Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 5k
Dé Céadaoin, 6 Iúil 2022 - Strasbourg

26. Gníomhartha tarmligthe (Riail 111(2))

Dréachtghníomhartha tarmligthe a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint

- Rialachán Tarmlighte ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais theicniúla maidir le feithiclí a tháirgtear i sraitheanna neamhtheoranta, feithiclí a tháirgtear i sraitheanna beaga, feithiclí lán uathoibrithe a tháirgtear i sraitheanna beaga agus feithiclí sainchuspóireacha, agus a mhéid a bhaineann leis an nuashonrú bogearraí (C(2022)03823 - 2022/2732(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 20 Meitheamh 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: IMCO

- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir tacaíochta náisiúnta in earnáil na fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (C(2022)04237 - 2022/2738(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 27 Meitheamh 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI

- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le beatha neamhorgánach phróitéine a úsáid le haghaidh tógáil beostoic orgánaigh de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin (C(2022)04275 - 2022/2737(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 27 Meitheamh 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI

- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe a mhéid a bhaineann leis na dátaí tosaigh agus na tréimhsí a bhaineann le neamh-inghlacthacht iarratas ar thacaíocht (C(2022)04292 - 2022/2740(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 29 Meitheamh 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: PECH

- Treoir tharmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí áirithe a tharraingt siar i ndáil le táirgí tobac téite (C(2022)04367 - 2022/2739(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 29 Meitheamh 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI

- Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse thagartha (C(2022)04477 - 2022/2741(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 29 Meitheamh 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: TRAN

- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha maidir le bunú creata faireacháin agus meastóireachta (C(2022)04488 - 2022/2757(DEA))

Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 4 Iúil 2022

Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: IMCO

An nuashonrú is déanaí: 16 Samhain 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais