13. Cearta toghcháin shaoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa * - Cearta toghcháin shaoránaigh shoghluaiste de chuid an Aontais i dtoghcháin bhardasacha * (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann le cearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú) [COM(2021)0732 - C9-0021/2022 - 2021/0372(CNS)] - An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla. Rapóirtéir: Damian Boeselager (A9-0297/2022)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leagtar síos socruithe sonracha a bhaineann le cearta chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (athmhúnlú) [COM(2021)0733 - C9-0022/2022 - 2021/0373(CNS)] - An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Rapóirtéir: Joachim Stanisław Brudziński (A9-0005/2023)
Damian Boeselager agus Joachim Stanisław Brudziński a chuir na tuarascálacha i láthair.
Labhair Věra Jourová (Leas-Uachtarán an Choimisiúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Domènec Ruiz Devesa (rapóirtéir don tuairim ó Choiste LIBE), Alin Mituța (rapóirtéir don tuairim ó Choiste AFCO), Paulo Rangel, thar ceann an Ghrúpa PPE, Gabriele Bischoff, thar ceann an Ghrúpa S&D, Yana Toom, thar ceann an Ghrúpa Renew, François Alfonsi, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Patricia Chagnon, thar ceann an Ghrúpa ID, Leila Chaibi, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ivan Vilibor Sinčić, Feisire neamhcheangailte, Loránt Vincze, Pedro Silva Pereira, Sandro Gozi, Salvatore De Meo agus Lukas Mandl.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Stelios Kympouropoulos, Juan Fernando López Aguilar, Juozas Olekas, Clare Daly agus Mick Wallace.
Labhair na daoine seo a leanas: Věra Jourová, Damian Boeselager agus Joachim Stanisław Brudziński.