Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 [COM(2022)0151 - C9-0143/2022- 2022/0100(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Jessica Polfjärd (A9-0050/2023)
(Is gá tromlach simplí)
TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Formheasta le vótáil aonair(P9_TA(2023)0093) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 7)
IARRAIDH AR THARCHUR AR AIS CHUIG COISTE
Formheasta
Labhair na daoine seo a leanas:
Jessica Polfjärd (rapóirtéir), chun a iarraidh go gcuirfí an cheist ar ais chuig an gcoiste inniúil chun críoch caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, i gcomhréir le Riail 59(4).