2. Na hiarmhairtí daonnúla agus comhshaoil a bhaineann le damba Nova Kakhovka a scriosadh - Atógáil agus lánpháirtiú inbhuanaithe na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Na hiarmhairtí daonnúla agus comhshaoil a bhaineann le damba Nova Kakhovka a scriosadh (2023/2738(RSP))
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Atógáil agus lánpháirtiú inbhuanaithe na hÚcráine sa chomhphobal Eora-Atlantach (2023/2739(RSP))
Jessika Roswall (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Valdis Dombrovskis (Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Rasa Juknevičienė, thar ceann an Ghrúpa PPE, Pedro Marques, thar ceann an Ghrúpa S&D, Petras Auštrevičius, thar ceann an Ghrúpa Renew, Viola von Cramon-Taubadel, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Fotyga, thar ceann an Ghrúpa ECR, Jaak Madison, thar ceann an Ghrúpa ID, Helmut Scholz, thar ceann an Ghrúpa The Left, Miroslav Radačovský, Feisire neamhcheangailte, Radosław Sikorski, Sven Mikser, Nathalie Loiseau, Heidi Hautala, Witold Jan Waszczykowski, Anna Bonfrisco, Özlem Demirel, Milan Uhrík, Andrius Kubilius, Tonino Picula, Hilde Vautmans, Marie Toussaint, Alexandr Vondra, Thierry Mariani, Márton Gyöngyösi, Sandra Kalniete, Włodzimierz Cimoszewicz, Dacian Cioloş, Sergey Lagodinsky, Zdzisław Krasnodębski, Heléne Fritzon, Ilhan Kyuchyuk, Francisco José Millán Mon, Tiemo Wölken, Barry Andrews, Alexander Alexandrov Yordanov, Raphaël Glucksmann, Željana Zovko agus Marek Belka.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Liudas Mažylis, Domènec Ruiz Devesa, Michal Wiezik, Mónica Silvana González, Billy Kelleher, Mick Wallace, Juozas Olekas agus Georgios Kyrtsos.
Labhair na daoine seo a leanas: Valdis Dombrovskis agus Jessika Roswall.
Tairiscintí i gcomhar rúin curtha síos i gcomhréir le Riail 132(2) chun an díospóireacht a thabhairt chun críche: miontuairiscí an 15.06.2023, ítim 1 de liosta na ndoiciméad arb iad is bonn le díospóireachtaí agus cinntí na Parlaiminte.
4. Seo í an Eoraip - Díospóireacht le hUachtarán na Cipire, Nikos Christodoulides (díospóireacht)
Seo í an Eoraip - Díospóireacht le hUachtarán na Cipire, Nikos Christodoulides (2023/2677(RSP))
An tUachtarán a rinne ráiteas tosaigh
Labhair Nikos Christodoulides, Uachtarán na Cipire.
Labhair na daoine seo a leanas: Manfred Weber, thar ceann an Ghrúpa PPE, Costas Mavrides, thar ceann an Ghrúpa S&D, Stéphane Séjourné, thar ceann an Ghrúpa Renew, Philippe Lamberts, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Nicola Procaccini, thar ceann an Ghrúpa ECR, Jordan Bardella, thar ceann an Ghrúpa ID, Giorgos Georgiou, thar ceann an Ghrúpa The Left, Tatjana Ždanoka, Feisire neamhcheangailte, Loucas Fourlas, Isabel Santos, Georgios Kyrtsos agus Sergey Lagodinsky.
SA CHATHAOIR: Othmar KARAS Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Assita Kanko, Harald Vilimsky, Niyazi Kizilyürek, Nicolas Bay, Paulo Rangel, Łukasz Kohut, Sandro Gozi, Henrike Hahn, Anders Vistisen agus Angelika Winzig.
SA CHATHAOIR: Roberta METSOLA Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Beatrice Covassi, Maria Spyraki, Victor Negrescu, Eleni Stavrou agus Demetris Papadakis.
Labhair Nikos Christodoulides.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
(Cuireadh an suí ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.)
SA CHATHAOIR: Othmar KARAS Leas-Uachtarán
5. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 12.21.
6. Am vótála
Tá torthaí mionsonraithe vótála (leasuithe, vótáil ar leithligh agus vótáil dheighilte, etc.) san iarscríbhinn 'Torthaí na Vótála' agus tá torthaí na vótála le glaoch rolla san iarscríbhinn ‘Torthaí na Vótála le Glaoch Rolla’. Foilsítear na hiarscríbhinní sin leis na miontuairiscí seo agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
6.1. Féilire na bpáirtseisiún sa Pharlaimint - 2024
Dá bhrí sin, leagtar síos Féilire na bpáirtseisiúin sa Pharlaimint le haghaidh 2024 mar seo a leanas:
- 15-18 Eanáir
- 25 Eanáir
- 5-8 Feabhra
- 26-29 Feabhra
- 11-14 Márta
- 10 agus 11 Aibreán
- 22-25 Aibreán
- 16-19 Iúil
- 16-19 Meán Fómhair
- 7-10 Deireadh Fómhair
- 21-24 Deireadh Fómhair
- 13 agus 14 Samhain
- 25-28 Samhain
- 16-19 Nollaig
6.2. Cúnamh macrairgeadais a sholáthar don Mhacadóin Thuaidh ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Macadóine Thuaidh [COM(2023)0074 - C9-0015/2023 - 2023/0034(COD)] - An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta. Rapóirtéir: Angelika Winzig (A9-0203/2023)
(Is gá tromlach na vótaí a chaitear)
TOGRA ÓN gCOIMISIÚN
Formheasta(P9_TA(2023)0221) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 2)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
6.3. Dréachtbhuiséad leasaitheach 1/2023: Coigeartuithe teicniúla a thagann ó na comhaontuithe polaitiúla ar thángthas orthu maidir le roinnt tograí reachtacha, lena n-áirítear maidir le REPowerEU, an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus Clár an Aontais um Nascacht Shlán ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2023 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 – coigeartuithe teicniúla a eascraíonn as na comhaontuithe polaitiúla ar thángthas orthu maidir le roinnt tograí reachtacha, lena n-áirítear maidir le REPowerEU, leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus le clár an Aontais um Nascacht Shlán [08566/2023 - C9-0173/2023 - 2023/0080(BUD)] - An Coiste um Buiséid. Rapóirtéir: Fabienne Keller (A9-0209/2023)
(Is gá tromlach na vótaí a chaitear)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha le vótáil aonair (P9_TA(2023)0222) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim3)
Dá bhrí sin, formheasadh seasamh na Comhairle.
Glacadh go cinntitheach le buiséad leasaitheach Uimh. 1/2023.
6.4. Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig coistí agus maidir leis an nós imeachta chun coinbhleachtaí inniúlachta a réiteach (vótáil)
Tuarascáil ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le tograí le haghaidh gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharchur chuig coistí agus maidir leis an nós imeachta chun coinbhleachtaí inniúlachta a réiteach [2023/2055(REG)] - An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla. Rapóirtéir: Gabriele Bischoff (A9-0198/2023)
(Is gá tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint)
TOGRA LE hAGHAIDH CINNIDH
Glactha le vótáil aonair (P9_TA(2023)0223) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 4)
Thiocfadh na forálacha nua i bhfeidhm ar an gcéad lá den chéad pháirtseisiún eile.
6.5. Fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla: Treoir um ionadaithe dlíthiúla ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla [COM(2018)0226 - C8-0154/2018 - 2018/0107(COD)] - An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Rapóirtéir: Birgit Sippel (A9-0257/2020)
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0224) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 5)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
6.6. Rialachán maidir le fianaise leictreonach: Orduithe táirgthe agus caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hOrduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla [COM(2018)0225 - C8-0155/2018 - 2018/0108(COD)] - An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Rapóirtéir: Birgit Sippel (A9-0256/2020)
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0225) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 6)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
6.7. Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh ***I (vótáil)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh [COM(2022)0018 - C9-0010/2022 - 2022/0009(COD)] - An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Rapóirtéir: Isabel Santos (A9-0289/2022)
COMHAONTÚ SEALADACH
Glactha(P9_TA(2023)0226) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 7)
Dá bhrí sin, tá deireadh le céad léamh na Parlaiminte.
Tuarascáil ar bheartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2022 [2022/2060(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Rapóirtéir: René Repasi (A9-0183/2023)
(Is gá tromlach na vótaí a chaitear)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha (P9_TA(2023)0227) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 8)
6.9. Measúnú ar an teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir leis na réigiúin is forimeallaí (vótáil)
Tuarascáil ar an measúnú ar an teachtaireacht nua ón gCoimisiún maidir leis na réigiúin is forimeallaí [2022/2147(INI)] - An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach. Rapóirtéir: Álvaro Amaro (A9-0156/2023)
(Is gá tromlach na vótaí a chaitear)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha le vótáil aonair (P9_TA(2023)0228) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 9)
6.10. Tionscadail mhóra bonneagair iompair in AE (vótáil)
Tuarascáil ar thionscadail mhóra bonneagair iompair in AE – cur chun feidhme tionscadal, agus faireachán agus rialú ar chistí AE [2022/2021(INI)] - An Coiste um Rialú Buiséadach. Rapóirtéir: Andrey Novakov (A9-0181/2023)
(Is gá tromlach na vótaí a chaitear)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha le vótáil aonair (P9_TA(2023)0229) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 10)
6.11. Cur chun feidhme na Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (vótáil)
Tuarascáil ar chur chun feidhme na Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh [2022/2206(INI)] - An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla. Rapóirtéir: Loránt Vincze (A9-0182/2023)
(Is gá tromlach na vótaí a chaitear)
TAIRISICNT I gCOMHAIR RÚIN
Glactha (P9_TA(2023)0230) (Iarscríbhinn 'Torthaí na vótála', ítim 11)
(Cuireadh an suí ar fionraí ar 12.36.)
SA CHATHAOIR: Dimitrios PAPADIMOULIS Leas-Uachtarán
7. Athchromadh ar an suí
Athchromadh ar an suí ar 12.40.
8. An Gníomh um an Intleacht Shaorga ***I (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe a leagan síos don Intleacht Shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear Gníomhartha Reachtacha áirithe de chuid an Aontais [COM(2021)0206 - C9-0146/2021 - 2021/0106(COD)] - An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra - An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile. Rapóirtéirí: Brando Benifei agus Dragoş Tudorache (A9-0188/2023)
Brando Benifei agus Dragoş Tudorache a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Eva Maydell (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ITRE), Marcel Kolaja (rapóirtéir don tuairim ó Choiste CULT) agus Axel Voss (rapóirtéir don tuairim ó Choiste JURI).
Labhair na daoine seo a leanas: Margrethe Vestager (Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin) agus Thierry Breton (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Susana Solís Pérez (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ENVI), Josianne Cutajar (rapóirtéir don tuairim ó Choiste TRAN), Deirdre Clune, thar ceann an Ghrúpa PPE, Petar Vitanov, thar ceann an Ghrúpa S&D, Svenja Hahn, thar ceann an Ghrúpa Renew, Kim Van Sparrentak, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Kosma Złotowski, thar ceann an Ghrúpa ECR, Anders Vistisen, thar ceann an Ghrúpa ID, Kateřina Konečná, thar ceann an Ghrúpa The Left, Milan Uhrík, Feisire neamhcheangailte, Jeroen Lenaers, Ibán García Del Blanco, Karen Melchior, Sergey Lagodinsky agus Rob Rooken.
SA CHATHAOIR: Pina PICIERNO Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Philippe Olivier, Cornelia Ernst, Edina Tóth, Andreas Schwab, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Sergey Lagodinsky, Miapetra Kumpula-Natri, Elsi Katainen, Patrick Breyer, Adam Bielan, Alessandro Panza, Sabrina Pignedoli, Javier Zarzalejos, Vlad-Marius Botoş, Alexandra Geese, Carlo Fidanza, Francesca Donato, Arba Kokalari, Dita Charanzová, Elżbieta Kruk, Dino Giarrusso, Pablo Arias Echeverría, Laurence Farreng, Karlo Ressler, Samira Rafaela, Krzysztof Hetman, Geoffroy Didier, Pilar del Castillo Vera agus Angelika Winzig.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sara Skyttedal, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Maria-Manuel Leitão-Marques, Juan Fernando López Aguilar, Barry Andrews, Beata Mazurek agus Clare Daly.
Labhair na daoine seo a leanas: Margrethe Vestager, Brando Benifei agus Dragoş Tudorache.
9. Bunú Chomhlacht Eitice an Aontais (díospóireacht)
Ráiteas ón gCoimisiún: Bunú Chomhlacht Eitice an Aontais (2023/2741(RSP))
Věra Jourová (Leas-Uachtarán an Choimisiúin) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Sven Simon, thar ceann an Ghrúpa PPE, Gabriele Bischoff, thar ceann an Ghrúpa S&D, Gilles Boyer, thar ceann an Ghrúpa Renew, Daniel Freund, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Geert Bourgeois, thar ceann an Ghrúpa ECR, Jean-Paul Garraud, thar ceann an Ghrúpa ID, Manon Aubry, thar ceann an Ghrúpa The Left, Mislav Kolakušić, Feisire neamhcheangailte, Tomáš Zdechovský, Włodzimierz Cimoszewicz, Nathalie Loiseau, Mikuláš Peksa, Alessandro Panza, Leila Chaibi, Vladimír Bilčík, Andreas Schieder, Ramona Strugariu, Brando Benifei, Pedro Silva Pereira, Cyrus Engerer, Carina Ohlsson agus Domènec Ruiz Devesa.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sunčana Glavak, Isabel García Muñoz, Michèle Rivasi agus Mick Wallace.
Labhair Věra Jourová.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
Vótáil: an chéad pháirtseisiún eile.
SA CHATHAOIR: Pedro SILVA PEREIRA Leas-Uachtarán
10. Formheas mhiontuairiscí an tsuí roimhe sin
Glacadh le miontuairiscí an tsuí roimhe sin.
11. Tráth na gCeisteanna le Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála - An caidreamh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus an staid sa Nagarna-Carabaic agus ag conair Lachin
Mheabhraigh an tUachtarán go hachomair na socruithe maidir le Tráth na gCeisteanna do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) a d'fhreagair na ceisteanna ó na Feisirí: François-Xavier Bellamy, Sylvie Guillaume, Karen Melchior, Markéta Gregorová, Fabio Massimo Castaldo, Anna Fotyga, Loucas Fourlas, Costas Mavrides, Nathalie Loiseau, Miriam Lexmann, Peter van Dalen, Jordi Solé, Andrius Kubilius, Bogdan Rzońca, Željana Zovko agus François Alfonsi.
Dúnadh Tráth na gCeisteanna.
12. An Staid sa Liobáin (díospóireacht)
Ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: An Staid sa Liobáin (2023/2742(RSP))
Janez Lenarčič (comhalta den Choimisiún) a rinne an ráiteas thar ceann Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Labhair David McAllister, thar ceann an Ghrúpa PPE.
SA CHATHAOIR: Othmar KARAS Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Isabel Santos, thar ceann an Ghrúpa S&D, Christophe Grudler, thar ceann an Ghrúpa Renew, Mounir Satouri, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Adam Bielan, thar ceann an Ghrúpa ECR, Thierry Mariani, thar ceann an Ghrúpa ID, Marisa Matias, thar ceann an Ghrúpa The Left, Kinga Gál, Feisire neamhcheangailte, Andrey Kovatchev, Domènec Ruiz Devesa, Dacian Cioloş, Anna Bonfrisco, Jérôme Rivière, György Hölvényi, Salima Yenbou, Bernhard Zimniok, Željana Zovko agus Jan-Christoph Oetjen.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Antonio López-Istúriz White, Maria Arena, Mick Wallace, François-Xavier Bellamy agus Clare Daly.
Labhair Janez Lenarčič.
Labhair Domènec Ruiz Devesa maidir leis an méid a dúirt sé le linn na díospóireachta.
Dhéanfaí tairiscintí i gcomhair rúin atá le cur síos i gcomhréir le Riail 132(2) a fhógairt ag céim níos déanaí.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
Vótáil: an chéad pháirtseisiún eile.
13. An Staid i Nicearagua (díospóireacht)
Ráiteas ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála: An Staid i Nicearagua (2023/2743(RSP))
Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) a rinne an ráiteas.
Labhair na daoine seo a leanas: Leopoldo López Gil, thar ceann an Ghrúpa PPE, Javi López, thar ceann an Ghrúpa S&D, María Soraya Rodríguez Ramos, thar ceann an Ghrúpa Renew, Tilly Metz, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Hermann Tertsch, thar ceann an Ghrúpa ECR, André Rougé, thar ceann an Ghrúpa ID, Sandra Pereira, thar ceann an Ghrúpa The Left, David McAllister, Alicia Homs Ginel, Dita Charanzová, Carlo Fidanza, Miguel Urbán Crespo, Antonio López-Istúriz White agus Izaskun Bilbao Barandica.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Gabriel Mato, Sara Cerdas, Bogdan Rzońca, Mick Wallace agus Clare Daly.
Labhair Josep Borrell Fontelles.
Tairiscintí i gcomhar rúin curtha síos i gcomhréir le Riail 132(2) chun an díospóireacht a thabhairt chun críche: miontuairiscí an 15.06.2023, ítim 1 de liosta na ndoiciméad arb iad is bonn le díospóireachtaí agus cinntí na Parlaiminte.
14. Staid an Chomhantaithe maidir le hIdirphlé agus Comhar Polaitíochta idir an tAontas Eorpach agus Cúba i bhfianaise chuairt an Ardionadaí ar an oileán (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Staid an Chomhantaithe maidir le hIdirphlé agus Comhar Polaitíochta idir an tAontas Eorpach agus Cúba i bhfianaise chuairt an Ardionadaí ar an oileán (2023/2744(RSP))
Josep Borrell Fontelles (Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) a rinne na ráitis.
SA CHATHAOIR: Heidi HAUTALA Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Leopoldo López Gil, thar ceann an Ghrúpa PPE, Javi López, thar ceann an Ghrúpa S&D, Dita Charanzová, thar ceann an Ghrúpa Renew, Jordi Solé, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Hermann Tertsch, thar ceann an Ghrúpa ECR, Manu Pineda, thar ceann an Ghrúpa The Left, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Feisire neamhcheangailte, Gabriel Mato, Massimiliano Smeriglio, José Ramón Bauzá Díaz, Anna Fotyga, David Lega, Jordi Cañas agus Francisco José Millán Mon.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Sara Skyttedal, Ana Miranda agus João Pimenta Lopes.
Labhair Josep Borrell Fontelles.
Dhéanfaí tairiscintí i gcomhair rúin atá le cur síos i gcomhréir le Riail 132(2) a fhógairt ag céim níos déanaí.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
Vótáil: an chéad pháirtseisiún eile.
15. Ceallraí agus ceallraí dramhaíola ***I (díospóireacht)
Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 [COM(2020)0798 - C9-0400/2020 - 2020/0353(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Achille Variati (A9-0031/2022)
Cuireadh vótáil thosaigh i gcrích an 10 Márta 2022 agus tarchuireadh an cheist ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, i gcomhréir le Riail 59(4) (ítim 9 de mhiontuairiscí an 10.3.2022).
Achille Variati a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Patrizia Toia (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ITRE) agus Antonius Manders (rapóirtéir don tuairim ón gCoiste IMCO).
Labhair Virginijus Sinkevičius (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Erik Bergkvist (rapóirtéir don tuairim ó Choiste TRAN), Jessica Polfjärd, thar ceann an Ghrúpa PPE, Tiemo Wölken, thar ceann an Ghrúpa S&D, Karin Karlsbro, thar ceann an Ghrúpa Renew, Malte Gallée, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Zalewska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Aurélia Beigneux, thar ceann an Ghrúpa ID, Silvia Modig, thar ceann an Ghrúpa The Left, Mario Furore, Feisire neamhcheangailte, Peter Liese, Christel Schaldemose, Elsi Katainen, Jakop G. Dalunde agus Sylvia Limmer.
SA CHATHAOIR: Katarina BARLEY Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Maria Spyraki, Robert Hajšel, Christophe Grudler, Anna Cavazzini agus Hildegard Bentele.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Katarína Roth Neveďalová.
Labhair na daoine seo a leanas: Virginijus Sinkevičius agus Achille Variati.
16. Caibidlíocht maidir leis an Dlí Toghcháin Eorpach (díospóireacht)
Ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún: Caibidlíocht maidir leis an Dlí Toghcháin Eorpach (2023/2746(RSP))
Jessika Roswall (Uachtarán-in-Oifig na Comhairle) agus Věra Jourová (Leas-Uachtarán an Choimisiúin) a rinne na ráitis.
Labhair na daoine seo a leanas: Paulo Rangel, thar ceann an Ghrúpa PPE, Domènec Ruiz Devesa, thar ceann an Ghrúpa S&D, Guy Verhofstadt, thar ceann an Ghrúpa Renew, Daniel Freund, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Joachim Stanisław Brudziński, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gunnar Beck, thar ceann an Ghrúpa ID, Chris MacManus, thar ceann an Ghrúpa The Left, Clara Ponsatí Obiols, Feisire neamhcheangailte, Seán Kelly, Pedro Silva Pereira, Sandro Gozi, a thug freagra, thairis sin, ar cheist cárta ghoirm ó Paulo Rangel, Sven Simon, Victor Negrescu agus Charles Goerens.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Mónica Silvana González agus Juan Fernando López Aguilar.
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Margarida Marques.
Labhair na daoine seo a leanas: Věra Jourová agus Jessika Roswall.
Tugadh an díospóireacht chun críche.
17. Slándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht AE a áirithiú (díospóireacht)
Tuarascáil ar shlándáil bia agus athléimneacht fhadtéarmach thalmhaíocht AE a áirithiú [2022/2183(INI)] - An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe. Rapóirtéir: Marlene Mortler (A9-0185/2023)
Marlene Mortler a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Janusz Wojciechowski (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Stéphane Bijoux (rapóirtéir don tuairim ó Choiste DEVE), Herbert Dorfmann, thar ceann an Ghrúpa PPE, Camilla Laureti, thar ceann an Ghrúpa S&D, Dacian Cioloş, thar ceann an Ghrúpa Renew, Pär Holmgren, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Krzysztof Jurgiel, thar ceann an Ghrúpa ECR, Angelo Ciocca, thar ceann an Ghrúpa ID (Thug an tUachtarán meabhrúchán maidir leis na forálacha a bhaineann leis na caighdeáin iompair), Petros Kokkalis, thar ceann an Ghrúpa The Left, Dino Giarrusso, Feisire neamhcheangailte, Simone Schmiedtbauer, Clara Aguilera, Martin Hlaváček, Martin Häusling, Mazaly Aguilar, Gilles Lebreton agus Marcel de Graaff.
SA CHATHAOIR: Nicola BEER Leas-Uachtarán
Labhair na daoine seo a leanas: Colm Markey, Paolo De Castro, Elsi Katainen, Claude Gruffat, Bert-Jan Ruissen, Sylvia Limmer, Maxette Pirbakas, Krzysztof Hetman, Isabel Carvalhais, Atidzhe Alieva-Veli, Thomas Waitz, Zbigniew Kuźmiuk, Roman Haider, Marc Tarabella, Michaela Šojdrová, Maria Arena, Francisco Guerreiro, Ladislav Ilčić, Benoît Lutgen, Carmen Avram, Robert Roos, Tom Vandenkendelaere agus Stanislav Polčák.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Katarína Roth Neveďalová, Sunčana Glavak, Juozas Olekas agus Sandra Pereira.
Labhair na daoine seo a leanas: Janusz Wojciechowski agus Marlene Mortler.
18. Cúrsaí oiliúna ardchaighdeáin in AE (díospóireacht)
Tuarascáil lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin san Aontas [2020/2005(INL)] - An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta. Rapóirtéir: Monica Semedo (A9-0186/2023)
Marie-Pierre Vedrenne (rapóirtéir ionaid) a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Nicolas Schmit (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Niyazi Kizilyürek (rapóirtéir don tuairim ó Choiste CULT), Jarosław Duda, thar ceann an Ghrúpa PPE, Alicia Homs Ginel, thar ceann an Ghrúpa S&D, Laurence Farreng, thar ceann an Ghrúpa Renew, Rosa D'Amato, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Anna Zalewska, thar ceann an Ghrúpa ECR, Dominique Bilde, thar ceann an Ghrúpa ID, José Gusmão, thar ceann an Ghrúpa The Left, Dennis Radtke, Agnes Jongerius, Krzysztof Hetman, Milan Brglez, João Albuquerque agus Brando Benifei.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Seán Kelly agus Katarína Roth Neveďalová.
Labhair na daoine seo a leanas: Nicolas Schmit agus Marie-Pierre Vedrenne.
Tuarascáil Andrey Novakov - A9-0181/2023 Chris MacManus
Mínithe i scríbhinn ar an vótáil
Beidh mínithe ar an vótáil a cuireadh isteach i scríbhinn faoi Riail 194 de na Rialacha Nós Imeachta le feiceáil ar leathanaigh na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
20. Clár oibre an chéad suí eile
Rinneadh clár oibre shuí an lae dár gcionn a bhunú (‘Clár Oibre’PE 749.449/OJ).
21. Formheas mhiontuairiscí an tsuí
I gcomhréir le Riail 202 (3), chuirfí miontuairiscí an tsuí faoi bhráid na Parlaiminte lena bhformheas ag tús iarnóin an chéad suí eile.