7.1. Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá: modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE***(vótáil)
Moladh ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV AE mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach [11723/2022 - C9-0007/2023 - 2022/0231(NLE)] - An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta. Rapóirtéir: Bernd Lange (A9-0042/2023)
(Is gá tromlach simplí)
DRÉACHTCHINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
Formheasta (P9_TA(2023)0073) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 1)
Thug an Pharlaimint toiliú le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe.