Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: An Smacht Reachta agus iarmhairtí rialú CBE (2022/2535(RSP))
(Tús na díospóireachta: ítim 9 de mhiontuairiscí an 16.2.2022)
Labhair na daoine seo a leanas: François-Xavier Bellamy, Abir Al-Sahlani agus Lena Düpont.
Labhair na daoine seo a leanas: Johannes Hahn (comhalta den Choimisiún) agus Clément Beaune (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle).
Dheimhnigh an tUachtarán go seiceálfadh na seirbhísí inniúla taifead na díospóireachta chun a fhíorú ar sáraíodh forálacha Riail 10 (ítim 9 de mhiontuairiscí an 16.2.2022) agus thug sí meabhrúchán faoi na caighdeáin iompair don Seomra Tionóil.
Dhéanfaí tairiscintí i gcomhair rúin atá le cur síos i gcomhréir le Riail 132(2) a fhógairt ag céim níos déanaí.