2. An géarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: An géarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2851(RSP))
Thug an tUachtarán ráiteas chun tús a chur leis an díospóireacht.
Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála), thar ceann na Comhairle, agus Ursula von der Leyen (Uachtarán an Choimisiúin) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, Iratxe García Pérez, thar ceann an Ghrúpa S&D, Petras Auštrevičius, thar ceann an Ghrúpa Renew, Sergey Lagodinsky, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Marco Zanni, thar ceann an Ghrúpa ID, Anna Fotyga, thar ceann an Ghrúpa ECR, Martin Schirdewan, thar ceann an Ghrúpa The Left, Jérôme Rivière, Feisire neamhcheangailte, Michael Gahler, Pedro Marques, Nathalie Loiseau, Jordi Solé, Nicolaus Fest, Witold Jan Waszczykowski, Manu Pineda, Miroslav Radačovský, Antonio Tajani, a luaigh go mbeidh sé ag imeacht ón bParlaimint, agus Marek Belka.
SA CHATHAOIR: Pedro SILVA PEREIRA Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Hilde Vautmans, Heidi Hautala, Jaak Madison, Veronika Vrecionová, Silvia Modig, Márton Gyöngyösi, Radosław Sikorski, Sven Mikser, Michal Šimečka, Bronis Ropė, Peter Kofod, Jacek Saryusz-Wolski, Kateřina Konečná, Francesca Donato, Siegfried Mureşan, Tonino Picula, Bernard Guetta, Viola von Cramon-Taubadel, Gilles Lebreton, Nicola Procaccini, Andrea Bocskor, Othmar Karas, Włodzimierz Cimoszewicz, Dacian Cioloş, Yannick Jadot agus Harald Vilimsky.
SA CHATHAOIR: Michal ŠIMEČKA Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Alexandr Vondra, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Dolors Montserrat, Heléne Fritzon, Ilhan Kyuchyuk, Jakop G. Dalunde, Dominik Tarczyński, Mislav Kolakušić, Andrey Kovatchev, Juozas Olekas, Róża Thun und Hohenstein, Piernicola Pedicini, Assita Kanko, Paulo Rangel, Miapetra Kumpula-Natri, Elsi Katainen, Ciarán Cuffe, Andrius Kubilius, Brando Benifei, Asger Christensen, Angelika Niebler, Marina Kaljurand, Nils Torvalds, Sandra Kalniete, Javier Moreno Sánchez, Bart Groothuis, Luděk Niedermayer, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Karlo Ressler, Dietmar Köster, Frances Fitzgerald, Francisco José Millán Mon, Traian Băsescu, Vladimír Bilčík agus Sunčana Glavak.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Eugen Tomac, Maria Grapini agus Georgios Kyrtsos.
Labhair na daoine seo a leanas: Maroš Šefčovič (Leas-Uachtarán an Choimisiúin) agus Mikuláš Bek.
Tairiscintí i gcomhar rúin a cuireadh síos, ar bhonn Riail 132(2) chun deireadh a chur leis an díospóireacht: fógraíodh níos déanaí iad.
Níor shuigh Dace Melbārde leis na Feisirí neamhcheangailte a thuilleadh agus bhí sí tagtha isteach sa Ghrúpa PPE amhail ón 5 Deireadh Fómhair 2022.
SA CHATHAOIR : Othmar KARAS Leas-Uachtarán
4. Am vótála
Tá torthaí mionsonraithe vótála (leasuithe, vótáil ar leithligh agus vótáil dheighilte, etc.) san iarscríbhinn 'Torthaí na Vótála' a ghabhann leis na miontuairiscí seo.
Tá torthaí na vótála le glaoch rolla, atá san iarscríbhinn a ghabhann leis na miontuairiscí seo, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
4.1. Staid na Romach atá ina gcónaí i lonnaíochtaí san Aontas Eorpach (vótáil)
Glactha (P9_TA(2022)0344) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 2)
4.3. Caidreamh straitéiseach agus comhpháirtíocht an Aontais le Corn na hAfraice (vótáil)
Tuarascáil ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa don Chomhairle, don Choimisiún, do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le caidreamh straitéiseach agus comhpháirtíocht an Aontais le Corn na hAfraice [2021/2206(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Fabio Massimo Castaldo (A9-0207/2022)
(Is gá tromlach simplí)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha (P9_TA(2022)0345) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 3)
4.4. Rochtain ar uisce mar cheart daonna – an ghné sheachtrach (vótáil)
Tuarascáil ar rochtain ar uisce mar cheart daonna – an ghné sheachtrach [2021/2187(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Miguel Urbán Crespo (A9-0231/2022)
(Is gá tromlach simplí)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha (P9_TA(2022)0346) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 4)
4.5. Freagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (vótáil)
6. Bolscaireacht fhrith-Eorpach agus fhrith-Úcráine chairde fabhair Eorpacha Putin a chomhrac (díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha)
Bolscaireacht fhrith-Eorpach agus fhrith-Úcráine chairde fabhair Eorpacha Putin a chomhrac(2022/2862(RSP))
Labhair Stéphane Séjourné chun tús a chur leis an díospóireacht a mhol an grúpa Renew.
Labhair na daoine seo a leanas: Mikuláš Bek (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Margaritis Schinas (Leas-Uachtarán an Choimisiúin).
Labhair Vladimír Bilčík, thar ceann an Ghrúpa PPE.
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Pierfrancesco Majorino, thar ceann an Ghrúpa S&D, Guy Verhofstadt, thar ceann an Ghrúpa Renew, Markéta Gregorová, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Gunnar Beck, thar ceann an Ghrúpa ID, Beata Szydło, thar ceann an Ghrúpa ECR, Manu Pineda, thar ceann an Ghrúpa The Left, Laura Ferrara, Feisire neamhcheangailte, Sandra Kalniete, Raphaël Glucksmann, Nathalie Loiseau, Thomas Waitz, Ivan David, Charlie Weimers, Clare Daly, Rasa Juknevičienė, Tonino Picula, Petras Auštrevičius, Viola von Cramon-Taubadel, Nicolaus Fest, Hermann Tertsch, Javier Zarzalejos, Pina Picierno, Bart Groothuis, Alexandra Geese, Joachim Stanisław Brudziński, Anna-Michelle Asimakopoulou, Marek Belka, Maite Pagazaurtundúa, Kim Van Sparrentak, Angel Dzhambazki, Paulo Rangel, Brando Benifei, Valérie Hayer, Niklas Nienaß, Zdzisław Krasnodębski, Traian Băsescu, Gabriele Bischoff, Dragoş Tudorache, Alexandr Vondra, Sunčana Glavak, Marina Kaljurand, Katalin Cseh, Patryk Jaki, Liudas Mažylis, Nils Ušakovs, Georgios Kyrtsos, Kosma Złotowski, Geoffroy Didier, Vlad-Marius Botoş, Karlo Ressler, Róża Thun und Hohenstein, Seán Kelly, Engin Eroglu, Miriam Lexmann, Karin Karlsbro, Michaela Šojdrová, Jordi Cañas, Inese Vaidere, Claudia Gamon agus Stanislav Polčák.
Labhair na daoine seo a leanas: Margaritis Schinas agus Mikuláš Bek.
SA CHATHAOIR: Heidi HAUTALA Leas-Uachtarán
Tugadh an díospóireacht chun críche.
7. Comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí
Bhí an tUachtarán curtha ar an eolas ag an ngrúpa ECR maidir leis an gcinneadh seo a leanas lena n-athraítear comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí:
An Coiste Speisialta um an Trasnaíocht Eachtrach ar na Próisis Dhaonlathacha Uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear Bréagaisnéis: Beata Szydło in ionad Ryszard Czarnecki
Tháinig an cinneadh i bhfeidhm amhail ón lá sin.
8. Aontachas na Rómáine agus na Bulgáire le limistéar Schengen (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Aontachas na Rómáine agus na Bulgáire le limistéar Schengen (2022/2852(RSP))
Mikuláš Bek (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Margaritis Schinas (Leas-Uachtarán an Choimisiúin) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, Iratxe García Pérez, thar ceann an Ghrúpa S&D, Sophia in 't Veld, thar ceann an Ghrúpa Renew, Tineke Strik, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Guido Reil, thar ceann an Ghrúpa ID (Mheabhraigh an tUachtarán forálacha Riail 10 don chainteoir), Angel Dzhambazki, thar ceann an Ghrúpa ECR, Clare Daly, thar ceann an Ghrúpa The Left, Balázs Hidvéghi, Feisire neamhcheangailte, Paulo Rangel, Gabriele Bischoff, Fabienne Keller, Jean-Paul Garraud, Cristian Terheş, Siegfried Mureşan, Dan Nica, Ilhan Kyuchyuk, Gunnar Beck, a thug freagra freisin ar cheist cárta ghoirm ó Vlad-Marius Botoş, Joachim Stanisław Brudziński, Andrey Kovatchev, Petar Vitanov, Dragoş Tudorache, Andrey Slabakov, Ioan-Rareş Bogdan, Rovana Plumb, Vlad-Marius Botoş, Andrey Novakov, Domènec Ruiz Devesa, Dacian Cioloş, Vasile Blaga, Łukasz Kohut, Nicolae Ştefănuță, Asim Ademov, Victor Negrescu agus Ramona Strugariu.
SA CHATHAOIR: Roberts ZĪLE Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Daniel Buda, Matjaž Nemec, Valter Flego, Radan Kanev, Maria Grapini, Lena Düpont, Tsvetelina Penkova, Karlo Ressler, Leszek Miller, Alexander Alexandrov Yordanov, Carmen Avram, Eugen Tomac, Ivo Hristov, Tomáš Zdechovský, Tudor Ciuhodaru, Sunčana Glavak agus Robert Hajšel.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Loránt Vincze, Tomislav Sokol agus Iuliu Winkler.
Labhair na daoine seo a leanas: Margaritis Schinas agus Mikuláš Bek.
Tairiscintí i gcomhar rún a bhí le cur síos ag tráth níos déanaí i gcomhréir le Riail 132(2) chun an díospóireacht a thabhairt chun críche: d'fhógrófaí níos déanaí iad.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
Vótáil: an chéad pháirtseisiún eile.
9. An toradh ar athbhreithniú an Choimisiúin ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (díospóireacht)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000029/2022 ó Bernd Lange, thar ceann Choiste INTA, ar an gCoimisiún: An toradh ar athbhreithniú an Choimisiúin ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (B9-0021/2022)
Bernd Lange a thairg an cheist.
Margaritis Schinas (Leas-Uachtarán an Choimisiúin) a d'fhreagair an cheist.
Labhair na daoine seo a leanas: Iuliu Winkler, thar ceann an Ghrúpa PPE, Inma Rodríguez-Piñero, thar ceann an Ghrúpa S&D, Marie-Pierre Vedrenne, thar ceann an Ghrúpa Renew, Saskia Bricmont, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Maximilian Krah, thar ceann an Ghrúpa ID, Geert Bourgeois, thar ceann an Ghrúpa ECR, Helmut Scholz, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ernő Schaller-Baross, Feisire neamhcheangailte, Jörgen Warborn, Udo Bullmann, Karin Karlsbro, Sara Matthieu, Roman Haider, Beata Kempa, Emmanuel Maurel, Enikő Győri, Anna-Michelle Asimakopoulou, a thug freagra ar cheist cárta ghoirm freisin ó Bogdan Rzońca, Kathleen Van Brempt, Jordi Cañas, Heidi Hautala, Seán Kelly, Raphaël Glucksmann agus Margarida Marques.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Maria Arena agus Billy Kelleher.
10. An staid dhaonnúil tar éis na dtuilte tubaisteacha sa Phacastáin agus an ghéarchéim aeráide (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: An staid dhaonnúil tar éis na dtuilte tubaisteacha sa Phacastáin agus an ghéarchéim aeráide (2022/2837(RSP))
Mikuláš Bek (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Janusz Wojciechowski (comhalta den Choimisiún) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Tomas Tobé, thar ceann an Ghrúpa PPE, agus Maria Arena, thar ceann an Ghrúpa S&D.
SA CHATHAOIR: Othmar KARAS Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Petras Auštrevičius, thar ceann an Ghrúpa Renew, Caroline Roose, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Hervé Juvin, thar ceann an Ghrúpa ID, Nicola Procaccini, thar ceann an Ghrúpa ECR, Younous Omarjee, thar ceann an Ghrúpa The Left, Peter van Dalen, a thug freagra freisin ar cheist cárta ghoirm ó Mick Wallace, Isabel Santos, Jordi Solé, Maximilian Krah, Miguel Urbán Crespo, Seán Kelly, Mónica Silvana González, Pär Holmgren, Marina Mesure, Janina Ochojska, Leszek Miller, Ciarán Cuffe agus Mick Wallace.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Fabio Massimo Castaldo agus Clare Daly.
Labhair na daoine seo a leanas: Janusz Wojciechowski agus Mikuláš Bek.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
11. Díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (díospóireacht)
Chuir Antonio López-Istúriz White, Nacho Sánchez Amor, Petras Auštrevičius, Caroline Roose agus Marisa Matias na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Seán Kelly, thar ceann an Ghrúpa PPE, Hannes Heide, thar ceann an Ghrúpa S&D, Stéphane Bijoux, thar ceann an Ghrúpa Renew, Ivan Vilibor Sinčić, Feisire neamhcheangailte, Krzysztof Hetman, Andrea Cozzolino, Max Orville agus Stanislav Polčák.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Clare Daly, Juozas Olekas agus Mick Wallace.
Labhair Janusz Wojciechowski (comhalta den Choimisiún).
Chuir Loránt Vincze, Karsten Lucke, Georgios Kyrtsos, Heidi Hautala, Anna Fotyga agus Miguel Urbán Crespo na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
Labhair Stanislav Polčák, thar ceann an Ghrúpa PPE.
SA CHATHAOIR: Michal ŠIMEČKA Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Marianne Vind, thar ceann an Ghrúpa S&D, Svenja Hahn, thar ceann an Ghrúpa Renew, Fabio Massimo Castaldo, Feisire neamhcheangailte agus Jordi Cañas.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Clare Daly.
Labhair Janusz Wojciechowski (comhalta den Choimisiún).
(Díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta ar lean: ítim 13 de mhiontuairiscí an 5.10.2022)
12. Comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí
Bhí an tUachtarán curtha ar an eolas ag an ngrúpa PPE maidir leis an gcinneadh seo a leanas lena n-athraítear comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí:
Coiste AFCO: Salvatore De Meo in ionad Antonio Tajani
Tháinig an cinneadh i bhfeidhm amhail ón lá sin.
13. Díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (díospóireacht ar lean)
(Cuireadh tús leis an díospóireacht ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta: ítim 11 de mhiontuairiscí an 5.10.2022)
13.1. Staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí
Chuir Michaela Šojdrová, Maria Arena, Jan-Christoph Oetjen, Katrin Langensiepen agus Mick Wallace na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Stanislav Polčák, thar ceann an Ghrúpa PPE, Carlos Zorrinho, thar ceann an Ghrúpa S&D, María Soraya Rodríguez Ramos, thar ceann an Ghrúpa Renew, Malte Gallée, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Patricia Chagnon, thar ceann an Ghrúpa ID, Fabio Massimo Castaldo, Udo Bullmann agus Samira Rafaela, Fabio Massimo Castaldo, Udo Bullmann agus Samira Rafaela.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Juozas Olekas agus Clare Daly.
Labhair Janusz Wojciechowski (comhalta den Choimisiún).
14. An scannal maidir le sochar cúraim leanaí na hÍsiltíre, ciníochas institiúideach agus algartaim (díospóireacht)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000028/2022 ó Samira Rafaela, Monica Semedo, Pierrette Herzberger-Fofana, Cornelia Ernst, Evin Incir, Mónica Silvana González, Damien Carême, Kim Van Sparrentak, Sira Rego, Manu Pineda, Karen Melchior, Sergey Lagodinsky, Mohammed Chahim, Sophia in 't Veld, Erik Marquardt, Anna Júlia Donáth, Nora Mebarek, Eric Andrieu, Lara Wolters, Agnes Jongerius, Diana Riba i Giner, Thijs Reuten, Milan Brglez, Elisabetta Gualmini, Svenja Hahn, Gwendoline Delbos-Corfield, Fabio Massimo Castaldo, Katalin Cseh, José Gusmão, Marisa Matias, Marc Angel, Peter Pollák, Ernest Urtasun, Delara Burkhardt agus Isabel Carvalhais, ar an gCoimisiún: An scannal maidir le sochar cúraim leanaí na hÍsiltíre, ciníochas institiúideach agus algartaim (B9-0025/2022)
Samira Rafaela a thairg an cheist.
Helena Dalli (comhalta den Choimisiún) a d'fhreagair an cheist.
Labhair na daoine seo a leanas: Peter Pollák, thar ceann an Ghrúpa PPE, Agnes Jongerius, thar ceann an Ghrúpa S&D, Salima Yenbou, thar ceann an Ghrúpa Renew, Kim Van Sparrentak, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Patricia Chagnon, thar ceann an Ghrúpa ID, Michiel Hoogeveen, thar ceann an Ghrúpa ECR, Anja Hazekamp, thar ceann an Ghrúpa The Left, Stanislav Polčák, Evin Incir, Saskia Bricmont, Eugenia Rodríguez Palop, Alexandra Geese, Romeo Franz agus Pierrette Herzberger-Fofana.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Malik Azmani agus Bert-Jan Ruissen.
Labhair Helena Dalli.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
15. Mínithe ar an vótáil
Mínithe ó bhéal ar an vótáil
Tuarascáil Miguel Urbán Crespo - A9-0231/2022 Chris MacManus
Freagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip - RC-B9-0416/2022 Billy Kelleher, Manon Aubry, Miriam Lexmann agus Chris MacManus
Mínithe i scríbhinn ar an vótáil
Beidh mínithe ar an vótáil a cuireadh isteach i scríbhinn faoi Riail 194 de na Rialacha Nós Imeachta le feiceáil ar leathanaigh na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
16. Miontuairiscí an tsuí seo agus clár oibre an chéad suí eile a fhormheas
I gcomhréir le Riail 202 (3), chuirfí miontuairiscí an tsuí faoi bhráid na Parlaiminte lena bhformheas ag tús iarnóin an chéad suí eile.
Rinneadh clár oibre shuí an lae dár gcionn a bhunú (‘Clár Oibre’PE 736.182/OJ).
17. Críoch an tsuí
Críochnaíodh an suí ar 21.06.
Klaus Welle
Rainer Wieland
Ard-Rúnaí
Leas-Uachtarán
LIOSTA NA nDOICIMÉAD ARB IAD IS BONN DO DHÍOSPÓIREACHTAÍ AGUS DO CHINNTÍ NA PARLAIMINTE
1. An toradh ar athbhreithniú an Choimisiúin ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (tairiscintí i gcomhair rún arna gcur síos)
Tairiscint i gcomhair rún chun an díospóireacht a cuireadh síos faoi Riail 136(5) a thabhairt chun críche:
- Bernd Lange, thar ceann Choiste INTA, ar an toradh ar athbhreithniú an Choimisiúin ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (2022/2692(RSP)) (B9-0415/2022).
2. Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (fógraí maidir le tairiscintí i gcomhair rún a cuireadh síos)
I gcomhréir le Riail 144, bhí sé iarrtha ag na Feisirí nó grúpaí polaitiúla seo a leanas go dtionólfaí díospóireacht den chineál sin ar na tairiscintí seo a leanas i gcomhair rún:
I. Staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge (2022/2856(RSP))
- Marisa Matiasthar ceann an Ghrúpa The Left, ar staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge(B9-0427/2022);
- Caroline Roose, Francisco Guerreiro, Ignazio Corrao, Pierrette Herzberger-Fofana, Jordi Solé, Hannah Neumann, Bronis Ropė agus Rosa D'Amato, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, ar staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge (B9-0449/2022);
- Pedro Marques, Andrea Cozzolino agus Nacho Sánchez Amor, thar ceann an Ghrúpa S&D, ar staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge (B9-0450/2022);
- Petras Auštrevičius, Malik Azmani, Nicola Beer, Stéphane Bijoux, Izaskun Bilbao Barandica, Dita Charanzová, Olivier Chastel, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Svenja Hahn, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Karen Melchior, Max Orville, Dragoș Pîslaru, Soraya Rodríguez, Frédérique Ries, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragos Tudorache agus Hilde Vautmans, thar ceann an Ghrúpa Renew, ar staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge (B9-0451/2022);
- Željana Zovko, Sara Skyttedal, David McAllister, Isabel Wiseler Lima, Peter Pollák, Janina Ochojska, Stanislav Polčák, Elżbieta Łukacijewska, Miriam Lexmann, Tomáš Zdechovský, Adam Jarubas, Inese Vaidere, Michaela Šojdrová, Seán Kelly, Andrey Kovatchev, David Lega, Vangelis Meimarakis, Antonio López-Istúriz White, Paulo Rangel, José Manuel Fernandes, Christian Sagartz, Ivan Štefanec, Magdalena Adamowicz, Luděk Niedermayer, Stelios Kympouropoulos, Loukas Fourlas, Krzysztof Hetman, Michael Gahler agus Vladimír Bilčík, thar ceann an Ghrúpa PPE, ar staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge (B9-0452/2022);
- Raffaele Fitto, Anna Fotyga, Karol Karski, Jadwiga Wiśniewska, Eugen Jurzyca, Assita Kanko, Bogdan Rzońca, Ladislav Ilčić, Adam Bielan, Patryk Jaki, Valdemar Tomaševski, Witold Jan Waszczykowski, Elżbieta Rafalska, Beata Kempa, Ryszard Czarnecki, Carlo Fidanza, Nicola Procaccini agus Alexandr Vondra, thar ceann an Ghrúpa ECR, ar staid chearta an duine i Háítí go háirithe a mhéid a bhaineann le foréigean droinge (B9-0453/2022).
II. An chniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Aye (2022/2857(RSP))
- Miguel Urbán Crespo, thar ceann an Ghrúpa The Left, ar an gcniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Nyein Aye (B9-0428/2022);
- Heidi Hautala, Bronis Ropė, Viola von Cramon Taubadel, Alviina Alametsä, Jordi Solé, Hannah Neumann, Ignazio Corrao agus Francisco Guerreiro, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, ar an gcniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Nyein Aye (B9-0431/2022);
- Pedro Marques, Andrea Cozzolino, Karsten Lucke agus Marianne Vind, thar ceann an Ghrúpa S&D, ar an gcniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Nyein Aye (B9-0447/2022);
- Georgios Kyrtsos, Petras Auštrevičius, Malik Azmani, Nicola Beer, Izaskun Bilbao Barandica, Dita Charanzová, Olivier Chastel, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Svenja Hahn, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Karen Melchior, Urmas Paet, Dragoş Pîslaru, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Michal Šimečka, Nicolae Ştefănuță, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache agus Hilde Vautmans, thar ceann an Ghrúpa Renew, ar an gcniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Nyein Aye (B9-0448/2022);
