Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 5k
Dé Máirt, 1 Márta 2022 - Brussels

9. Ionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine (díospóireacht)
Tuarascálacha focal ar fhocal

Ráitis ón gComhairle Eorpach, ón gComhairle, ón gCoimisiún: Ionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2564(RSP))

Thug an tUachtarán ráiteas chun an díospóireacht a chur i láthair. Cháin sí go neamhbhalbh ionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus thug sí ómós d'fhrithbheartaíocht chróga na nÚcránach. Thacaigh sí leis na bearta smachtbhannaí gan fasach atá déanta. D'aithin sí peirspeictíocht Eorpach na hÚcráine agus dúirt sí gur díol sásaimh di a hiarratas ar theacht isteach san Aontas.

Chuir an tUachtarán fáilte, thar ceann na Parlaiminte, roimh Ambasadóir na hÚcráine chuig an Aontas Eorpach Vsevolod Chentsov agus roimh shaoránaigh de chuid na hÚcráine a bhí suite in áiléir na n-aíonna oirirce.

Chuir an tUachtarán fáilte roimh Volodymyr Zelensky (Uachtarán na hÚcráine) agus Rouslan Stefantchouk (Uachtarán Rada (Parlaimint na hÚcráine)) agus thug sí cuireadh dóibh labhairt go díreach ó Chív.

Thug Volodymyr Zelensky agus Rouslan Stefantchouk óráidí. Labhair siad faoi ionsaitheacht na Rúise agus frithbheartaíocht mhisniúil na nÚcránach ar son a luachanna, ceart agus saoirsí. Chuir siad béim ar mhian na hÚcráine teacht isteach san Aontas Eorpach go pras.

Charles Michel (Uachtarán na Comhairle Eorpaí), Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála), thar ceann na Comhairle, agus Ursula von der Leyen (Uachtarán an Choimisiúin) a rinne na ráitis.

Labhair na daoine seo a leanas: Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, Iratxe García Pérez, thar ceann an Ghrúpa S&D, Stéphane Séjourné, thar ceann an Ghrúpa Renew, Philippe Lamberts, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Marco Zanni, thar ceann an Ghrúpa ID, Ryszard Antoni Legutko, thar ceann an Ghrúpa ECR, Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus Kinga Gál, Feisire neamhcheangailte.

SA CHATHAOIR: Othmar KARAS
Leas-Uachtarán

Labhair na daoine seo a leanas: Rasa Juknevičienė, Pedro Marques, Petras Auštrevičius, Sergey Lagodinsky, Peter Kofod, Raffaele Fitto, Idoia Villanueva Ruiz, Fabio Massimo Castaldo, Michael Gahler, Tonino Picula, Nathalie Loiseau, Heidi Hautala, Jordan Bardella, Anna Fotyga, Manu Pineda, Kostas Papadakis, Andrius Kubilius, Sven Mikser, Malik Azmani, Yannick Jadot, Milan Uhrík, Arnaud Danjean, Brando Benifei agus Bernard Guetta.

(Lean an díospóireacht ar aghaidh: ítim 11 de mhiontuairiscí an 1.3.2022)

An nuashonrú is déanaí: 24 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais