Rinne Uachtarán na Parlaiminte, i gcomhar le hUachtarán na Comhairle, na gníomhartha glactha seo a leanas a shíniú i gcmhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach:
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (athmhúnlú) (00053/2022/LEX - C9-0184/2023 - 2021/0241(COD));
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (00019/2023/LEX - C9-0183/2023 - 2023/0051(COD));
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (00054/2022/LEX - C9-0181/2023 - 2020/0265(COD));
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (00082/2022/LEX - C9-0179/2023 - 2021/0366(COD)).