Tuarascáil ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030. [COM(2021)0571 - C9-0325/2021 - 2021/0202(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Cyrus Engerer (A9-0045/2022)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA CHUN DIÚLTÚ DON TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Diúltaithe
TOGRA ÓN gCOIMISIÚN agus LEASUITHE
Formheasta (P9_TA(2022)0101) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 1)
IARRAIDH AR THARCHUR AR AIS CHUIG COISTE
Glactha
Labhair na daoine seo a leanas:
Tar éis na vótála ar an togra ón gCoimisiún agus ar na leasuithe, Cyrus Engerer (rapóirtéir), chun iarraidh a dhéanamh go dtarchuirfí an t-ábhar ar ais chuig an gcoiste freagrach ar mhaithe le tús a chur le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, i gcomhréir le Riail 59(4).