Moladh don dara léamh maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar [13531/1/2021 - C9-0014/2022 - 2017/0113(COD)] - An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht. Rapóirtéir: Cláudia Monteiro de Aguiar (A9-0041/2022)
Cláudia Monteiro de Aguiar a chuir an moladh don dara léamh i láthair.
Labhair Virginijus Sinkevičius (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Ljudmila Novak, thar ceann an Ghrúpa PPE, Ismail Ertug, thar ceann an Ghrúpa S&D, Izaskun Bilbao Barandica, thar ceann an Ghrúpa Renew, Ciarán Cuffe, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Dorien Rookmaker, thar ceann an Ghrúpa ECR, João Pimenta Lopes, thar ceann an Ghrúpa The Left, Mario Furore, Feisire neamhcheangailte, Tomislav Sokol, Vera Tax agus Valter Flego.
Labhair na daoine seo a leanas: Virginijus Sinkevičius agus Cláudia Monteiro de Aguiar.