Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Miontuairiscí
XML 2k
Déardaoin, 1 Meitheamh 2023 - Brussels

5. Clabhsúr ar an nós imeachta maidir le hiarrataí ar dhíolúine feisirí a tharscaoileadh agus a chosaint
Tuarascálacha focal ar fhocal

Chuir Coiste JURI in iúl don Uachtarán gur dhún an tIonchúisitheoir Poiblí ag Cúirt Chéadchéime Thessaloniki sa Ghréig an cás i gcoinne Emmanouil Fragkos, a raibh imeachtaí tionscanta ina leith go ndéanfaí a dhíolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh, mar a fógraíodh sa suí iomlánach an 13 Meán Fómhair 2021 (ítim 4 de mhiontuairiscí an 13.9.2021). Dá bhrí sin, dúnadh an nós imeachta sin maidir le tarscaoileadh díolúine.

Chuir an Coiste JURI in iúl don Uachtarán gur bhain siad de thátal as nach raibh Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leis an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Nikos Androulakis, mar a fógraíodh sa suí iomlánach an 21 Samhain 2022 (ítim 6 de mhiontuairiscí an 21.11.2022). Tar éis do Nikos Androulakis éirí as oifig mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht amhail ón 3 Bealtaine 2023 (ítim 5 de mhiontuairiscí an 8.5.2023), ní raibh díolúine aige a thuilleadh faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7, agus atá teoranta do ré shainordú an Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Dá bhrí sin, dúnadh an nós imeachta a bhaineann leis an iarraidh seo ar chosaint a phribhléidí agus a dhíolúintí.

Labhair Marie Toussaint.

An nuashonrú is déanaí: 10 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais