Athchromadh ar an seisiún a cuireadh ar atráth Déardaoin an 11 Bealtaine 2023.
2. Oscailt an tsuí
Osclaíodh an suí ar 15.03.
3. Suí sollúnta - Óráid Salomé Zourabichvili, Uachtarán na Seoirse
D'oscail an tUachtarán an suí sollúnta tráth chuairt Salomé Zourabichvili, Uachtarán na Seoirse.
Thug Salomé Zourabichvili a horáid.
4. Ráitis ón Uachtarán
Rinne an tUachtarán ráiteas faoi na tuilte le déanaí a mhill réigiún Emilia-Romagna san Iodáil. Chuir sí dlúthpháirtíocht na Parlaiminte in iúl leis na híospartaigh agus lena muintir.
Bhí nóiméad ciúnais ag an bParlaimint i gcuimhne na n-íospartach.
Cháin an tUachtarán go láidir an dlí 'frith-homaighnéasach' i Uganda. Mheabhraigh sí go ndéanann an Pharlaimint cosaint ar an gceart atá ag gach duine maireachtáil mar is mian leo agus grá a bheith acu do cibé duine is mian leo.
5. Formheas mhiontuairiscí an tsuí roimhe sin
Glacadh le miontuairiscí an tsuí roimhe sin.
6. Comhdhéanamh na Parlaiminte
Chuir Ismail Ertug in iúl go raibh sé ag éirí as oifig mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa amhail ón 3 Iúil 2023.
Mheas an Coiste JURI go bhfuil an éirí as sin i gcomhréir le hIonstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.
De bhun Riail 4 de na Rialachán Nós Imeachta, chinn an Pharlaimint go raibh an suíochán folamh amhail ón 3 Iúil 2023 agus cuireadh é sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.
7. Fíorú na ndintiúr
Ar bhonn an togra d'aon toil ón gCoiste JURI óna chruinniú an 30 Bealtaine 2023, rinne an Pharlaimint díntiúir Mercedes Bresso, Francesca Peppucci agus Maria Veronica Rossi a fhíorú agus dheimhnigh sí a sainorduithe, amhail ón 6 Aibreán 2023, mar aon le Pirkko Ruohonen-Lerner amhail ón 12 Aibreán 2023, de bhun Riail 3.
8. Comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí
Bhí an tUachtarán curtha ar an eolas ag an ngrúpa PPE, The Left agus an grúpa S&D maidir leis na cinntí seo a leanas lena n-athraítear comhdhéanamh na gcoistí agus na dtoscaireachtaí:
Coiste CONT: Beatrice Covassi
an Toscaireacht don chaidreamh le Daon-Phoblacht na Síne: Pernille Weiss
an Toscaireacht don chaidreamh leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn: Stelios Kouloglou
an Toscaireacht chun Tionól Parlaiminteach an Aontais don Réigiún Meánmhuirí: Martina Michels
Tháinig na cinntí i bhfeidhm amhail ón lá sin.
9. An chaibidlíocht roimh an gcéad léamh sa Pharlaimint (Riail 71)
Tá cinneadh déanta ag na coistí freagracha dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 71 ar bhonn na tuarascála seo a leanas:
- Coiste LIBE – Tuarascáil maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (COM(2022)0245 – C9-0186/2022 – 2022/0167(COD)) – Rapóirtéir: Loránt Vincze (A9-0199/2023);
- Coiste LIBE – Tuarascáil maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (''Prüm II''), lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2021)0784 – C9-0455/2021 – 2021/0410(COD)) – Rapóirtéir: Paulo Rangel (A9-0200/2023).
I gcomhréir le Riail 71(2), d’fhéadfaí iarrataí ar vótáil a dhéanamh ar na cinntí a chur isteach go dtí meán oíche den lá dar gcionn, 1 Meitheamh 2023.
Féadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht tráth ar bith tar éis dhul in éag na teorann ama i gcás nach ndearnadh aon iarraidh ar vótáil maidir leis an gcinneadh dul i mbun caibidlíochta.
10. Gníomhartha glactha a shíniú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (Riail 79)
Rinne Uachtarán na Parlaiminte, i gcomhar le hUachtarán na Comhairle, na gníomhartha glactha seo a leanas a shíniú i gcmhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach:
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (athmhúnlú) (00053/2022/LEX - C9-0184/2023 - 2021/0241(COD));
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (00019/2023/LEX - C9-0183/2023 - 2023/0051(COD));
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (00054/2022/LEX - C9-0181/2023 - 2020/0265(COD));
- Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 (00082/2022/LEX - C9-0179/2023 - 2021/0366(COD)).
⁂
Labhair Susanna Ceccardi.
11. Ord gnó
Cuireadh ar fáil d’Fheisirí an dréachtchlár oibre críochnaitheach do shuíonna Bealtaine II 2023 (PE 748.891/PDOJ)de bhun le Riail 157(3).
Leasuithe atá beartaithe ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach de bhun Riail 158(1)
Le comhaontú ó na grúpaí polaitiúla:
DÉARDAOIN
Cuireadh le ham na vótála tuarascáil le Ilana Cicurel ar 'Iarraidh ar dhíolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh' (A9-0201/2023) agus tuarascáil le Andrzej Halicki ar 'Iarraidh ar dhíolúine Alexis Georgoulis a tharscaoileadh' (A9-0202/2023).
D’aontaigh an Pharlaimint leis na tograí.
Leasuithe eile atá beartaithe:
Dé Céadaoin
Iarrataí ó na grúpaí Renew agus ECR go gcuirfí isteach ar an gclár oibre na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le “Atógáil agus Lánpháirtiú na hÚcráine isteach sa Chomhphobal Eora-Atlantach”. Cuirfear clabhsúr ar an díospóireacht nuair a chuirfear síos tairiscintí i gcomhair rún a ndéanfaí vótáil orthu ag páirtseisiún mhí an Mheithimh.
Iarrataí ón ngrúpa ECR go gcuirfí isteach ar an gclár oibre mar an tríú pointe an díospóireacht maidir le 'Sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite AE' (pointe 40 PDOJ).
Mar sin cuirfear síneadh leis an seisiún go dtí 23.00.
Labhair Petras Auštrevičius, thar ceann an Ghrúpa Renew, a thug cúiseanna leis an iarraidh.
Iarraidh ón ngrúpa S&D go gcuirfí isteach ar an gclár oibre na ráitis chéanna leis an teideal seo a leanas: 'An gá atá le hatógáil agus téarnamh cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe na hÚcráine'.
Labhair na daoine seo a leanas:Włodzimierz Cimoszewicz, thar ceann an Ghrúpa S&D, a thug cúiseanna leis an iarraidh, agus Michael Gahler i gcoinne na hiarrata go gcuirfí isteach ar an gclár oibre den seisiún reatha.
Thug an tUachtarán dá haire go raibh comhthoil ann nach gcuirfí na hiarraitaí sin ar an gclár oibre le linn an pháirtseisiúin reatha.
* * *
Iarrataí ó na grúpaí Verts/ALE agus S&D go gcuirfí isteach ar an gclár oibre, tar éis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le 'Sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite AE' (pointe 40 PDOJ), ráiteas ón gCoimisiún ar 'Na costais shóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime aeráide agus an gá práinneach atá le dlúthpháirtíocht Eorpach chun tacú leis na tíortha agus na réigiúin atá buailte, go háirithe tar éis na dtuilte atá ann faoi láthair in Emilia Romagna agus in Marches' (gan tairiscint i gcomhair rúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, a thug cúiseanna leis an iarraidh.
Iarrataí ó na grúpaí PPE agus Renew go ndéanfaí an ráiteas ón gCoimisiún a ath-theidealú mar seo a leanas: 'Costais shóisialta agus eacnamaíocha an athraithe aeráide i bhfianaise na dtuilte san Iodáil agus an gá práinneach atá le dlúthpháirtíocht Eorpach'.
Labhair na daoine seo a leanas: Nicola Danti, thar ceann an Ghrúpa Renew, a thug cúiseanna leis an iarraidh, agus Elisabetta Gualmini, thar ceann an Ghrúpa S&D, chun an teideal comhréitigh seo a mholadh: 'Costais shóisialta agus eacnamaíocha an athraithe aeráide i bhfianaise na dtuilte in Emilia Romagna, Marches agus an Tuscáin, agus an géarghá atá le dlúthpháirtíocht Eorpach'.
Le VGR (463 i bhfabhar, 3 i gcoinne, 5 staonadh), d’fhormheas an Pharlaimint na hiarrataí leis an teideal seo a leanas 'Costais shóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime aeráide i bhfianaise na dtuilte in Emilia Romagna, Marche agus an Tuscáin, agus an géarghá atá le dlúthpháirtíocht Eorpach'.
* * *
Iarrataí ó na grúpaí PPE, S&D, Renew agus Verts/ALE go gcuirfí ar an gclár oibre don tráthnóna, tar éis na ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le 'Sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite AE' (pointe 40 PDOJ), ráiteas ón gCoimisiún maidir le 'Bagairt ar an daonlathas agus ar an smacht reachta sa Pholainn, go háirithe trí choiste imscrúdaitheach a chruthú' (gan tairiscint i gcomhair rúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Jeroen Lenaers, thar ceann an Ghrúpa PPE, a thug cúiseanna leis an iarraidh agus Stéphane Séjourné, thar ceann an Ghrúpa Renew. Labhair Ryszard Antoni Legutko ina gcoinne.
D’fhormheas an Pharlaimint an iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (344 i bhfabhar, 97 i gcoinne, 7 staonadh).
Mar sin cuirfear síneadh leis an seisiún go dtí 23.00.
* * *
Iarraidh ón ngrúpa ECRgo gcuirfí ar an gclár oibre mar an phointe deiridh, ráiteas ón gCoimisiún maidir le 'Cur isteach ar chlár oibre polaitiúil Eorpach na n-eagraíochtaí neamh-Eorpacha atá taobh thiar de ghníomhaíochtaí gluaiseachtaí comhshaoil radacacha, i bhfianaise imscrúduithe a rinne údaráis na Gearmáine le déanaí' (gan tairiscintí i gcomhair rúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Vincenzo Sofo, thar ceann an Ghrúpa ECR, qui motive la demande, agus Michael Bloss contre.
Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (97 i bhfabhar, 332 i gcoinne, 12 staonadh).
* * *
Iarraidh ón ngrúpa The Lefto gcuirfí ar an gclár oibre mar an phointe deiridh, ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le 'Ionsaithe Iosraelacha in Gaza' (gan tairiscintí i gcomhair rúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Clare Daly, thar ceann an Ghrúpa The Left, chun an iarraidh a aisghairm, agus Evin Incir.
DÉARDAOIN
Iarraidh ó na grúpaí Verts/ALE agus The Left go gcuirfí siar an vótáil ar an tuarascáil le Sandra Kalniete maidir le 'Trasnaíocht eachtrach ar gach próiseas daonlathach san Aontas Eorpach, an bhréagaisnéis san áireamh' (A9-0187/2023) (pointe 9 PDOJ) go dtí seisiún mhí an Mheithimh.
Labhair na daoine seo a leanas:Philippe Lamberts, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, a thug cúiseanna leis an iarraidh, agusSandra Kalniete ina coinne.
Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh trí vótáil le glaoch rolla (111 i bhfabhar, 305 i gcoinne, 6 staonadh).
Bunaíodh an t-ord gnó dá bhrí sin.
12. Comóradh 10 mbliana ó thit an Rana Plaza sa Bhanglaidéis (ráiteas ón Uachtarán)
Comóradh 10 mbliana ó thit an Rana Plaza sa Bhanglaidéis (2023/2708(RSP))
an tUachtarán a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Seán Kelly, thar ceann an Ghrúpa PPE, Agnes Jongerius, thar ceann an Ghrúpa S&D, agus Barry Andrews, thar ceann an Ghrúpa Renew.
SA CHATHAOIR: Pedro SILVA PEREIRA Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Saskia Bricmont, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Nicola Procaccini, thar ceann an Ghrúpa ECR, Dominique Bilde, thar ceann an Ghrúpa ID, Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus Tiziana Beghin, Feisire neamhcheangailte.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
13. Dícheall cuí corparáideach maidir le hinbhuanaitheacht ***I (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 [COM(2022)0071 - C9-0050/2022 - 2022/0051(COD)] - An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla. Rapóirtéir: Lara Wolters (A9-0184/2023)
Lara Wolters a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Raphaël Glucksmann (rapóirtéir don tuairim ó Choiste AFET), Barry Andrews (rapóirtéir don tuairim ó Choiste INTA), René Repasi (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ECON), Samira Rafaela (rapóirtéir don tuairim ó Choiste EMPL) agus Tiemo Wölken (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ENVI).
Labhair Didier Reynders (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Ilan De Basso (rapóirtéir don tuairim ó Choiste DEVE), Deirdre Clune (rapóirtéir don tuairim ó Choiste IMCO), Axel Voss, thar ceann an Ghrúpa PPE, Evelyn Regner, thar ceann an Ghrúpa S&D, Adrián Vázquez Lázara, thar ceann an Ghrúpa Renew, Heidi Hautala, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Jorge Buxadé Villalba, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gilles Lebreton, thar ceann an Ghrúpa ID, Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, Ivan Štefanec, a thug freagra thairis sin ar cheist cárta ghoirm ó Manon Aubry, Marek Belka, Katalin Cseh, Marie Toussaint, Alexandr Vondra, Antonius Manders, Patrizia Toia, María Soraya Rodríguez Ramos, Sara Matthieu agus Ibán García Del Blanco.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Henna Virkkunen, Maria Arena agus Malte Gallée.
SA CHATHAOIR: Othmar KARAS Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Özlem Demirel, Enikő Győri, Mónica Silvana González, Kostas Papadakis agus Maria-Manuel Leitão-Marques.
14. Sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite AE (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Sáruithe ar an Smacht Reachta agus ar chearta bunúsacha san Ungáir agus cistí reoite AE (2023/2691(RSP))
Peter Kullgren (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle), Johannes Hahn (comhalta den Choimisiún) agus Didier Reynders (comhalta den Choimisiún) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Petri Sarvamaa, thar ceann an Ghrúpa PPE, Thijs Reuten, thar ceann an Ghrúpa S&D, Sophia in 't Veld, thar ceann an Ghrúpa Renew, Gwendoline Delbos-Corfield, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Jadwiga Wiśniewska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Jean-Paul Garraud, thar ceann an Ghrúpa ID, Malin Björk, thar ceann an Ghrúpa The Left, Márton Gyöngyösi, Feisire neamhcheangailte, Isabel Wiseler-Lima, Eider Gardiazabal Rubial, Moritz Körner, Daniel Freund, Patryk Jaki, Joachim Kuhs, Balázs Hidvéghi, Paulo Rangel, Lara Wolters, Anna Júlia Donáth, Gerolf Annemans, Miroslav Radačovský, Monika Hohlmeier agus Csaba Molnár.
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Ramona Strugariu, Milan Uhrík, György Hölvényi, Valérie Hayer, Jérôme Rivière agus Clara Ponsatí Obiols.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Juan Fernando López Aguilar, Ladislav Ilčić agus Beata Mazurek.
Labhair na daoine seo a leanas: Johannes Hahn agus Peter Kullgren.
15. Bagairt ar an daonlathas agus ar an smacht reachta sa Pholainn, go háirithe trí choiste imscrúdaitheach a chruthú (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Bagairt ar an daonlathas agus ar an smacht reachta sa Pholainn, go háirithe trí choiste imscrúdaitheach a chruthú (2023/2725(RSP))
Peter Kullgren (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Didier Reynders (comhalta den Choimisiún) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Andrzej Halicki, thar ceann an Ghrúpa PPE, Juan Fernando López Aguilar, thar ceann an Ghrúpa S&D, Róża Thun und Hohenstein, thar ceann an Ghrúpa Renew, Tineke Strik, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Beata Szydło, thar ceann an Ghrúpa ECR, Clare Daly, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus chun freagairt do ráiteas ó Marek Belka freisin (Mheabhraigh an tUachtarán na rialacha iompair dó), László Trócsányi, Feisire neamhcheangailte, Paulo Rangel, Włodzimierz Cimoszewicz, Moritz Körner, Sergey Lagodinsky, Dominik Tarczyński, Radosław Sikorski, Łukasz Kohut agus Katarína Roth Neveďalová.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Patryk Jaki, Bogdan Rzońca agus Beata Mazurek.
Labhair na daoine seo a leanas: Didier Reynders agus Peter Kullgren.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
16. Costais shóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime aeráide i bhfianaise na dtuilte in Emilia Romagna, Marche agus an Tuscáin, agus an géarghá atá le dlúthpháirtíocht Eorpach (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Costais shóisialta agus eacnamaíocha na géarchéime aeráide i bhfianaise na dtuilte in Emilia Romagna, Marche agus an Tuscáin, agus an géarghá atá le dlúthpháirtíocht Eorpach (2023/2724(RSP))
Janez Lenarčič (comhalta den Choimisiún) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Herbert Dorfmann, thar ceann an Ghrúpa PPE, agus Elisabetta Gualmini, thar ceann an Ghrúpa S&D.
SA CHATHAOIR: Nicola BEER Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Nicola Danti, thar ceann an Ghrúpa Renew, Rosa D'Amato, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Sergio Berlato, thar ceann an Ghrúpa ECR, Alessandra Basso, thar ceann an Ghrúpa ID, Petros Kokkalis, thar ceann an Ghrúpa The Left, Francesca Peppucci, Brando Benifei, Sandro Gozi, Niklas Nienass, a thug freagra thairis sin ar cheist cásta ghoirm ó Bogdan Rzońca, Camilla Laureti agus Paolo De Castro.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Mick Wallace agus Jutta Paulus.
Labhair Janez Lenarčič.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
17. Tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta ***I (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 [COM(2022)0134 - C9-0130/2022 - 2022/0089(COD)] - An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe. Rapóirtéir: Paolo De Castro (A9-0173/2023)
Paolo De Castro a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Janusz Wojciechowski (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Danilo Oscar Lancini (rapóirtéir don tuairim ó Choiste INTA), Álvaro Amaro, thar ceann an Ghrúpa PPE, Clara Aguilera, thar ceann an Ghrúpa S&D, Irène Tolleret, thar ceann an Ghrúpa Renew, Claude Gruffat, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Mazaly Aguilar, thar ceann an Ghrúpa ECR, Elena Lizzi, thar ceann an Ghrúpa ID, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann an Ghrúpa The Left, Marc Tarabella, Feisire neamhcheangailte, Herbert Dorfmann, Isabel Carvalhais, Nicola Procaccini, Jean-Lin Lacapelle, Dino Giarrusso, Tomislav Sokol, Daniel Buda agus Anne Sander.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Juozas Olekas, Valter Flego, Ladislav Ilčić agus Sandra Pereira.
Labhair na daoine seo a leanas: Janusz Wojciechowski agus Paolo De Castro.
18. Gnéaschiapadh in AE agus meastóireacht MeToo (díospóireacht)
Tuarascáil ar ghnéaschiapadh in AE agus meastóireacht MeToo [2022/2138(INI)] - An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne. Rapóirtéir: Michal Šimečka (A9-0178/2023)
Michal Šimečka a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Johannes Hahn (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Ewa Kopacz, thar ceann an Ghrúpa PPE, Carina Ohlsson, thar ceann an Ghrúpa S&D, Terry Reintke, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, agus Margarita de la Pisa Carrión, thar ceann an Ghrúpa ECR.
SA CHATHAOIR: Marc ANGEL Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Christine Anderson, thar ceann an Ghrúpa ID, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann an Ghrúpa The Left, Evelyn Regner agus Johan Nissinen.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, Ladislav Ilčić agus Maria Grapini.
Labhair na daoine seo a leanas: Johannes Hahn agus Michal Šimečka.
19. An t-idirphlé sóisialta a neartú (díospóireacht)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000019/2023 ó Dragoş Pîslaru, Agnes Jongerius, Stelios Kympouropoulos, Abir Al-Sahlani, Rosa D'Amato, Elżbieta Rafalska, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann Choiste EMPL, ar an gComhairle: An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (2023/2536(RSP)) (B9-0020/2023)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000020/2023 ó Dragoş Pîslaru, Agnes Jongerius, Stelios Kympouropoulos, Abir Al-Sahlani, Rosa D'Amato, Elżbieta Rafalska, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann Choiste EMPL, ar an gCoimisiún: An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (2023/2536(RSP)) (B9-0021/2023)
Dragoş Pîslaru a thairg na ceisteanna.
Johannes Hahn (comhalta den Choimisiún) a d'fhreagair an cheist B9-0021/2023.
Labhair na daoine seo a leanas: Dennis Radtke, thar ceann an Ghrúpa PPE, Agnes Jongerius, thar ceann an Ghrúpa S&D, Abir Al-Sahlani, thar ceann an Ghrúpa Renew, Rosa D'Amato, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Elżbieta Rafalska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Jordan Bardella, thar ceann an Ghrúpa ID, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann an Ghrúpa The Left, agus Lefteris Nikolaou-Alavanos, Feisire neamhcheangailte.
20. Óráidí nóiméad amháin faoi ábhair a bhfuil tábhacht pholaitiúil leo
I gcomhréir le Riail 172, labhair na Feisirí seo a leanas ar mhian leo aird na Parlaiminte a tharraingt ar ábhair a bhfuil tábhacht pholaitiúil leo, ar feadh aon nóiméad amháin:
Romana Tomc, Łukasz Kohut, Katalin Cseh, Grace O'Sullivan, Angel Dzhambazki, Virginie Joron, Chris MacManus, Victor Negrescu, Ilhan Kyuchyuk, Ana Miranda, Cristian Terheş, André Rougé, Younous Omarjee, Maria Grapini, Michiel Hoogeveen, Vlad-Marius Botoş, Gunnar Beck, Sandra Pereira, Clare Daly, Mick Wallace agus João Pimenta Lopes.
21. Clár oibre an chéad suí eile
Rinneadh clár oibre shuí an lae dár gcionn a bhunú (‘Clár Oibre’PE 748.891/OJ).
22. Críoch an tsuí
Críochnaíodh an suí ar 22.40.
Alessandro Chiocchetti
Roberta Metsola
Ard-Rúnaí
Uachtarán
LIOSTA NA nDOICIMÉAD ARB IAD IS BONN DO DHÍOSPÓIREACHTAÍ AGUS DO CHINNTÍ NA PARLAIMINTE
1. Ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal (tíolacadh)
Cuireadh na ceisteanna seo a leanas i gcomhair freagra ó bhéal maille le díospóireacht ar an gclár oibre (Riail 136):
- O-000027/2023 ó Pernille Weiss, thar ceann an Ghrúpa PPE, Tiemo Wölken, thar ceann an Ghrúpa S&D, ar an gCoimisiún: Gníomhaíocht chomhordaithe chun aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (2023/2703(RSP)) (B9-0022/2023);
- O-000020/2023 ó Dragoş Pîslaru, Agnes Jongerius, Stelios Kympouropoulos, Abir Al-Sahlani, Rosa D'Amato, Elżbieta Rafalska, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann Choiste EMPL, ar an gCoimisiún: An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (2023/2536(RSP)) (B9-0021/2023);
- O-000019/2023 ó Dragoş Pîslaru, Agnes Jongerius, Stelios Kympouropoulos, Abir Al-Sahlani, Rosa D'Amato, Elżbieta Rafalska, Eugenia Rodríguez Palop, thar ceann Choiste EMPL, ar an gComhairle: An t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas Eorpach (2023/2536(RSP)) (B9-0020/2023);
- O-000018/2023 ó Raphaël Glucksmann, thar ceann An Coiste Speisialta um an trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear breagaisnéis, agus um neartú na sláine, na trédhearcachta agus na cuntasachta i bParlaimint na hEorpa, ar an gCoimisiún: Sláine toghchán agus forbairt athléimneachta sa tréimhse roimh thoghcháin Eorpacha 2024 (2023/2625(RSP)) (B9-0019/2023).
2. Gníomhaíocht arna déanamh ar na seasaimh agus ar na rúin ón bParlaimint
Tá an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht arna déanamh ar na seasaimh a ghlac an Pharlaimint le linn pháirtseisiún Mhárta II 2023 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
3. Doiciméid a fuarthas
Fuarthas na doiciméid seo a leanas ó na coistí parlaiminteacha:
- ***I Tuarascáil maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1315/2013 (COM(2021)0812 - C9-0472/2021 - 2021/0420(COD)) - Coiste TRAN - Rapóirtéirí: Barbara Thaler, Dominique Riquet (A9-0147/2023)
- ***I Tuarascáil Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar isteach scagadh ar náisiúnaigh tríú tír ag na teorainneacha seachtracha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/817 (COM(2020)0612 - C9-0307/2020 - 2020/0278(COD)) - Coiste LIBE - Rapóirtéir: Birgit Sippel (A9-0149/2023)
- ***I Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (COM(2021)0420 - C9-0339/2021 - 2021/0239(COD)) - Coiste ECON - Coiste LIBE - Rapóirtéirí: Eero Heinäluoma, Damien Carême (A9-0151/2023)
- Tuarascáil maidir leis an measúnú ar an teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir leis na réigiúin is forimeallaí (2022/2147(INI)) - Coiste REGI - Rapóirtéir: Álvaro Amaro (A9-0156/2023)
- Tuarascáil ar na socruithe i bhfoirm malartú litreacha idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach maidir le struchtúrú na gcleachtas le haghaidh idirghníomhaíocht i réimse na baincéireachta ceannais (N9-0022/2023 - C9-0118/2023 - 2023/2026(ACI)) - Coiste AFCO - Rapóirtéir: Salvatore De Meo (A9-0158/2023) (Níl an doiciméad ar fáil i ngach teanga faoi láthair.)
- ***I Tuarascáil maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú bia peataí orgánaigh (COM(2022)0659 - C9-0396/2022 - 2022/0390(COD)) - Coiste AGRI - Rapóirtéir: Martin Häusling (A9-0159/2023)
- ***I Tuarascáil maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/148/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh d’aispeist ag an obair (COM(2022)0489 - C9-0321/2022 - 2022/0298(COD)) - Coiste EMPL - Rapóirtéir: Véronique Trillet-Lenoir (A9-0160/2023)
- ***I Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um thionscal cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch (COM(2022)0349 - C9-0287/2022 - 2022/0219(COD)) - Coiste AFET - Coiste ITRE - Rapóirtéirí: Michael Gahler, Zdzisław Krasnodębski (A9-0161/2023)
- ***I Tuarascáil ar leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (COM(2022)0134 - C9-0130/2022 - 2022/0089(COD)) - Coiste AGRI - Rapóirtéir: Paolo De Castro (A9-0173/2023)
- *** Moladh ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an tSocraithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (18125/2013 - C9-0008/2023 - 2013/0425(NLE)) - Coiste LIBE - Rapóirtéir: Jeroen Lenaers (A9-0175/2023)
- Tuarascáil ar Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha (2022/2171(INI)) - Coiste ENVI - Rapóirtéir: Delara Burkhardt (A9-0176/2023)
- Tuarascáil maidir le gnéaschiapadh in AE agus meastóireacht MeToo (2022/2138(INI)) - Coiste FEMM - Rapóirtéir: Michal Šimečka (A9-0178/2023)
- ***I Tuarascáil ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071 - C9-0050/2022 - 2022/0051(COD)) - Coiste JURI - Rapóirtéir: Lara Wolters (A9-0184/2023)
- Tuarascáil maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis (2022/2075(INI)) - An Coiste Speisialta um an trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear breagaisnéis, agus um neartú na sláine, na trédhearcachta agus na cuntasachta i bParlaimint na hEorpa - Rapóirtéir: Sandra Kalniete (A9-0187/2023)
- Report on the proposal for a decision of the European Parliament and of the Council on the mobilisation of the European Globalisation Adjustment Fund for Displaced Workers -EGF/2023/000 TA 2023 - Technical assistance at the initiative of the Commission (COM(2023)0202 - C9-0138/2023 - 2023/0106(BUD)) - Coiste BUDG - Rapóirtéir: Monika Vana (A9-0195/2023)
- Tuarascáil maidir le hainmniúchán Ildikó Gáll-Pelcz mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (07926/2023 - C9-0126/2023 - 2023/0803(NLE)) - Coiste CONT - Rapóirtéir: Ryszard Czarnecki (A9-0197/2023)
- Tuarascáil maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Maria Spyraki a tharscaoileadh (2023/2009(IMM)) - Coiste JURI - Rapóirtéir: Ilana Cicurel (A9-0201/2023)
- Tuarascáil maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Alexis Georgoulis a tharscaoileadh (2023/2056(IMM)) - Coiste JURI - Rapóirtéir: Andrzej Halicki (A9-0202/2023)
4. Gníomhartha tarmligthe (Riail 111(2))
Dréachtghníomhartha tarmligthe a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/127 a mhéid a bhaineann le réamhíocaíochtaí a íoc faoin scéim scoile agus lena gceartaítear an Rialachán sin (C(2023)02988 - 2023/2704(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 10 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena gceartaítear an leagan Ollainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (C(2023)03026 - 2023/2709(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 11 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: PECH
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (C(2023)03087 - 2023/2710(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 3 mhí ón dáta fála an 15 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ECON
- Treoir Tharmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le luaidhe mar chobhsaitheoir teirmeach i gclóiríd pholaivinile a úsáidtear mar bhunábhar i mbraiteoirí a úsáidtear i bhfeistí leighis diagnóiseacha in vitro (C(2023)03138 - 2023/2711(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 16 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh tomhas leachtachta sonrach gnólachtaí infheistíochta faoi Airteagal 42(6) den Treoir sin (C(2023)03157 - 2023/2712(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 3 mhí ón dáta fála an 17 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ECON
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena gceartaítear an leagan Ungáirise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha a mhéid a bhaineann le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (C(2023)03235 - 2023/2714(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 23 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: AGRI tuairim: ENVI (Riail 57)
- Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann leis an Nigéir agus an Afraic Theas a chur leis an liosta sa tábla i bpointe I den Iarscríbhinn agus a mhéid a bhaineann leis an gCambóid agus Maracó a bhaint den tábla sin (C(2023)03247 - 2023/2713(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 1 mí ó fuarthas an 17 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ECON, LIBE
- Cinneadh Tarmligthe ón gCoimisiún lena leasaítear agus lena gceartaítear Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla agus teidil cúrsaí oiliúna (C(2023)03276 - 2023/2715(DEA))
Teorainn ama chun agóidí a ardú: 2 mhí ón dáta fála an 23 Bealtaine 2023
Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: IMCO
5. Bearta chur chun feidhme(Riail 112)
Dréachtbhearta cur chun feidhme a thagann faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh nicitín i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (D088849/02 - 2023/2707(RPS) - teorainn ama: 12 Iúil 2023) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 a mhéid a bhaineann le húdarú na substainte bis(2-eitilheicsil)cioglaiheacsán-1,4-décharbocsaláit (Uimh. FCM 1079) (D089211/03 - 2023/2716(RPS) - teorainn ama: 26 Iúil 2023) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI