Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 11k
Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2022 - Strasbourg

5. An chéad seisiún vótála
Tuarascálacha focal ar fhocal

Vótáil an Pharlaimint ar:

Iarnród: síneadh a chur le bearta sealadacha i ndáil le muirir a thobhach - COVID-19 ***I
[COM(2021)0832 - C9-0001/2022 - 2021/0437(COD)] - Coiste TRAN;

Cúnamh macrairgeadais don Úcráin ***I
[COM(2022)0037 - C9-0028/2022 - 2022/0026(COD)] - Coiste INTA.

Vótáil an Pharlaimint ar an méid seo a leanas:

Cur chun feidhme na Treorach maidir le Sábháilteacht Bréagán)
Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht bréagán (Treoir maidir le Sábháilteacht Bréagán) [2021/2040(INI)] - An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra. Rapóirtéir: Brando Benifei (A9-0349/2021).

Rinne an Pharlaimint an vótáil chríochnaitheach ar an méid seo a leanas:

An Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – i dtreo straitéis chuimsitheach agus chomhordaithe
Tuarascáil maidir leis an Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – i dtreo straitéis chuimsitheach agus chomhordaithe [2020/2267(INI)] - An Coiste Speisialta um Shárú na hAilse. Rapóirtéir: Véronique Trillet-Lenoir (A9-0001/2022).

Vótáil an Pharlaimint ar na leasuithe ar an méid seo a leanas:

Cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála - tuarascáil bhliantúil 2021
Tuarascáil ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2021 [2021/2182(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: David McAllister (A9-0354/2021);

Cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021
Tuarascáil ar chur chun feidhme an Chomhbheartais Tráchtála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021 [2021/2183(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Nathalie Loiseau (A9-0358/2021);

Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan – tuarascáil bhliantúil 2021
Tuarascáil maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2021 [2021/2181(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: María Soraya Rodríguez Ramos (A9-0353/2021);

An t-éilliú agus cearta an duine
Tuarascáil ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine [2021/2066(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Katalin Cseh (A9-0012/2022);

Dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair
Tuarascáil maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair [2021/2043(INI)] - An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra. Rapóirtéir: Kosma Złotowski (A9-0336/2021);

Reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha
Tuarascáil le moltaí don Choimisiún maidir le Reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha [2020/2026(INL)] - An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla. Rapóirtéir: Sergey Lagodinsky (A9-0007/2022);

Cumhachtú Óige na hEorpa: fostaíocht agus téarnamh sóisialta i ndiaidh na paindéime
Tairiscint i gcomhair rúin arna cur síos ag Dragoş Pîslaru, thar ceann Choiste EMPL, de bhun Riail 136(5), ag leanúint as ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal B9-0002/2022 agus B9-0003/2022, ar chumhachtú Óige na hEorpa: fostaíocht agus téarnamh sóisialta i ndiaidh na paindéime (2021/2952(RSP)) (B9-0091/2022)
Bhí an díospóireacht tarlaithe an 20 Eanáir 2022 (ítim 14 de mhiontuairiscí an 20.1.2022).

Bheadh an bhallóid ar oscailt go dtí 13.45.

D'fhógrófaí torthaí na vótála ar 19.00 (ítim 10 de mhiontuairiscí an 16.2.2022).

Rinneadh an vótáil.

An nuashonrú is déanaí: 24 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais