Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 6k
Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2022 - Strasbourg

13. Dara seisiún vótála
Tuarascálacha focal ar fhocal

Rinne an Pharlaimint na vótálacha críochnaitheacha ar an méid seo a leanas:

Cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála - tuarascáil bhliantúil 2021
Tuarascáil ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2021 [2021/2182(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: David McAllister (A9-0354/2021);

Cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021
Tuarascáil ar chur chun feidhme an Chomhbheartais Tráchtála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021 [2021/2183(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Nathalie Loiseau (A9-0358/2021);

Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan – tuarascáil bhliantúil 2021
Tuarascáil maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2021 [2021/2181(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: María Soraya Rodríguez Ramos (A9-0353/2021);

An t-éilliú agus cearta an duine
Tuarascáil ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le héilliú agus cearta an duine [2021/2066(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Katalin Cseh (A9-0012/2022);

Dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair
Tuarascáil maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair [2021/2043(INI)] - An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra. Rapóirtéir: Kosma Złotowski (A9-0336/2021);

Reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha
Tuarascáil le moltaí don Choimisiún maidir le Reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha [2020/2026(INL)] - An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla. Rapóirtéir: Sergey Lagodinsky (A9-0007/2022);

Cumhachtú Óige na hEorpa: fostaíocht agus téarnamh sóisialta i ndiaidh na paindéime
Tairiscint i gcomhair rúin B9-0091/2022.

Bheadh an bhallóid ar oscailt go dtí 21.15.

D’fhógrófaí torthaí na vótála an lá dar gcionn, 17 Feabhra 2022 ag 08.30 (ítim 2 de mhiontuairiscí an 17.2.2022).

Rinneadh an vótáil.

An nuashonrú is déanaí: 24 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais