riho Terras, Tobias Cremer, Christophe Bay, Alexandr Vondra, Gerben-Jan Gerbrandy, Özlem Demirel, Thomas Geisel, Pekka Toveri, Ana Catarina Mendes, Elena Donazzan, Irena Joveva, Juan Ignacio Zoido Álvarez, Ivars Ijabs, Raphaël Glucksmann, Željana Zovko, Vilija Blinkevičiūtė, Geadis Geadi, Morten Løkkegaard, Massimiliano Salini, Dan Barna, Davor Ivo Stier, Anna-Maja Henriksson, Mika Aaltola, Hélder Sousa Silva, Isabel Wiseler-Lima agus Reinier Van Lanschot.
Labhair Dubravka Šuica.
SA CHATHAOIR: Victor NEGRESCU Leas-Uachtarán
Labhair Adam Szłapka.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
12. Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha an Aontais: i dtreo chur chun feidhme Bhosca Uirlisí Déimeagrafaíochta 2023 (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha an Aontais: i dtreo chur chun feidhme Bhosca Uirlisí Déimeagrafaíochta 2023 (2024/3016(RSP))
Dubravka Šuica (Coimisinéir) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Dennis Radtke, thar ceann an Ghrúpa PPE, Marc Angel, thar ceann an Ghrúpa S&D, Pál Szekeres, thar ceann an Ghrúpa PfE, Antonella Sberna, thar ceann an Ghrúpa ECR, Ciaran Mullooly, thar ceann an Ghrúpa Renew, Majdouline Sbai, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Pasquale Tridico, thar ceann an Ghrúpa The Left, Zsuzsanna Borvendég, thar ceann an Ghrúpa ESN, Daniel Buda, Lina Gálvez, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Alexander Jungbluth, Raquel García Hermida-Van Der Walle maidir le caint Zsuzsanna Borvendég agus í ag labhairt (thug an tUachtarán dá haire é), Julien Sanchez, Marlena Maląg, Raquel García Hermida-Van Der Walle, João Oliveira, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Ana Miranda Paz, Rada Laykova, Raquel García Hermida-Van Der Walle maidir le caint daoine áirithe a labhair (thug an tUachtarán mínithe), Maria Zacharia, Romana Tomc, Sabrina Repp, Mireia Borrás Pabón, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó João Oliveira, Georgiana Teodorescu, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Ana Miranda Paz, Nikos Pappas, Ivan David, Nikolaos Anadiotis, Karlo Ressler, Christophe Clergeau, Marieke Ehlers, Paolo Inselvini, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Raquel García Hermida-Van Der Walle, Jagna Marczułajtis-Walczak, Rosa Serrano Sierra, Elisabeth Dieringer, Laurence Trochu, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Majdouline Sbai, Elena Nevado del Campo, Isilda Gomes, Catherine Griset, Chiara Gemma, Isabelle Le Callennec, Elisabeth Grossmann, Malika Sorel, Denis Nesci, Vilija Blinkevičiūtė, Alexandre Varaut, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Christophe Clergeau, agus Sérgio Gonçalves.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sunčana Glavak, Juan Fernando López Aguilar, Silvia Sardone, Bogdan Rzońca, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Niels Geuking, Idoia Mendia, Margarita de la Pisa Carrión, Ana Miranda Paz, Nina Carberry agus Vytenis Povilas Andriukaitis.
Labhair Dubravka Šuica.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
13. Teip ar an gcaibidlíocht in Busan le haghaidh conradh de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le plaistigh agus an géarghá atá le dul i ngleic leis an truailliú plaisteach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Teip ar an gcaibidlíocht in Busan le haghaidh conradh de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le plaistigh agus an géarghá atá le dul i ngleic leis an truailliú plaisteach ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (2025/2508(RSP))
Magnus Brunner (Coimisinéir) a rinne an ráiteas.
SA CHATHAOIR: Sophie WILMÈS Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Liesbet Sommen, thar ceann an Ghrúpa PPE, Christophe Clergeau, thar ceann an Ghrúpa S&D, Barbara Bonte, thar ceann an Ghrúpa PfE, Anna Zalewska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Karin Karlsbro, thar ceann an Ghrúpa Renew, Sara Matthieu, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Catarina Martins, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ingeborg Ter Laak, Delara Burkhardt, Martin Hojsík, Jutta Paulus, Lynn Boylan, Francisco José Millán Mon, Heléne Fritzon, Barry Andrews, Isabella Lövin agus Sunčana Glavak.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Manuela Ripa agus Maria Zacharia.
Labhair Magnus Brunner.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
14. Naisc idir an choireacht eagraithe agus smuigleáil imirceach i bhfianaise na dtuarascálacha ó na Náisiúin Aontaithe le déanaí (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Naisc idir an choireacht eagraithe agus smuigleáil imirceach i bhfianaise na dtuarascálacha ó na Náisiúin Aontaithe le déanaí (2024/3017(RSP))
Adam Szłapka (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Magnus Brunner (Coimisinéir) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Jeroen Lenaers, thar ceann an Ghrúpa PPE, Ana Catarina Mendes, thar ceann an Ghrúpa S&D, Fabrice Leggeri, thar ceann an Ghrúpa PfE, Alessandro Ciriani, thar ceann an Ghrúpa ECR, Fabienne Keller, thar ceann an Ghrúpa Renew, Mélissa Camara, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Ilaria Salis, thar ceann an Ghrúpa The Left, Mary Khan, thar ceann an Ghrúpa ESN, Lena Düpont, Birgit Sippel, nár ghlac, thairis sin, le ceist cárta ghoirm ó Mary Khan, András László, Nicolas Bay, Abir Al-Sahlani, Tineke Strik, Estrella Galán, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Mary Khan, Diana Iovanovici Şoşoacă, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Luis-Vicențiu Lazarus, Péter Magyar agus Thijs Reuten.
SA CHATHAOIR: Sabine VERHEYEN Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Jorge Buxadé Villalba, Jadwiga Wiśniewska, Javier Zarzalejos, Murielle Laurent, Nikola Bartůšek, Mario Mantovani, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Cecilia Strada, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Juan Fernando López Aguilar, Anna Maria Cisint, Ivaylo Valchev, Ana Miguel Pedro, nár ghlac, thairis sin, le ceist cárta ghoirm ó João Oliveira, Cecilia Strada, António Tânger Corrêa, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Bruno Gonçalves, Francesco Torselli, Verena Mertens, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó András László, Pascale Piera, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Tomáš Zdechovský, Ton Diepeveen, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Sander Smit, agus Philippe Olivier.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Vytenis Povilas Andriukaitis, Susanna Ceccardi, Geadis Geadi, Kostas Papadakis agus Maria Grapini.
Labhair Magnus Brunner.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
15. Maoiniú ón Aontas trí chlár LIFE d’eintitis a dhéanann brústocaireacht ar institiúidí an Aontais agus an gá atá le trédhearcacht (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Maoiniú ón Aontas trí chlár LIFE d’eintitis a dhéanann brústocaireacht ar institiúidí an Aontais agus an gá atá le trédhearcacht (2025/2509(RSP))
Piotr Serafin (Coimisinéir) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Monika Hohlmeier, thar ceann an Ghrúpa PPE, Mohammed Chahim, thar ceann an Ghrúpa S&D, Dick Erixon, thar ceann an Ghrúpa ECR, Martin Hojsík, thar ceann an Ghrúpa Renew, Rasmus Nordqvist, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Jonas Sjöstedt, thar ceann an Ghrúpa The Left, Tomáš Zdechovský, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Marie Toussaint, Christophe Clergeau, Sergio Berlato, Anna Stürgkh, Maria Ohisalo, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Dirk Gotink, Thomas Geisel, Niclas Herbst, Ana Catarina Mendes, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Sander Smit, Kosma Złotowski, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Christophe Clergeau, Marie Toussaint, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Niclas Herbst, Dirk Gotink, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Gerben-Jan Gerbrandy, José Cepeda, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Tomáš Zdechovský, Bert-Jan Ruissen, Daniel Freund, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Monika Hohlmeier, Céline Imart, Jean-Marc Germain, Lena Schilling, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Alexander Bernhuber, Herbert Dorfmann, Jaume Asens Llodrà agus Angelika Winzig.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sander Smit, Maria Grapini, Gerben-Jan Gerbrandy, Kostas Papadakis, Alexander Bernhuber agus Vytenis Povilas Andriukaitis.
Labhair Piotr Serafin.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
16. Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (díospóireacht)
16.2. Cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla
Chuir Tomáš Zdechovský, Evin Incir, Carlo Ciccioli, Petras Auštrevičius, Hannah Neumann, Silvia Sardone agus Isabel Serra Sánchez na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Reinhold Lopatka, thar ceann an Ghrúpa PPE, Chloé Ridel, thar ceann an Ghrúpa S&D, Margarita de la Pisa Carrión, thar ceann an Ghrúpa PfE, Javier Zarzalejos, Francisco Assis, Isabel Benjumea Benjumea, Alessandra Moretti agus Jessika Van Leeuwen.
Chuir Christophe Gomart, Marta Temido, Helmut Brandstätter, Matthieu Valet agus Catarina Vieira na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Miriam Lexmann, thar ceann an Ghrúpa PPE, Raphaël Glucksmann, thar ceann an Ghrúpa S&D, Bernard Guetta, thar ceann an Ghrúpa Renew, agus Nathalie Loiseau.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sebastian Tynkkynen agus Rima Hassan.
17. Dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta chun míolta móra a chosaint tar éis chinneadh na hÍoslainne síneadh a chur le seilg thráchtála míolta móra go dtí 2029 (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta chun míolta móra a chosaint tar éis chinneadh na hÍoslainne síneadh a chur le seilg thráchtála míolta móra go dtí 2029 (2025/2513(RSP))
Magnus Brunner (Coimisinéir) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Paulo Do Nascimento Cabral, thar ceann an Ghrúpa PPE, André Rodrigues, thar ceann an Ghrúpa S&D, Michael McNamara, thar ceann an Ghrúpa Renew, Tilly Metz, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Emma Fourreau, thar ceann an Ghrúpa The Left, Siegbert Frank Droese, thar ceann an Ghrúpa ESN (thug an tUachtarán ar an gcainteoir cloí le hábhar na díospóireachta), Anja Hazekamp agus Sebastian Everding.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Catarina Vieira agus Jean-Marc Germain.
Labhair Magnus Brunner.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
18. Mínithe ar an vótáil
Mínithe i scríbhinn ar an vótáil
Is féidir teacht ar na mínithe ar an vótáil arna gcur isteach i scríbhinn, faoi Riail 201, ar leathanaigh na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
19. Clár oibre an chéad suí eile
Bheadh an chéad suí eile ar siúl amárach, an 23 Eanáir 2025, ó 09.00. Tá an clár oibre ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
20. Formheas mhiontuairiscí an tsuí
I gcomhréir le Riail 208(3), chuirfí miontuairiscí an tsuí faoi bhráid na Parlaiminte lena bhformheas ag tús iarnóin an chéad suí eile.
21. Críoch an tsuí
Críochnaíodh an suí ar 20.51.
Alessandro Chiocchetti
Roberts Zīle
Ard-Rúnaí
Leas-Uachtarán
LIOSTA NA nDOICIMÉAD ARB IAD IS BONN DO DHÍOSPÓIREACHTAÍ AGUS DO CHINNTÍ NA PARLAIMINTE
I. Tairiscintí i gcomhair rúin a cuireadh síos
Cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
Tá iarrataí chun díospóireacht a sheoladh de bhun Riail 150 tíolactha ag na Feisirí nó ag na grúpaí polaitiúla seo a leanas maidir leis na tairiscintí i gcomhair rún seo a leanas:
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0065/2025) Merja Kyllönen thar ceann an Ghrúpa The Left
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0069/2025) Yannis Maniatis, Francisco Assis, Elio Di Rupo thar ceann an Ghrúpa S&D
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0070/2025) Tomasz Froelich thar ceann an Ghrúpa ESN
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0072/2025) Catarina Vieira, Saskia Bricmont, Sara Matthieu, Ville Niinistö, Nicolae Ştefănuță thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0078/2025) Bernard Guetta, Petras Auštrevičius, Oihane Agirregoitia Martínez, Malik Azmani, Dan Barna, Olivier Chastel, Svenja Hahn, Karin Karlsbro, Ľubica Karvašová, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Jan-Christoph Oetjen, Urmas Paet, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Hilde Vautmans, Lucia Yar thar ceann an Ghrúpa Renew
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0081/2025) Sebastião Bugalho, Wouter Beke, Isabel Wiseler-Lima, Michael Gahler, Luděk Niedermayer, Christophe Gomart, Antonio López-Istúriz White, Danuše Nerudová, Davor Ivo Stier, Michał Wawrykiewicz, Jessica Polfjärd, Tomáš Zdechovský, Andrey Kovatchev thar ceann an Ghrúpa PPE
maidir le cás Jean-Jacques Wondo i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (B10-0084/2025) Adam Bielan, Carlo Fidanza, Alberico Gambino, Sebastian Tynkkynen, Nora Junco García, Ondřej Krutílek, Alexandr Vondra, Veronika Vrecionová, Waldemar Tomaszewski, Joachim Stanisław Brudziński, Diego Solier thar ceann an Ghrúpa ECR
Cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla
Tá iarrataí chun díospóireacht a sheoladh de bhun Riail 150 tíolactha ag na Feisirí nó ag na grúpaí polaitiúla seo a leanas maidir leis na tairiscintí i gcomhair rún seo a leanas:
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0063/2025) Isabel Serra Sánchez thar ceann an Ghrúpa The Left
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0066/2025) Hannah Neumann, Maria Ohisalo, Catarina Vieira, Vicent Marzà Ibáñez, Jaume Asens Llodrà, Nicolae Ştefănuță thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0067/2025) Jordan Bardella, Sebastiaan Stöteler, António Tânger Corrêa, Gerolf Annemans, Jaroslava Pokorná Jermanová, Harald Vilimsky, Roberto Vannacci, Silvia Sardone, Nikola Bartůšek, Susanna Ceccardi, Matthieu Valet, Hermann Tertsch, Jorge Martín Frías thar ceann an Ghrúpa PfE
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0073/2025) Yannis Maniatis, Francisco Assis, Evin Incir, Chloé Ridel, Daniel Attard, Alessandra Moretti thar ceann an Ghrúpa S&D
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0082/2025) Petras Auštrevičius, Oihane Agirregoitia Martínez, Malik Azmani, Dan Barna, Helmut Brandstätter, Olivier Chastel, Bart Groothuis, Svenja Hahn, Karin Karlsbro, Ľubica Karvašová, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Jan-Christoph Oetjen, Urmas Paet, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Hilde Vautmans, Sophie Wilmès, Lucia Yar thar ceann an Ghrúpa Renew
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0085/2025) Sebastião Bugalho, Tomáš Zdechovský, Loucas Fourlas, Isabel Wiseler-Lima, David McAllister, Michael Gahler, Željana Zovko, Christophe Gomart, Luděk Niedermayer, Wouter Beke, Davor Ivo Stier, Michał Wawrykiewicz, Jessica Polfjärd, Danuše Nerudová, Andrey Kovatchev thar ceann an Ghrúpa PPE
maidir le cur faoi chois córasach chearta an duine san Iaráin, go háirithe cásanna Pakhshan Azizi agus Wrisha Moradi, agus saoránaigh AE a ghabháil mar ghialla (B10-0086/2025) Adam Bielan, Mariusz Kamiński, Aurelijus Veryga, Ondřej Krutílek, Sebastian Tynkkynen, Alexandr Vondra, Veronika Vrecionová, Małgorzata Gosiewska, Joachim Stanisław Brudziński thar ceann an Ghrúpa ECR
Cás Boualem Sansal san Ailgéir
Tá iarrataí chun díospóireacht a sheoladh de bhun Riail 150 tíolactha ag na Feisirí nó ag na grúpaí polaitiúla seo a leanas maidir leis na tairiscintí i gcomhair rún seo a leanas:
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0087/2025) Leoluca Orlando, Hannah Neumann, Catarina Vieira, Maria Ohisalo, Vicent Marzà Ibáñez, Nicolae Ştefănuță, Ville Niinistö thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0088/2025) Matthieu Valet, Jordan Bardella, Pierre-Romain Thionnet, Nikola Bartůšek, António Tânger Corrêa thar ceann an Ghrúpa PfE
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0089/2025) Yannis Maniatis, Francisco Assis, Marta Temido thar ceann an Ghrúpa S&D
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0090/2025) Tomasz Froelich thar ceann an Ghrúpa ESN
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0091/2025) Helmut Brandstätter, Petras Auštrevičius, Malik Azmani, Dan Barna, Benoit Cassart, Olivier Chastel, Raquel García Hermida-Van Der Walle, Ľubica Karvašová, Ilhan Kyuchyuk, Urmas Paet, Hilde Vautmans thar ceann an Ghrúpa Renew
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0092/2025) Sebastião Bugalho, Christophe Gomart, Isabel Wiseler-Lima, Michael Gahler, Luděk Niedermayer, Wouter Beke, Davor Ivo Stier, Michał Wawrykiewicz, Jessica Polfjärd, Tomáš Zdechovský, Andrey Kovatchev thar ceann an Ghrúpa PPE
maidir le cás Boualem Sansal san Ailgéir (B10-0093/2025) Adam Bielan, Ondřej Krutílek, Sebastian Tynkkynen, Veronika Vrecionová, Małgorzata Gosiewska, Alexandr Vondra, Joachim Stanisław Brudziński thar ceann an Ghrúpa ECR
An gá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis
Tairiscintí i gcomhair rúin curtha síos i gcomhréir le Riail __[A295011]__, mír __[A295012]__ chun an díospóireacht a thabhairt chun críche:
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (B10-0054/2025) Danilo Della Valle thar ceann an Ghrúpa The Left
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (B10-0055/2025) Helmut Brandstätter, Petras Auštrevičius, Dan Barna, Ľubica Karvašová, Michał Kobosko, Nathalie Loiseau, Jan-Christoph Oetjen, Urmas Paet, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Hilde Vautmans, Lucia Yar, Dainius Žalimas thar ceann an Ghrúpa Renew
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (B10-0056/2025) Mārtiņš Staķis, Sergey Lagodinsky, Markéta Gregorová, Maria Ohisalo, Ville Niinistö, Nicolae Ştefănuță thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (B10-0057/2025) Ondřej Kolář, Michael Gahler, Andrzej Halicki, Sebastião Bugalho, David McAllister, Tomas Tobé, Željana Zovko, Isabel Wiseler-Lima, Nicolás Pascual de la Parte, Mika Aaltola, Wouter Beke, Krzysztof Brejza, Daniel Caspary, Rasa Juknevičienė, Sandra Kalniete, Seán Kelly, Łukasz Kohut, Andrey Kovatchev, Miriam Lexmann, Reinhold Lopatka, Antonio López-Istúriz White, Ana Miguel Pedro, Paulius Saudargas, Liesbet Sommen, Davor Ivo Stier, Michał Szczerba, Alice Teodorescu Måwe, Ingeborg Ter Laak, Matej Tonin, Milan Zver thar ceann an Ghrúpa PPE
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (B10-0058/2025) Yannis Maniatis, Nacho Sánchez Amor, Tobias Cremer thar ceann an Ghrúpa S&D
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (B10-0059/2025) Adam Bielan, Reinis Pozņaks, Rihards Kols, Mariusz Kamiński, Małgorzata Gosiewska, Joachim Stanisław Brudziński, Aurelijus Veryga, Sebastian Tynkkynen, Alexandr Vondra, Bert-Jan Ruissen, Ondřej Krutílek, Maciej Wąsik, Michał Dworczyk, Alberico Gambino, Jadwiga Wiśniewska, Assita Kanko thar ceann an Ghrúpa ECR
Comhthairiscint i gcomhair rúin curtha síos i gcomhréir le Riail 136(2) agus (4):
maidir leis an ngá atá le gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar an gcos ar bolg leanúnach agus na toghcháin bhréige sa Bhealarúis (2024/3014(RSP)) (RC-B10-0055/2025) (in ionad tairiscintí i gcomhair rúin B10-0055/2025, B10-0056/2025, B10-0057/2025, B10-0058/2025 agus B10-0059/2025) Ondřej Kolář, Michael Gahler, Andrzej Halicki, Sebastião Bugalho, David McAllister, Tomas Tobé, Željana Zovko, Isabel Wiseler-Lima, Nicolás Pascual de la Parte, Mika Aaltola, Wouter Beke, Krzysztof Brejza, Daniel Caspary, Rasa Juknevičienė, Sandra Kalniete, Seán Kelly, Łukasz Kohut, Andrey Kovatchev, Miriam Lexmann, Reinhold Lopatka, Antonio López-Istúriz White, Ana Miguel Pedro, Paulius Saudargas, Liesbet Sommen, Davor Ivo Stier, Michał Szczerba, Alice Teodorescu Måwe, Ingeborg Ter Laak, Matej Tonin, Milan Zver thar ceann an Ghrúpa PPE Yannis Maniatis, Nacho Sánchez Amor, Tobias Cremer thar ceann an Ghrúpa S&D Adam Bielan, Mariusz Kamiński, Małgorzata Gosiewska, Alberico Gambino, Aurelijus Veryga, Michał Dworczyk, Joachim Stanisław Brudziński, Ondřej Krutílek, Sebastian Tynkkynen, Rihards Kols, Jaak Madison, Ivaylo Valchev thar ceann an Ghrúpa ECR Helmut Brandstätter, Petras Auštrevičius, Dan Barna, Ľubica Karvašová, Michał Kobosko, Nathalie Loiseau, Jan-Christoph Oetjen, Urmas Paet, Eugen Tomac, Lucia Yar, Dainius Žalimas thar ceann an Ghrúpa Renew Mārtiņš Staķis thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE
II. Gníomhartha Tarmligthe (Riail 114(2))
Dréachtghníomhartha tarmligthe a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina sonraítear inneachar mionsonraithe na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe sealúchais cháilithigh in eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha (C(2024)06902 - 2024/3019(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 3 mhí ón dáta fála an 18 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ECON
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe sealúchais cháilithigh i soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní (C(2024)06907 - 2024/3021(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 3 mhí ón dáta fála an 18 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ECON
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair faisnéise i leith táscairí inbhuanaitheachta i ndáil le drochthionchair ar an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol (C(2024)08782 - 2024/3013(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 3 mhí ón dáta fála an 17 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ECON
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle trí theimpléad a bhunú don doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (b)(ii), de (C(2024)08891 - 2024/3020(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 18 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: PECH
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí cheanglais a leagan síos maidir le soláthar sábháilte seirbhísí láimhseáil ar talamh agus maidir le heagraíochtaí a sholáthraíonn iad (C(2024)08926 - 2024/3024(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 19 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: TRAN
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 a mhéid a bhaineann le ceanglais ar oibreoirí aeradróim a bhaineann le gníomhaíochtaí láimhseáil ar talamh (C(2024)08927 - 2024/3025(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 19 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: TRAN
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/1645 ón Coimisiún a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le slándáil faisnéise le haghaidh eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí láimhseáil ar talamh (C(2024)08928 - 2024/3026(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 19 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: TRAN
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/642 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis áirithe atá le soláthar ar lipéadú táirgí orgánacha (C(2024)08932 - 2024/3023(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 19 Nollaig 2024
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe i bhfógraí maidir le cnáib (C(2025)00134 - 2025/2524(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 17 Eanáir 2025
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI
III. Bearta chur chun feidhme (Riail 115)
Dréachtbhearta cur chun feidhme a thagann faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le húsáid gliocóisídí steibhióil a tháirgtear trí choipeadh agus úsáid á baint as Yarrowia lipolytica (D101884/02 - 2025/2503(RPS) - teorainn ama: 14 Márta 2025) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le húsáid ceallalóis carbocsaimeitile sóidiam, guma ceallalóis (E 466) agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí le haghaidh ceallalóis (E 460), ceallalós meitile (E 461), ceallalós eitile (E 462), ceallalós hiodrocsapróipile (E 463), ceallalós meitile hiodrocsapróipile (E 464), ceallalós meitile eitile (E 465), ceallalós carbocsaimeitile sóidiam, guma ceallalóis (E 466), ceallalós carbocsaimeitile sóidiam trasnasctha, guma ceallalóis trasnasctha (E 468) agus ceallalós carbocsaimeitile hidrealaithe go heinsímeach (E 469) (D102103/02 - 2025/2504(RPS) - teorainn ama: 14 Márta 2025) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a mhéid a bhaineann le húsáid monai- agus déghlicrídí d’aigéid shailleacha (E 471) agus céarach carnába (E 903) mar oibreáin ghlónraithe ar thorthaí úra áirithe agus ar chasabhaigh agus úsáid leicitiní (E 322) agus aigéad sailleach (E 570) mar iompróirí in oibreáin ghlónraithe ar chasabhaigh (D102136/02 - 2025/2502(RPS) - teorainn ama: 14 Márta 2025) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh cioglocsaidime, déchlórpróp-P, fluipiridhéfhúróin, céatón meitile naoinile, olaí planda/ola citronella, sorbáit photaisiam agus fosfónáit photaisiam i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (D102305/02 - 2025/2501(RPS) - teorainn ama: 9 Márta 2025) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
IV. Doiciméid a fuarthas
Fuarthas na doiciméid seo a leanas ó institiúidí eile:
- Togra maidir le haistriú leithreasuithe Uimh. DEC 01/2025 – Roinn III – An Coimisiún (N10-0001/2025 - C10-0002/2025 - 2025/2003(GBD)) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: BUDG
- Togra maidir le haistriú leithreasuithe Uimh. 1/2025 - Roinn IX - an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (N10-0002/2025 - C10-0004/2025 - 2025/2031(GBD)) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: BUDG