Tuarascáil maidir leis an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (athmhúnlú) [COM(2021)0085 - C9-0085/2021- 2021/0045(COD)] - An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh. Rapóirtéir: Angelika Winzig (A9-0286/2021)
Angelika Winzig a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Andreas Schwab (rapóirtéir don tuairim ó Choiste IMCO).
Labhair Mairead McGuinness (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Robert Hajšel, thar ceann an Ghrúpa S&D, Izaskun Bilbao Barandica, thar ceann an Ghrúpa Renew, Jordi Solé, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Evžen Tošenovský, thar ceann an Ghrúpa ECR, Lina Gálvez Muñoz, Dita Charanzová agus Miapetra Kumpula-Natri.
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Mairead McGuinness agus Angelika Winzig.