Cuireadh ar fáil d’Fheisirí an dréachtchlár oibre críochnaitheach do shuíonna Mhárta I 2023 (PE 744.002/PDOJ)i gcomhréir le Riail 157(3).
Tograí le haghaidh leasuithe ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach, i gcomhréir le Riail 158(1):
Le comhaontú na ngrúpaí polaitiúla:
Dé Luain
Tar éis agóid ó ghrúpa polaitiúil de bhun Riail 118(6), rinneadh an díospóireacht ar thuarascáil Urmas Paet (A9-0045/2023) ar 'Feidhmiú SEGS agus seasamh an Aontais ar an leibhéal domhanda a neartú' (dréachtchlár oibre críochnaitheach, ítim 62) a chur mar phointe deireanach ar an gclár oibre. Mar thoradh air sin, dhéanfaí an suí a fhadú 23.00.
Bhí na sprioclaethanta seo a leanas socraithe:
- leasuithe: Dé Máirt an 14 Márta 2023 ar 12.00 - iarrataí ar vótáil ar leithligh agus iarrataí ar vótáil dheighilte: Dé Máirt an 14 Márta 2023 ar 19.00.
Dé Máirt
Cuireadh an vótáil ar thuarascáil Lena Düpont (A9-0247/2022) maidir le 'Malartú faisnéise i bhforfheidhmiú an dlí' (dréachtchlár oibre críochnaitheach, ítim 22) a chur siar go Dé Céadaoin.
Rinneadh teideal na díospóireachta ar ráiteas Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar 'Adoption prévue de la loi sur l'influence étrangère en Géorgie' (níl an teideal seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair) (dréachtchlár oibre críochnaitheach, ítim 76) a athrú go "An staid sa tSeoirsia".
Rinneadh teideal na comhdhíospóireachta 'Brexit' a athrú go 'An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe'.
Dé Céadaoin
Rinneadh teideal na díospóireachta ar na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún ar 'Ullmhú chruinniú na Comhairle Eorpaí an 23-24 Márta 2023' (dréáchtchlár oibre críochnaitheach, ítim 49) a athrú go 'Conclúidí ó chruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí an 9 Feabhra agus ullmhú chruinniú na Comhairle Eorpaí an 23-24 Márta 2023'.
Thabharfaí an díospóireacht at an gceist ó bhéal ar 'An t-idirdhealú a chomhrac san Aontas - an Treoir Chothrománach i gcoinne an Idirdhealaithe a bhfuiltear ag súil le fada léi' (dréachtchlár oibre críochnaitheach, ítim 80) le tairisicintí i gcomhair rúin a chur síos, a ndéanfaí vótáil orthu le lenn pháirtseisiún mhí Aibreáin.
D’aontaigh an Pharlaimint leis na tograí.
Tograí eile ar leasuithe:
Dé Céadaoin
Iarraidh ón nGrúpa PPE go ndéanfaí ráiteas ón gCoimisiún ar 'Teip an Bhainc Silicon Valley agus na himpleachtaí don chobhsaíocht airgeadais san Eoraip' a chur isteach mar dhara pointe ar an gclár oibre don tráthnóna.
Labhair Markus Ferber, thar ceann an Ghrúpa PPE, a thug cúiseanna don iarraidh.
D’fhormheas an Pharlaimint an iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (373 i bhfabhar, 6 i gcoinne, 5 staonadh).
Iarraidh ón nGrúpa Renew go ndéanfaí na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún ar 'Cosaint an Aontais a neartú i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin: dlús a chur le táirgeadh agus le seachadadh arm agus armlón chun na hÚcráine' a chur isteach mar dhara pointe ar an gclár oibre don tráthnóna.
LabhairNathalie Loiseau, thar ceann an Ghrúpa Renew, a thug cúiseanna don iarraidh.
D’fhormheas an Pharlaimint an iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (315 i bhfabhar, 41 i gcoinne, 20 staonadh).
Iarraidh ón nGrúpa ID go ndéanfaí ráiteas ón gCoimisiún ar 'L'indispensable remise en cause de la décision d'interdire, d'ici 2035, la vente de véhicules neufs à moteur thermique dans l'UE' (níl an teideal seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair) a cur isteach mar dhara pointe ar an gclár oibre don tráthnóna.
Labhair na daoine seo a leanas: Jean-Lin Lacapelle, thar ceann an Ghrúpa ID, a thug cúiseanna leis an iarraidh agus Jens Gieseke a thug cúiseanna ina coinne.
Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (73 i bhfabhar, 295 i gcoinne, 7 staonadh).
⁂
Labhair Yannick Jadot.
⁂
Iarraidh ón nGrúpa The Left go ndéanfaí ráiteas ón gCoimisiún ar 'An gá atá le hathchóiriú láithreach a dhéanamh ar rialacha inmheánacha an Choimisiúin chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i bhfianaise coinbhleachtaí leasa líomhnaithe'a chur isteach mar thríú pointe ar an gclár oibre don tráthnóna.
Iarraidh ón nGrúpa Verts/ALE go ndúnfaí an díospóireacht chéanna le tairisicintí i gcomhair rúin a chur síos a ndéanfaí vótáil orthu le linn pháirtseisiún Mhárta II.
Labhair na daoine seo a leanas: Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus Daniel Freund, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, chun iarrataí a ngrúpaí faoi seach a chur in iúl.
Labhair Stéphane Séjourné, thar ceann an Ghrúpa Renew, i gcoinne iarraidh an Ghrúpa Verts/ALE.
Trí VGR (354 i bhfabhar, 15 i gcoinne, 6 staonadh), d'fhormheas an Pharlaimint an iarraidh ón nGrúpa The Left.
Trí VGR (167 i bhfabhar, 194 i gcoinne, 9 staonadh), dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh ón nGrúpa Verts/ALE.
Iarraidh ón nGrúpa ECR maidir le teideal na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún ar 'Gníomhaíochas na mban - cosantóirí chearta an duine a bhaineann le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) a leasú (dréachthlár oibre críochnaitheach, ítim 59) go 'Militarisme des femmes, lié à la santé sexuelle et reproductive, dans le contexte des droits humains' (níl an teideal seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair).
LabhairMargarita de la Pisa Carrión, thar ceann an Ghrúpa ECR, a thug cúiseanna don iarraidh.
Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (157 i bhfabhar, 210 i gcoinne, 7 staonadh).
Iarraidh ón nGrúpa ECR go ndéanfaí ráiteas ón gCoimisiún ar 'Affaire de corruption scandaleuse dans l'utilisation abusive de fonds de l'UE par des députés du PSOE en vue de la réduction des sanctions pour détournement de fonds publics en Espagne' (níl an teideal seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair) a chur isteach mar ochtú pointe ar an gclár oibre don tráthnóna.
Labhair Margarita de la Pisa Carrión, thar ceann an Ghrúpa ECR, a thug cúiseanna don iarraidh.
Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (166 i bhfabhar, 204 i gcoinne, 3 staonadh).