Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 8k
Dé Luain, 17 Aibreán 2023 - Strasbourg

13. Ord gnó
Tuarascálacha focal ar fhocal

Cuireadh ar fáil d’Fheisirí an dréachtchlár oibre críochnaitheach do shuíonna mhí Aibreáin 2023 (PE 746.423/PDOJ) i gcomhréir le Riail _157(3).

Na Leasuithe atá beartaithe ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach de bhun Riail 158(1) de na Rialacha Nós Imeachta

Le comhaontú na ngrúpaí polaitiúla:

Dé Luain

Cuireadh síneadh leis an seisiún go dtí 23.00.

Dé Máirt

Cuireadh an vóta ar an tuarascáil a rinne Biljana Borzan maidir le 'Tomhaltóirí a Chumhachtú ar mhaithe le Todhchaí Níos Glaise' (A9-0099/2023) (ítim 74 PDOJ) siar go dtí páirtseisiún mhí na Bealtaine 2023.

Aistríodh an ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an ‘Staid i bPeiriú’ (ítim 49 PDOJ) mar an tríú mír ar chlár oibre na hiarnóna, tar éis Thráth na gCeisteanna ón gCoimisiún (ítim 64 PDOJ).

Dé Céadaoin

Baineadh den chlár oibre an mhír"An Iaráin, cás Bernard Phelan agus cás Toomaj Salehi" (ítim 81 PDOJ), a bhí sceidealta do na Díospóireachtaí ar chásanna a bhain le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (Riail 144).

D’aontaigh an Pharlaimint leis na tograí.

Tograí eile le haghaidh athraithe:

Dé Máirt

Iarraidh ó Ghrúpa PPE go gcuirfí ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le “An gá atá le dlúthpháirtíocht AE leis an Iodáil i bhfianaise éigeandála mar gheall ar shreafaí imirceach méadaithe” ar an gclár oibre mar an dara mír den mhaidin, tar éis na díospóireachta tosaíochta (ítim 61 PDOJ).

Labhair Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, a rinne an iarraidh.

Iarraidh ó Ghrúpaí S&D, ó na Glasaigh/SCE agus ó The Left maidir le ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún a chur san áireamh ar an gclár oibre maidir leis “An gá atá le dlúthpháirtíocht Eorpach chun beatha daoine a shábháil sa Mheánmhuir, go háirithe san Iodáil”, tar éis na díospóireachta ar “Treoirlínte le haghaidh Bhuiséad 2024 - Roinn III“ (mír 31 PDOJ). Go gcuirfí síneadh leis an suí go dtí 23.00 dá thoradh sin.

Labhair na daoine seo a leanas: Iratxe García Pérez, thar ceann an Ghrúpa S&D, a rinne an iarraidh, Stéphane Séjourné, a bhí i gcoinne an dá iarraidh agus Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, a bhí i gcoinne an iarrata ó na grúpaí S&D, Verts/ALE agus The Left.

VGR (151 i bhfabhar, 227 i gcoinne, 5 staonadh), dhiúltaigh an Pharlaimint d'iarraidh an Ghrúpa PPE.

VGR (252 i bhfabhar, 119 i gcoinne, 13 staonadh), d’fhormheas an Pharlaimint an iarraidh ó Ghrúpaí S&D, na Glasaigh/SCE agus The Left.

Mar thoradh air sin, áirítear na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le “An gá atá le dlúthpháirtíocht Eorpach chun beatha daoine a shábháil sa Mheánmhuir, go háirithe san Iodáil” mar an ceathrú mír ar chlár oibre na hiarnóna, tar éis na díospóireachta ar na “Treoirlínte le haghaidh Bhuiséad 2024 - Roinn III“ (ítim 31 PDOJ) agus cuireadh síneadh leis an suí go dtí 23.00.

Iarraidh ó Ghrúpa ECR ceist ina bhfuil iarraidh ar fhreagra ó bhéal maidir le “cur isteach gan údar ag an gCoimisiún ar bheartas comhshaoil Ballstáit” a chur ar chlár oibre na hiarnóna, tar éis na díospóireachta“Treoirlínte le haghaidh Bhuiséad 2024 - Roinn III“ (ítim 31 PDOJ).

Labhair Bert-Jan Ruissen, thar ceann an Ghrúpa ECR, a rinne an iarraidh.

Iarraidh ó Ghrúpa EPP ráiteas ón gCoimisiún a chur ar an gclár oibre maidir le “cur isteach gan údar ag an gCoimisiún ar bheartas comhshaoil sna Ballstáit agus tionchar an rialacháin atá beartaithe maidir le hathbhunú an dúlra ar shlándáil bia agus fuinnimh”.

Labhair na daoine seo a leanas: Christine Schneider, thar ceann an Ghrúpa PPE, a rinne an iarraidh, Anja Hazekamp, a bhí i gcoinne an dá iarraidh, agus Bert-Jan Ruissen, a ghlac leis an iarraidh ón nGrúpa PPE.

Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (171 i bhfabhar, 206 i gcoinne, 8 staonadh).

Dé Céadaoin

Iarraidh ó Ghrúpa PPE go n-áireofaí”An cur faoi chois sa Rúis, go háirithe cásanna Vladimir Kara-Murza agus Aleksei Navalny” mar an dara hábhar de na Díospóireachtaí ar chásanna a bhaineann le sáruithe ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta (Riail 144).

Labhair na daoine seo a leanas: Michael Gahler, thar ceann an Ghrúpa PPE, a rinne an iarraidh agus Bernard Guetta.

VL (352 i bhfabhar, 2 i gcoinne, 13 staonadh), d'fhormheas an Pharlaimint an iarraidh.

Tá na spriocdhátaí seo a leanas leagtha síos:

- tairiscintí i gcomhair rún: De Máirt an 18 Aibreán 2023 ar a 12.00;
- leasuithe ar thairiscintí i gcomhair rún agus tairiscintí comhpháirteacha i gcomhair rún: Dé Céadaoin an 19 Aibreán 2023 ar a 1.00;
- leasuithe ar thairiscintí comhpháirteacha i gcomhair rún: Dé Céadaoin an 19 Aibreán 2023 ar a 2.00.

Bunaíodh an t-ord gnó dá bhrí sin.

An nuashonrú is déanaí: 13 Iúil 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais