I gcomhréir le hAirteagal 229(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, osclaíodh seisiún 2023-2024 de Pharlaimint na hEorpa.
2. Oscailt an tsuí
Osclaíodh an suí ar 09.01.
3. An Gníomh um Shonraí ***I (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí) [COM(2022)0068 - C9-0051/2022 - 2022/0047(COD)] - An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh. Rapóirtéir: Pilar del Castillo Vera (A9-0031/2023)
Pilar del Castillo Vera a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Ibán García Del Blanco (rapóirtéir don tuairim ó Choiste JURI), Sergey Lagodinsky (rapóirtéir don tuairim ó Choiste LIBE) agus Adam Bielan (rapóirtéir don tuairim ó Choiste IMCO).
Labhair Thierry Breton (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Christian Ehler, thar ceann an Ghrúpa PPE, Dan Nica, thar ceann an Ghrúpa S&D, Alin Mituța, thar ceann an Ghrúpa Renew, Damian Boeselager, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Margarita de la Pisa Carrión, thar ceann an Ghrúpa ECR, Marie Dauchy, thar ceann an Ghrúpa ID, Elena Kountoura, thar ceann an Ghrúpa The Left, Francesca Donato, Feisire neamhcheangailte, Maria da Graça Carvalho, Marina Kaljurand, Karen Melchior, Alexandra Geese, Geert Bourgeois, Emmanuel Maurel, Edina Tóth, Angelika Niebler, Miapetra Kumpula-Natri, Christophe Grudler, Kim Van Sparrentak, Cristian Terheş, a thug freagra, thairis sin, ar óráid chárta ghoirm ó Karen Melchior, Sandra Pereira, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Ivan Štefanec, Tsvetelina Penkova, Kosma Złotowski, Pablo Arias Echeverría, Patrizia Toia, Henna Virkkunen agus Carlos Zorrinho.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sunčana Glavak agus Seán Kelly.
Labhair na daoine seo a leanas: Thierry Breton agus Pilar del Castillo Vera.
5. Is í seo an Eoraip - Díospóireacht le hUachtarán na Liotuáine, Gitanas Nausėda (díospóireacht)
Is í seo an Eoraip - Díospóireacht le hUachtarán na Liotuáine, Gitanas Nausėda (2023/2567(RSP))
an tUachtarán a rinne ráiteas tosaigh
Labhair Gitanas Nausėda (Uachtarán na Liotuáine).
Labhair na daoine seo a leanas: Andrius Kubilius, thar ceann an Ghrúpa PPE, Vilija Blinkevičiūtė, thar ceann an Ghrúpa S&D, Jordi Cañas, thar ceann an Ghrúpa Renew, Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Waldemar Tomaszewski, thar ceann an Ghrúpa ECR, Jaak Madison, thar ceann an Ghrúpa ID, Dimitrios Papadimoulis, thar ceann an Ghrúpa The Left, Nicolas Bay, Feisire neamhcheangailte, Paulo Rangel, Domènec Ruiz Devesa, Marie-Pierre Vedrenne, Bronis Ropė, Ryszard Czarnecki, João Pimenta Lopes, Sven Simon, Leszek Miller, Tineke Strik, Karlo Ressler, Isabel Santos agus Juozas Olekas.
Labhair Gitanas Nausėda.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
(Cuireadh an suí ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.)
6. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 12.12.
⁂
Labhair Markus Buchheit roimh an vóta chun tairisicnt a chur síos á iarraidh go ndéanfaí an tuarascáil ó Ciarán Cuffe (A9-0033/2023) a tharchur ar ais chuig an gcoiste (d'fhreagair an tUachtarán go bpléifí leis an ábhar tráth na vótála air).
7. Am vótála
Tá torthaí mionsonraithe vótála (leasuithe, vótáil ar leithligh agus vótáil dheighilte, etc.) san iarscríbhinn 'Torthaí na Vótála' agus tá torthaí na vótála le glaoch rolla san iarscríbhinn ‘Torthaí na Vótála le Glaoch Rolla’. Foilsítear na hiarscríbhinní sin leis na miontuairiscí seo agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
7.1. Iarraidh ar dhíolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh(vótáil)
Tuarascáil maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh [2022/2019(IMM)] - An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla. Rapóirtéir: Andrzej Halicki (A9-0053/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA LE hAGHAIDH CINNIDH
Glactha (P9_TA(2023)0060) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 1)
7.2. Iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Nicolaus Fest(vótáil)
Tuarascáil maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Nicolaus Fest a tharscaoileadh [2022/2056(IMM)] - An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla. Rapóirtéir: Ilana Cicurel (A9-0055/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA LE hAGHAIDH CINNIDH
Glactha (P9_TA(2023)0061) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 2)
7.3. An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh - iarratas EGF/2022/002 BE/TNT - an Bheilg (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón mBeilg — EGF/2022/002 BE/TNT [COM(2023)0069 - C9-0018/2023 - 2023/0031(BUD)] - An Coiste um Buiséid. Rapóirtéir: Olivier Chastel (A9-0043/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA LE hAGHAIDH CINNIDH
Formheasta le vótáil aonair (P9_TA(2023)0062) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 3)
7.4. Agóid de bhun Riail 112 (2) agus (3): Ola ráibe ghéinmhodhnaithe MON 94100 (MON-941ØØ-2) (MON-941ØØ-2) (vótáil)
Tairiscint i gcomhair rúin curtha síos ag Coiste ENVI, i gcomhréir le Riail 112(2) agus (3) ar maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena n-údaraítear táirgí a chur ar an margadh ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as ráib olashíl ghéinmhodhnaithe MON 94100 (MON-941ØØ-2) de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D086347/01 – 2023/2537(RSP)) (B9-0162/2023),- Feisirí atá freagrach: Martin Häusling, Anja Hazekamp, Sirpa Pietikäinen agus Günther Sidl
(Is gá tromlach simplí)
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha(P9_TA(2023)0063) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 4)
7.5. Longa paisinéirí róró: ceanglais chobhsaíochta ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/25/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais chobhsaíochta fheabhsaithe a chur léi agus í a ailíniú le ceanglais chobhsaíochta atá sainmhínithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta [COM(2022)0053 - C9-0047/2022 - 2022/0036(COD)] - An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht. Rapóirtéir: Roberts Zīle (A9-0255/2022)
(Is gá tromlach simplí)
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0064) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 5)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
7.6. Laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill) ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh [COM(2021)0555 - C9-0321/2021 - 2021/0200(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Jessica Polfjärd (A9-0163/2022)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA CHUN DIÚLTÚ DON TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Diúltaithe
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0065) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 6)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN
Glactha(P9_TA(2023)0065) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 6)
7.7. Úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena Leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú [COM(2021)0554 - C9-0320/2021 - 2021/0201(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Ville Niinistö (A9-0161/2022)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA CHUN DIÚLTÚ DON TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Diúltaithe
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0066) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 7)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN
Glactha(P9_TA(2023)0066) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 7)
7.8. Athbhreithniú ar Chúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh do Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 2030 [COM(2021)0571 - C9-0325/2021 - 2021/0202(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Cyrus Engerer (A9-0045/2022)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA CHUN DIÚLTÚ DON TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Diúltaithe
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0067) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 8)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) [COM(2021)0802 - C9-0469/2021 - 2021/0426(COD)] - An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh. Rapóirtéir: Ciarán Cuffe (A9-0033/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA CHUN DIÚLTÚ DON TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Diúltaithe
TOGRA ÓN gCOIMISIÚN AGUS LEASUITHE
Formheasta(P9_TA(2023)0068) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 9)
IARRAIDH AR THARCHUR AR AIS CHUIG COISTE
Formheasta
Cainteoirí
Roimh an vótáil, labhair an tUachtarán chun neamh-inghlacthacht an iarratais a tíolaic Markus Buchheit a chinneadh (ítim 6 de mhiontuairiscí an 14.3.2023).
Tar éis na vótála ar an togra ón gCoimisiún, labhair Ciarán Cuffe (rapóirtéir), chun a iarraidh go ndéanfaí an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh caibidlíocht idirinstitiúideach, de bhun Riail 59(4).
7.10. An Gníomh um Shonraí ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí) [COM(2022)0068 - C9-0051/2022 - 2022/0047(COD)] - An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh. Rapóirtéir: Pilar del Castillo Vera (A9-0031/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA ÓN gCOIMISIÚN AGUS LEASUITHE
Formheasta(P9_TA(2023)0069) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 10)
IARRAIDH AR THARCHUR AR AIS CHUIG COISTE
Formheasta
Cainteoirí
Tar éis na vótála ar an togra ón gCoimisiún, labhair Pilar del Castillo Vera (rapóirtéir), chun a iarraidh go ndéanfaí an t-ábhar a tharchur ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh caibidlíocht idirinstitiúideach, de bhun Riail 59(4).
7.11. Gníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh - tuarascáil bhliantúil 2021(vótáil)
Tuarascáil maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpaigh in 2021 [2022/2141(INI)] - An Coiste um Achainíocha. Rapóirtéir: Anne-Sophie Pelletier (A9-0054/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha (P9_TA(2023)0070) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 11)
7.12. Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt (vótáil)
Tuarascáil ar Chomhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt [2021/2164(INI)] - An Coiste um Fhorbairt. Rapóirtéir: Janina Ochojska (A9-0019/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha le vótáil aonair (P9_TA(2023)0071) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 12)
Labhair na daoine seo a leanas:
Roimh an vótáil, labhair Janina Ochojska (rapóirtéir).
(Cuireadh an suí ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.)
SA CHATHAOIR: Dita CHARANZOVÁ Leas-Uachtarán
8. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 12.48.
9. An Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch 2023 - An Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: Tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta le haghaidh 2023 (díospóireacht)
Tuarascáil ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch 2023 [2022/2150(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Rapóirtéir: Irene Tinagli (A9-0044/2023)
Tuarascáil ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: Tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta le haghaidh 2023 [2022/2151(INI)] - An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta. Rapóirtéir: Estrella Durá Ferrandis (A9-0051/2023)
Irene Tinagli agus Estrella Durá Ferrandis a chuir na tuarascálacha i láthair.
Labhair Eleni Stavrou (rapóirtéir don tuairim ó Choiste BUDG).
Labhair na daoine seo a leanas: Jessika Roswall (Uachtarán-in-Oifig den Chomhairle) agus Nicolas Schmit (comhalta den Choimisiún).
SA CHATHAOIR: Pina PICIERNO Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Markus Ferber, thar ceann an Ghrúpa PPE, Joachim Schuster, thar ceann an Ghrúpa S&D, Stéphanie Yon-Courtin, thar ceann an Ghrúpa Renew, Ernest Urtasun, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Johan Van Overtveldt, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gunnar Beck, thar ceann an Ghrúpa ID, José Gusmão, thar ceann an Ghrúpa The Left, Enikő Győri, Feisire neamhcheangailte, Eugen Tomac, Agnes Jongerius, Marie-Pierre Vedrenne, Rosa D'Amato, Beata Szydło, Antonio Maria Rinaldi, Konstantinos Arvanitis, Tatjana Ždanoka, Lídia Pereira, Delara Burkhardt, Dragoş Pîslaru, Denis Nesci, France Jamet, Gheorghe Falcă, Margarida Marques agus Billy Kelleher.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Margarita de la Pisa Carrión agus João Pimenta Lopes.
Labhair na daoine seo a leanas: Nicolas Schmit, Jessika Roswall agus Estrella Durá Ferrandis.
SA CHATHAOIR: Dimitrios PAPADIMOULIS Leas-Uachtarán
10. Ioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (díospóireacht)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000050/2022 ó Dragoş Pîslaru, Krzysztof Hetman, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Sara Matthieu, Giuseppe Milazzo, Özlem Demirel, thar ceann Choiste EMPL, ar an gComhairle: Ioncam íosta leordhóthanach lena n-áirithítear cuimsiú gníomhach (2022/2840(RSP)) (B9-0008/2023)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000051/2022 ó Dragoş Pîslaru, Krzysztof Hetman, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Sara Matthieu, Giuseppe Milazzo, Özlem Demirel, thar ceann Choiste EMPL, ar an gCoimisiún: Ioncam íosta leordhóthanach chun cuimsiú gníomhach a áirithiú (2022/2840(RSP)) (B9-0009/2023)
Dragoş Pîslaru a thairg na ceisteanna.
Jessika Roswall (Uachtarán-in-Oifig den Chomhairle) agus Nicolas Schmit (comhalta den Choimisiún) a d'fhreagair na ceisteanna.
Labhair na daoine seo a leanas: Krzysztof Hetman, thar ceann an Ghrúpa PPE, Estrella Durá Ferrandis, thar ceann an Ghrúpa S&D, Lucia Ďuriš Nicholsonová, thar ceann an Ghrúpa Renew, Sara Matthieu, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Elżbieta Rafalska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Guido Reil, thar ceann an Ghrúpa ID, Özlem Demirel, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ádám Kósa, Feisire neamhcheangailte, Dennis Radtke, Agnes Jongerius, Max Orville, Mounir Satouri, Lefteris Nikolaou-Alavanos agus Gabriele Bischoff.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Milan Brglez, Rosa D'Amato, Sandra Pereira, Matjaž Nemec agus Leila Chaibi.
(Cuireadh an suí ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.)
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
11. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 15.05.
12. Formheas mhiontuairiscí an tsuí roimhe sin
Glacadh le miontuairiscí an tsuí roimhe sin.
13. Tráth na gCeisteanna leis an gCoimisiún - Conas slándáil fuinnimh a áirithiú san Aontas in 2023
Mhínigh an tUachtarán na socruithe maidie le Tráth na gCeisteanna leis an gCoimisiún.
Kadri Simson (comhalta den Choimisiún) a d'fhreagair na ceisteanna ó na Feisirí:
Maria Spyraki, Dan Nica, Valter Flego, Cristian-Silviu Buşoi, Costas Mavrides (Thug an tUachtarán sonraí i leith na bhforálacha is infheidhme le linn Thráth na gCeisteanna), Marie Toussaint, Christian Ehler, Robert Hajšel, Grzegorz Tobiszowski, Marisa Matias, Georgios Kyrtsos, Nicolás González Casares, Michael Bloss, Martin Hojsík agus Radan Kanev.
SA CHATHAOIR: Othmar KARAS Leas-Uachtarán
Kadri Simson a d'fhreagair na ceisteanna ó na Feisirí: Stelios Kympouropoulos agus Katarína Roth Neveďalová.
Dúnadh Tráth na gCeisteanna leis an gCoimisiún.
14. Tráth na gCeisteanna le Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála - Neartú a dhéanamh ar na naisc Thrasatlantacha i ndomhan iltaobhach agus síordhúshlánach
Chuir an tUachtarán in iúl go hachomair do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála conas mar a oibríonn Tráth na gCeisteanna.
Thug Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) freagraí ar na ceisteanna agus ar na hidirghábhála ó na Feisirí seo a leanas: Tom Vandenkendelaere, Tonino Picula, Catharina Rinzema, Francisco José Millán Mon, Matjaž Nemec, Hannah Neumann, Radosław Sikorski, Pedro Marques, Anna Bonfrisco, Veronika Vrecionová, Marc Botenga, Georgios Kyrtsos, Alexander Alexandrov Yordanov, Katarína Roth Neveďalová, Reinhard Bütikofer agus Hilde Vautmans.
Dúnadh Tráth na gCeisteanna le Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
15. Meath an daonlathais in Iosrael agus na hiarmhairtí do na críocha faoi fhorghabháil (díospóireacht)
Ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: Meath an daonlathais in Iosrael agus na hiarmhairtí do na críocha faoi fhorghabháil (2023/2593(RSP))
Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Michael Gahler, thar ceann an Ghrúpa PPE, Pedro Marques, thar ceann an Ghrúpa S&D, Nicola Beer, thar ceann an Ghrúpa Renew, Jordi Solé, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Joachim Stanisław Brudziński, thar ceann an Ghrúpa ECR, Anna Bonfrisco, thar ceann an Ghrúpa ID, Martina Michels, thar ceann an Ghrúpa The Left, Kinga Gál, Feisire neamhcheangailte, Antonio López-Istúriz White, a thug freagra, thairis sin, ar óráid chárta ghoirm ó Ana Miranda, agus Evin Incir.
