15. Laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill) ***I - Úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) ***I - Athbhreithniú ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh do Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ***I (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh [COM(2021)0555 - C9-0321/2021 - 2021/0200(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Jessica Polfjärd (A9-0163/2022)
Bhí vótáil thosaigh déanta ar an 8 Meitheamh 2022 agus bhí an t-ábhar tarchurtha ar ais chuig an gcoiste freagrach, i gcomhréir le Riail 59(4) (ítim 8.6 de mhiontuairiscí an 8.6.2022).
Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena Leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú [COM(2021)0554 - C9-0320/2021 - 2021/0201(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Ville Niinistö (A9-0161/2022)
Bhí vótáil thosaigh déanta ar an 8 Meitheamh 2022 agus bhí an t-ábhar tarchurtha ar ais chuig an gcoiste freagrach, i gcomhréir le Riail 59(4) (ítim 16.2 de mhiontuairiscí an 8.6.2022).
Tuarascáil ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 [COM(2021)0571 - C9-0325/2021 - 2021/0202(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Cyrus Engerer (A9-0045/2022)
Bhí vótáil thosaigh déanta ar an 5 Aibreán 2022 agus bhí an t-ábhar tarchurtha ar ais chuig an gcoiste freagrach, i gcomhréir le Riail 59(4) (ítim 7.6 de mhiontuairiscí an 5.4.2022).
Chuir Jessica Polfjärd, Ville Niinistö agus Cyrus Engerer na tuarascálacha i láthair.
Labhair Norbert Lins (rapóirtéir don tuairim ó Choiste AGRI).
Labhair Frans Timmermans (Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Henna Virkkunen (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ITRE), Mauri Pekkarinen (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ITRE), Angel Dzhambazki (rapóirtéir don tuairim ó Choiste TRAN), Vlad-Marius Botoş (rapóirtéir don tuairim ó Choiste REGI), Peter Liese, thar ceann an Ghrúpa PPE, Javi López, thar ceann an Ghrúpa S&D, Nils Torvalds, thar ceann an Ghrúpa Renew, Margrete Auken, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Zalewska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Silvia Sardone, thar ceann an Ghrúpa ID, Silvia Modig, thar ceann an Ghrúpa The Left, Edina Tóth, Feisire neamhcheangailte, Radan Kanev, Delara Burkhardt, a dhiúltaigh d'óráid chárta ghoirm ó Bogdan Rzońca, Martin Hojsík, a thug freagra, thairis sin, ar óráid chárta ghoirm ó Bogdan Rzońca, Michael Bloss, Bert-Jan Ruissen, Catherine Griset, Marina Mesure, Maria Angela Danzì, Cristian-Silviu Buşoi, Heléne Fritzon, Emma Wiesner, Nicolae Ştefănuță, Zbigniew Kuźmiuk, Laura Huhtasaari agus João Pimenta Lopes.
SA CHATHAOIR: Marc ANGEL Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Achille Variati, Elsi Katainen, Pär Holmgren, Ivan David, Bas Eickhout agus Thomas Waitz.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Mick Wallace agus Clare Daly.
Labhair na daoine seo a leanas: Frans Timmermans, Jessica Polfjärd agus Ville Niinistö.