Rinne Stefano Maullu, iar-Fheisire den Pharlaimint, iarraidh ar chosaint a chuid pribhléidí agus díolúintí a chur faoi bhráid an Uachtaráin, i gcomhthéacs nós imeachta coiriúil atá ar feitheamh os comhair sheirbhís ionchúisimh phoiblí na Veinéise, san Iodáil.
Rinne Clara Ponsatí Obiols iarraidh ar chosaint a cuid pribhléidí agus díolúintí a chur faoi bhráid an Uachtaráin, i gcomhthéacs nós imeachta coiriúil atá ar feitheamh sa Spáinn.
De bhun Riail 9(1), rinneadh na hiarrataí a tharchur chuig an gcoiste freagrach, an Coiste JURI.