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Bernard Guetta, Katrin Langensiepen, Manu Pineda, Fabio Massimo Castaldo, Željana Zovko, Brando Benifei, María Soraya Rodríguez Ramos, Margrete Auken, Marc Botenga, Marcel de Graaff, David Lega, Nacho Sánchez Amor, Ilana Cicurel, Ana Miranda, Juan Ignacio Zoido Álvarez, César Luena, Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Maria Arena, Lukas Mandl agus Matthias Ecke.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Milan Zver, Milan Brglez, Billy Kelleher, Grace O'Sullivan agus João Pimenta Lopes.
Labhair Josep Borrell Fontelles.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
Labhair Reinhard Bütikofer faoi na barúla a tugadh le linn na díospóireachtaí (d'fhreagair an Cathaoirleach go gcuirfí na barúlacha ar aghaidh chuig an Uachtarán).
Mheabhraigh an tUachtarán gur fógraíodh ag suí an 13 Márta 2023 an moladh ó Choiste ECON gan agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tarmligthe (ítim 10 de mhiontuairiscí an 13.3.2023).
Ní raibh aon agóid déanta i gcoinne an mholta sin laistigh den tréimhse 24 huaire a leagtar síos i Riail 111(6).
Mar thoradh air sin, measadh gur formheasadh an moladh sin (P9_TA(2023)0072).
17. An staid sa tSeoirsia (díospóireacht)
Ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: An staid sa tSeoirsia (2023/2594(RSP))
Olivér Várhelyi (comhalta den Choimisiún) a rinne an ráiteas thar ceann Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Labhair na daoine seo a leanas: Sandra Kalniete, thar ceann an Ghrúpa PPE, Sven Mikser, thar ceann an Ghrúpa S&D, Petras Auštrevičius, thar ceann an Ghrúpa Renew, Viola von Cramon-Taubadel, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Fotyga, thar ceann an Ghrúpa ECR, Anna Bonfrisco, thar ceann an Ghrúpa ID, Mick Wallace, thar ceann an Ghrúpa The Left, Marcel de Graaff, feisire neamhcheangailte, Andrzej Halicki, Marina Kaljurand, Katalin Cseh, Markéta Gregorová, Adam Bielan, Andrius Kubilius, Nacho Sánchez Amor, Georgios Kyrtsos, Reinhard Bütikofer, Vladimír Bilčík, Tonino Picula agus Jordi Cañas.
SA CHATHAOIR: Roberts ZĪLE Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Riho Terras, Thijs Reuten, Svenja Hahn, Liudas Mažylis, a dhiúltaigh freagra a thabhairt ar óráid chárta ghoirm ó Mick Wallace (toisc nach cárta gorm a bhí ann, chuir an tUachtarán deireadh lena chead cainte), Carina Ohlsson agus Izaskun Bilbao Barandica.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Łukasz Kohut (Thug an tUachtarán meabhrúchán maidir leis na caighdeáin iompair), Vlad Gheorghe, Joachim Stanisław Brudziński agus Clare Daly.
Labhair Olivér Várhelyi.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
18. Na dúshláin atá roimh Phoblacht na Moldóive (díospóireacht)
Ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: Na dúshláin atá roimh Phoblacht na Moldóive (2023/2595(RSP))
Olivér Várhelyi (comhalta den Choimisiún) a rinne an ráiteas thar ceann Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Labhair na daoine seo a leanas: Siegfried Mureşan, thar ceann an Ghrúpa PPE, Tonino Picula, thar ceann an Ghrúpa S&D, Dragoş Tudorache, thar ceann an Ghrúpa Renew, Viola von Cramon-Taubadel, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Fotyga, thar ceann an Ghrúpa ECR, Emmanuel Maurel, thar ceann an Ghrúpa The Left, David McAllister, Carmen Avram, Dacian Cioloş, Cristian Terheş, Andrzej Halicki, Juozas Olekas, Vlad-Marius Botoş, Veronika Vrecionová, Andrius Kubilius, a thug freagra, thairis sin, ar óráid chárta ghoirm ó Margarida Marques, Thijs Reuten, Angel Dzhambazki agus Eugen Tomac.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Victor Negrescu, Vlad Gheorghe, Clare Daly agus Mick Wallace.
Labhair Olivér Várhelyi.
Dhéanfaí tairiscintí i gcomhair rúin atá le cur síos i gcomhréir le Riail 132(2) a fhógairt ag céim níos déanaí.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
Vótáil: an ag páirtseisiún ina dhiaidh sin.
19. Tuarascáil cur chun feidhme ar an gComhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach - Creat Windsor (díospóireacht)
Tuarascáil ar an tuarascáil cur chun feidhme ar an gComhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach [2020/2202(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla. Rapóirtéir: Pedro Silva Pereira (A9-0052/2023)
Pedro Silva Pereira a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Seán Kelly (rapóirtéir don tuairim ó Choiste INTA).
Thug Maroš Šefčovič (Leas-Uachtarán an Choimisiúin) ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Peter Jahr (rapóirtéir don tuairim ó Choiste PETI), Danuta Maria Hübner, thar ceann an Ghrúpa PPE, Thijs Reuten, thar ceann an Ghrúpa S&D, Nathalie Loiseau, thar ceann an Ghrúpa Renew, Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Geert Bourgeois, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gunnar Beck, thar ceann an Ghrúpa ID, Chris MacManus, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ernő Schaller-Baross, Feisire neamhcheangailte, David McAllister, Domènec Ruiz Devesa agus Barry Andrews.
SA CHATHAOIR: Nicola BEER Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: François Alfonsi, Michiel Hoogeveen, Gilles Lebreton, Željana Zovko, Bernd Lange, Sandro Gozi, Anna Cavazzini, Inma Rodríguez-Piñero, Samira Rafaela, Beatrice Covassi, Charles Goerens agus Gwendoline Delbos-Corfield.
Labhair na daoine seo a leanas: Maroš Šefčovič agus Pedro Silva Pereira.
20. An caidreamh idir AE agus an Airméin (díospóireacht)
Tuarascáil ar an gcaidreamh idir AE agus an Airméin [2021/2230(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Andrey Kovatchev (A9-0036/2023)
Andrey Kovatchev a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Olivér Várhelyi (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: François-Xavier Bellamy, thar ceann an Ghrúpa PPE, Robert Hajšel, thar ceann an Ghrúpa S&D, Nathalie Loiseau, thar ceann an Ghrúpa Renew, Viola von Cramon-Taubadel, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Charlie Weimers, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gilles Lebreton, thar ceann an Ghrúpa ID, Hervé Juvin, Feisire neamhcheangailte, Tomislav Sokol, Marina Kaljurand, Anna Fotyga, Gianna Gancia agus Bert-Jan Ruissen.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Costas Mavrides agus Angel Dzhambazki.
Labhair na daoine seo a leanas: Olivér Várhelyi agus Andrey Kovatchev.
21. An caidreamh idir AE agus an Asarbaiseáin (díospóireacht)
Tuarascáil ar an gcaidreamh idir AE agus an Asarbaiseáin [2021/2231(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha. Rapóirtéir: Željana Zovko (A9-0037/2023)
Željana Zovko a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Olivér Várhelyi (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Peter van Dalen, thar ceann an Ghrúpa PPE, Isabel Santos, thar ceann an Ghrúpa S&D, Ilhan Kyuchyuk, thar ceann an Ghrúpa Renew, Markéta Gregorová, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Fotyga, thar ceann an Ghrúpa ECR, Idoia Villanueva Ruiz, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus Michaela Šojdrová.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Angel Dzhambazki.
Labhair na daoine seo a leanas: Olivér Várhelyi agus Željana Zovko.
Tuarascáil Janina Ochojska - A9-0019/2023 Eugen Tomac
Mínithe i scríbhinn ar an vótáil
Beidh mínithe ar an vótáil a cuireadh isteach i scríbhinn faoi Riail 194 de na Rialacha Nós Imeachta le feiceáil ar leathanaigh na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
23. Clár oibre an chéad suí eile
Rinneadh clár oibre shuí an lae dár gcionn a bhunú (‘Clár Oibre’PE 744.002/OJ).
24. Formheas mhiontuairiscí an tsuí
I gcomhréir le Riail 202 (3), chuirfí miontuairiscí an tsuí faoi bhráid na Parlaiminte lena bhformheas ag tús iarnóin an chéad suí eile.