Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 13k
Dé Céadaoin, 29 Márta 2023 - Brussels

10. Ord gnó
Tuarascálacha focal ar fhocal

Labhair na daoine seo a leanas: Vincenzo Sofo, Andrius Kubilius, Clara Ponsatí Obiols, Dolors Montserrat, Jordi Cañas agus Diana Riba i Giner.

Cuireadh ar fáil d’Fheisirí an dréachtchlár oibre críochnaitheach do shuíonna __[A271199]__ __[A271200]__ (?) i gcomhréir le Riail __[A271202]__(__[A271203]__).

Leasuithe atá beartaithe ar an gclár oibre críochnaitheach i gcomhréir le Riail 158(1)

Le comhaontú na ngrúpaí polaitiúla:

Déardaoin

Cuirfear tuarascáil Sergey Lagodinsky dar teideal "Iarraidh ar dhíolúine Anna Júlia Donáth a tharscaoileadh" (A9-0071/2023) leis go díreach tráth na vótála.

Déanfar tuarascáil Joachim Kuhs dar teideal "Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Martin Klus (A9-0084/2023) a bhaint den chlár oibre tar éis do Martin Klus a iarratas a tharraingt siar.

D’aontaigh an Pharlaimint leis na tograí.

Leasuithe eile atá beartaithe:

Dé Céadaoin

Iarraidh ón nGrúpa Verts/ALE go n-áireofaí, mar mhír dheireanach ar an gclár oibre "Cearta leanaí i dteaghlaigh bogha ceatha agus tuismitheoirí comhghnéis go háirithe san Iodáil".

Iarraidh ón nGrúpa S&D go n-áireofaí, mar thríú mír ar an gclár oibre, ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Staid chearta an linbh agus tuismitheoirí comhghnéis san Iodáil".

Iarraidh ón nGrúpa PPE go n-áireofaí ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Cearta leanaí i dteaghlaigh bogha ceatha".

Labhair na daoine seo a leanas: Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, a shonraigh an chúis a bhí le hiarraidh a grúpa agus a mhínigh gur i gcomhpháirt le grúpaí eile a bhí an teideal nua, Brando Benifei, thar ceann an Ghrúpa S&D, a dhearbhaigh gur glacadh teideal an chomhaontaithe, Jeroen Lenaers, thar ceann an Ghrúpa PPE, a shonraigh an chúis a bhí le hiarraidh a ghrúpa, agus Nicola Procaccini, i gcoinne iarrataí an Ghrúpa Verts/ALE agus an Ghrúpa S&D.

D'fhormheas an Pharlaimint an iarraidh chomhpháirteach ón nGrúpa Verts/ALE agus ón nGrúpa S&D, dar teideal "Cearta leanaí i dteaghlaigh bogha ceatha agus tuismitheoirí comhghnéis go háirithe san Iodáil", trí vótáil le glao rolla (246 i bhfabhar, 173 i gcoinne, 13 staonadh).

Dá bhrí sin, cuireadh síneadh leis an suí go dtí 21.00.

Iarraidh ón nGrúpa The Left go n-áireofaí, mar mhír dheireanach ar an gclár oibre, ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Bearta láithreacha chun an tionchar atá ag an méadú ar rátaí úis arna chinneadh ag BCE ar oibrithe agus teaghlaigh a chomhrac".

Labhair João Pimenta Lopes, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus shonraigh an chúis a bhí leis an iarraidh.

Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (191 i bhfabhar, 237 i gcoinne, 4 staonadh).

Déardaoin

Iarraidh ón nGrúpa The Left go n-áireofaí, mar chéad mhír ar an gclár oibre, ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Ceart póilíní forneart a léiriú agus a úsáid go comhréireach". Cuireadh deireadh leis an díospóireacht trí na tairiscintí i gcomhair rún a ndéanfaí vótáil orthu sa chéad suí eile a chur síos.

Dá bhrí sin, thosaigh an suí ar 8.30.

Iarraidh ón nGrúpa PPE go n-áireofaí ráiteas ón gCoimisiún maidir le “An méadú atá ag teacht ar an bhforéigean ó ghrúpaí i bhfad amach ar an eite chlé, ar cúis bhuartha é, agus ar bagairt é ar an smacht reachta agus ar an gceart chun léirsiú a dhéanamh go sábháilte" (gan tairiscintí i gcomhair rún a bheith curtha síos).

Iarraidh ón nGrúpa Renew go n-áireofaí ráiteas ón gCoimisiún maidir le "An foréigean sa pholaitíocht: bagairt mhéadaitheach ar an gceart chun léirsiú a dhéanamh, ar an daonlathas agus orthu siúd a bhfuil sé de dhualgas orthu é a chosaint"(gan tairiscintí i gcomhair rún a bheith curtha síos).

Labhair na daoine seo a leanas: Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, a shonraigh an chúis a bhí leis an iarraidh óna grúpa agus a thug le fios gur i gcomhpháirt leis an nGrúpa S&D agus leis an nGrúpa Verts/ALE a bhí an iarraidh, François-Xavier Bellamy, thar ceann an Ghrúpa PPE, agus Guy Verhofstadt, thar ceann an Ghrúpa Renew, a shonraigh an chúis a bhí leis na hiarrataí óna ngrúpaí faoi seach.

Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh ón nGrúpa The Left, ón nGrúpa S&D agus ón nGrúpa Verts/ALE trí vótáil le glao rolla (178 i bhfabhar, 237 i gcoinne, 13 staonadh.

Thug Guy Verhofstadt le fios go raibh a iarraidh á tarraingt siar aige.

Iarraidh ón nGrúpa Verts/ALE go n-áireofaí ráiteas ón gCoimisiún maidir le "An Smacht Reachta sa Ghréig" i gcomhdhíospóireacht leis an ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta - Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach". Cuireadh deireadh leis an díospóireacht trí na tairiscintí i gcomhair rún a ndéanfaí vótáil orthu sa chéad suí eile a chur síos.

Labhair na daoine seo a leanas: Gwendoline Delbos-Corfield, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, a shonraigh an chúis a bhí leis an iarraidh, agus Manfred Weber ina coinne.

D'fhormheas an Pharlaimint an iarraidh ón nGrúpa Verts/ALE trí vótáil le glao rolla (237 i bhfabhar 172 i gcoinne, 7 staonadh).

Iarraidh ón nGrúpa PPE go n-áireofaí ráiteas ón gCoimisiún maidir le "An Smacht Reachta sa Spáinn" i gcomhdhíospóireacht leis an ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta - Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach". Cuireadh deireadh leis an díospóireacht trí na tairiscintí i gcomhair rún a ndéanfaí vótáil orthu sa chéad suí eile a chur síos.

Labhair na daoine seo a leanas: Jeroen Lenaers, thar ceann an Ghrúpa PPE, a shonraigh an chúis a bhí leis an iarraidh, agus Elisabetta Gualmini ina coinne. Labhair Stelios Kouloglou.

D'fhormheas an Pharlaimint an iarraidh (224 i bhfabhar, 163 i gcoinne, 13 staonadh).

Iarraidh ón nGrúpa PPE go n-áireofaí ráiteas ón gCoimisiún maidir le "An Smacht Reachta i Málta" i gcomhdhíospóireacht leis an ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta - Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach". Cuireadh deireadh leis an díospóireacht trí na tairiscintí i gcomhair rún a ndéanfaí vótáil orthu sa chéad suí eile a chur síos.

Labhair na daoine seo a leanas: Jeroen Lenaers, thar ceann an Ghrúpa PPE, a shonraigh an chúis a bhí leis an iarraidh, agus Alex Agius Saliba ina coinne.

D’fhormheas an Pharlaimint an iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (216 i bhfabhar, 160 i gcoinne, 10 staonadh).

Dá bhrí sin, rinneadh na ráiteas ón gCoimisiún maidir le "An Smacht Reachta sa Ghréig", "An Smacht Reachta sa Spáinn" agus "An Smacht Reachta i Málta" a chur leis an ráiteas ón gCoimisiún maidir le "Tuarascáil 2022 maidir leis an Smacht Reachta - Staid an Smachta Reachta san Aontas Eorpach" i gcomhdhíospóireacht. Cuireadh deireadh leis an díospóireacht trí na tairiscintí i gcomhair rún a ndéanfaí vótáil orthu sa chéad suí eile a chur síos.

Bunaíodh an t-ord gnó dá bhrí sin.

An nuashonrú is déanaí: 17 Iúil 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais