Tá ceartúcháin ar vótaí agus intinní vótála ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte faoi ‘Torthaí na vótála le glaoch rolla’ mar iarscríbhinn a ghabhann le miontuairiscí an tsuí. Is mar eolas amháin atá siad agus níl aon éifeacht acu ar thoradh an vóta mar a fógraíodh sa suí iomlánach é.
Déanfar an doiciméad a nuashonrú go rialta sa choicís tar éis an pháirtseisiúin lena mbaineann.
Tar éis an dá sheachtain sin, cuirfear bailchríoch ar liosta na gceartúchán ar vótaí na n-intinní vótála ionas go bhféadfar é a aistriú agus a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.