Tuarascáil ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n‑aisghairtear Treoir 2009/125/CE [COM(2022)0142 - C9-0132/2022 - 2022/0095(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Alessandra Moretti (A9-0218/2023)
Alessandra Moretti a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair na daoine seo a leanas: Maria Spyraki (rapóirtéir don tuairim ó Choiste ITRE) agus David Cormand (rapóirtéir don tuairim ó Choiste IMCO).
Labhair Virginijus Sinkevičius (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Jessica Polfjärd, thar ceann an Ghrúpa PPE, Erik Bergkvist, thar ceann an Ghrúpa S&D, Róża Thun und Hohenstein, thar ceann an Ghrúpa Renew, Sara Matthieu, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Silvia Sardone, thar ceann an Ghrúpa ID, Marina Mesure, thar ceann an Ghrúpa The Left, Peter Liese, Beatrice Covassi, Ivars Ijabs, Malte Gallée, Seán Kelly agus Anna Cavazzini.
Labhair na daoine seo a leanas: Virginijus Sinkevičius agus Alessandra Moretti.