13. Cinneadh chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas
Cinneadh chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas(Riail 54)
( Tar éis chinneadh Chomhdháil na nUachtarán an 2 Meitheamh 2022)
Coiste AFET
- An Comhbheartas Slándála agus Cosanta a chur chun feidhme – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2050(INI)) (tuairim: AFCO, FEMM)
- Cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh maidir leis an ábhar sin – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2049(INI)) (tuairim: FEMM)
- An comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme – tuarascáil bhliantúil 2022 (2022/2048(INI)) (tuairim: AFCO)
Coiste CULT
- An Clár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Caidreamh Cultúrtha Idirnáisiúnta a chur chun feidhme (2022/2047(INI)) (tuairim: AFET (Riail 57), DEVE)
Coiste BUDG
- Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a mhéadú: Buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua (2022/2046(INI)) (tuairim: AFET, DEVE, CONT, ITRE, TRAN, REGI, AGRI, CULT, AFCO)
Cinneadh chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas (Riail 85)
( Tar éis chinneadh Chomhdháil na nUachtarán an 2 Meitheamh 2022)
Coiste AFCO
- Tograí ó Pharlaimint na hEorpa chun na Conarthaí a leasú (2022/2051(INL)) (tuairim: AFET, BUDG, ECON, EMPL, ITRE, AGRI, LIBE, FEMM)