- Željana Zovko, Loránt Vincze, Isabel Wiseler Lima, Peter Pollák, Janina Ochojska, Stanislav Polčák, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Miriam Lexmann, Tomáš Zdechovský, Adam Jarubas, Inese Vaidere, Michaela Šojdrová, Seán Kelly, Andrey Kovatchev, David Lega, Vangelis Meimarakis, Antonio López Istúriz White, Paulo Rangel, Tom Vandenkendelaere, José Manuel Fernandes, Christian Sagartz, Ivan Štefanec, Magdalena Adamowicz, Luděk Niedermayer, Stelios Kympouropoulos, Loucas Fourlas, Krzysztof Hetman, Michael Gahler, Vladimír Bilčík, Sandra Kalniete agus David McAllister, thar ceann an Ghrúpa PPE, ar an gcniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Nyein Aye (B9-0456/2022);
- Raffaele Fitto, Anna Fotyga, Karol Karski, Assita Kanko, Tomasz Piotr Poręba, Adam Bielan, Witold Jan Waszczykowski, Beata Kempa, Ladislav Ilčić, Patryk Jaki, Jadwiga Wiśniewska, Veronika Vrecionová, Alexandr Vondra, Nicola Procaccini, Bogdan Rzońca, Ryszard Czarnecki agus Elżbieta Rafalska, thar ceann an Ghrúpa ECR, ar an gcniogbheartaíocht ar shaoirse na Meán i Maenmar, go háirithe cásanna Htet Htet Khine, Sithu Aung Myint agus Nyein Nyein Aye (B9-0457/2022).
III. Staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (2022/2858(RSP))
- Mick Wallace, thar ceann an Ghrúpa The Left, ar staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (B9-0424/2022);
- Francisco Guerreiro, Katrin Langensiepen, Jordi Solé, Hannah Neumann, Alviina Alametsä, Bronis Ropė, Ignazio Corrao agus Rosa D'Amato, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, ar staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (B9-0429/2022);
- Pedro Marques, Andrea Cozzolino agus Maria Arena, thar ceann an Ghrúpa S&D, ar staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (B9-0437/2022);
- Jan Christoph Oetjen, Nicola Beer, Izaskun Bilbao Barandica, Dita Charanzová, Olivier Chastel, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Svenja Hahn, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Karen Melchior, Dragoş Pîslaru, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Michal Šimečka, Nicolae Ştefănuță, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache agus Hilde Vautmans, thar ceann an Ghrúpa Renew, ar staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (B9-0441/2022);
- Željana Zovko, Sara Skyttedal, Isabel Wiseler Lima, Peter Pollák, Janina Ochojska, Stanislav Polčák, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Miriam Lexmann, Tomáš Zdechovský, Adam Jarubas, Inese Vaidere, Michaela Šojdrová, Seán Kelly, Andrey Kovatchev, David Lega, Vangelis Meimarakis, Antonio López Istúriz White, Paulo Rangel, José Manuel Fernandes, Tom Vandenkendelaere, Christian Sagartz, Ivan Štefanec, Magdalena Adamowicz, Luděk Niedermayer, Stelios Kympouropoulos, Loucas Fourlas, Krzysztof Hetman, Michael Gahler, Vladimír Bilčík, Loránt Vincze agus György Hölvényi, thar ceann an Ghrúpa PPE, ar staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (B9-0444/2022);
- Anna Fotyga, Karol Karski, Assita Kanko, Beata Mazurek, Eugen Jurzyca, Bogdan Rzońca, Adam Bielan, Valdemar Tomaševski, Witold Jan Waszczykowski, Elżbieta Rafalska, Patryk Jaki, Ryszard Czarnecki, Carlo Fidanza agus Jadwiga Wiśniewska, thar ceann an Ghrúpa ECR, ar staid chearta an duine agus an staid dhaonnúil le déanaí in Tigray, an Aetóip, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí (B9-0455/2022).
Dhéanfaí an t-am labhartha a leithdháileadh i gcomhréir le Riail 171.
3. Freagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (tairiscintí i gcomhair rúinaguscomhthairiscintí i gcomhair rún a cuireadh síos)
Tairiscintí i gcomhair rúin curtha síos i gcomhréir le Riail 132(2) chun an díospóireacht a thabhairt chun críche:
- Christian Ehler agus Markus Ferber, thar ceann an Ghrúpa PPE ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0416/2022);
- Zdzisław Krasnodębski, thar ceann an Ghrúpa ECR, ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0417/2022);
- Paolo Borchia, Jean-Paul Garraud, Thierry Mariani, Nicolaus Fest, Markus Buchheit agus Gerolf Annemans, thar ceann an Ghrúpa ID, ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0418/2022);
- Sira Rego agus José Gusmão, thar ceann an Ghrúpa The Left, ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0419/2022);
- Mohammed Chahim agus Dan Nica, thar ceann an Ghrúpa S&D, ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0420/2022);
- Marie Toussaint, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0421/2022);
- Martina Dlabajová agus Stéphanie Yon-Courtin, thar ceann an Ghrúpa Renew, ar fhreagairt AE ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip (2022/2830(RSP)) (B9-0422/2022).
- Christian Ehler agus Markus Ferber, thar ceann an Ghrúpa PPE;
- Mohammed Chahim agus Dan Nica, thar ceann an Ghrúpa S&D;
- Martina Dlabajová agus Stéphanie Yon-Courtin, thar ceann an Ghrúpa Renew.
4. Bearta chur chun feidhme(Riail 112)
Dréachtbhearta cur chun feidhme a thagann faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear, chun críoch a hoiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (D081969/02 - 2022/2860(RPS) - teorainn ama: 28 Nollaig 2022) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI tuairim: ITRE (Riail 57), IMCO (Riail 57)
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um chineálcheadú astaíochtaí le haghaidh feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (D082562/03 - 2022/2835(RPS) - teorainn ama: 13 Nollaig 2022) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI tuairim: IMCO (Riail 57)
5. Gníomhartha tarmligthe (Riail 111(2))
Dréachtghníomhartha tarmligthe a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh suirbhéanna ar lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus lena n-aisghairtear Treoir 92/70/CEE ón gCoimisiún (C(2022)06499 - 2022/2838(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 14 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI
- Treoir Tharmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hoiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil (C(2022)06601 - 2022/2844(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 20 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: TRAN
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a mhéid a bhaineann le nuashonrú 2022 ar an Tacsanomaíocht lena sonraítear an fhormáid tuairiscithe leictreonach aonair (C(2022)06634 - 2022/2859(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 3 mhí ón dáta fála an 21 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: JURI, tuairim: ECON (Riail 57)
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dramhaíl mhearcair i bhfoirm leachtach a stóráil go sealadach (C(2022)06696 - 2022/2846(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 23 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí éan i mbraighdeanas a bheartaítear le haghaidh taispeántas laistigh den Aontas (C(2022)06702 - 2022/2847(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 23 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI, tuairim: ENVI (Riail 57)
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an leibhéal uasta tacaíochta i gcás torthaí agus glasraí a aistarraingítear ón margadh lena ndáileadh saor in aisce (C(2022)06763 - 2022/2845(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 26 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú a dhéanamh ar líon agus teideal na n-athróg ocht mbliana i réimse an lucht saothair a bhaineann le daoine óga i margadh an tsaothair, leibhéal an oideachais — sonraí, lena n-áirítear briseadh nó tréigean an oideachaos agus réiteach idir saol na hoibre agus saol an teaghlaigh (C(2022)06854 - 2022/2864(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 30 Meán Fómhair 2022
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: EMPL
6. Doiciméid a fuarthas
Fuarthas na doiciméid seo a leanas:
- Togra maidir le haistriú leithreasuithe INF 2/2022 – Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (N9-0050/2022 - C9-0312/2022 - 2022/2144(GBD)) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: BUDG
- Togra maidir le haistriú leithreasuithe No. 1/2022 - Roinn IX - an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (N9-0052/2022 - C9-0319/2022 - 2022/2156(GBD)) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: BUDG