Moladh don dara léamh ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann [17102/1/2024 - C10-0057/2025 - 2018/0198(COD)] - An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach. Rapóirtéir: Sandro Gozi (A10-0058/2025)
D’fhógair an tUachtarán nár cuireadh síos aon tairiscint maidir le diúltú ná leasuithe i gcomhréir le Riail 68 agus Riail 69 maidir le seasamh na Comhairle.
Measadh, dá bhrí sin, seasamh na Comhairle a bheith formheasta.