Tá cinneadh déanta ag na coistí freagracha dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 71 ar bhonn na tuarascála seo a leanas:
- Coiste ECON: Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat le haghaidh gnóthais árachais agus athárachais a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2009/138/CE, (AE) 2017/1132 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 (COM(2021)0582 – C9-0365/2021 – 2021/0296(COD)) – Rapóirtéir: Markus Ferber (A9-0251/2023);
- Coiste IMCO: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2019/1009 agus (AE) Uimh. 305/2011 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargaidh Aonair (COM(2022)0461 – C9-0314/2022 – 2022/0279(COD)) – Rapóirtéir: Andreas Schwab (A9-0244/2023);
- Coiste ITRE: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (COM(2022)0720 – C9-0387/2022 – 2022/0379(COD)) – Rapóirtéir: Ivars Ijabs (A9-0254/2023);
- Coiste IMCO: Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair (COM(2022)0462 – C9-0313/2022 – 2022/0280(COD)) – Rapóirtéir: Andreas Schwab (A9-0245/2023);
- Coiste ITRE: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (COM(2023)0148 – C9-0049/2023 – 2023/0077(COD)) – Rapóirtéir: Nicolás González Casares (A9-0255/2023);
- Coiste ITRE: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2022)0454 – C9-0308/2022 – 2022/0272(COD)) – Rapóirtéir: Nicola Danti (A9-0253/2023);
- Coiste EMPL: Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 98/24/CE ón gComhairle agus Treoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na teorainnluachanna le haghaidh luaidhe agus a comhdhúl neamhorgánach agus dé-isicianáití (COM(2023)0071 – C9-0022/2023 – 2023/0033(COD)) – Rapóirtéir: Nikolaj Villumsen (A9-0263/2023);
- Coiste ECON: Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/138/CE a mhéid a bhaineann le comhréireacht, cáilíocht na maoirseachta, tuairisciú, bearta ráthaíochta fadtéarmacha, uirlisí micreastuamachta, rioscaí inbhuanaitheachta, maoirseacht grúpa agus trasteorann (COM(2021)0581 – C9-0367/2021 – 2021/0295(COD)) – Rapóirtéir: Markus Ferber (A9-0256/2023);
- Coiste ITRE: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011 agus (AE) 2019/942 chun feabhas a chur ar chosaint an Aontais ar chúbláil mhargaidh sa mhargadh mórdhíola fuinnimh (COM(2023)0147 – C9-0050/2023 – 2023/0076(COD)) – Rapóirtéir: Maria da Graça Carvalho (A9-0261/2023).
I gcomhréir le Riail 71(2), d’fhéadfaí iarrataí ar vótáil a dhéanamh ar na cinntí a chur isteach go dtí meán oíche den lá dar gcionn, 12 Meán Fómhair 2023.
Féadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht tráth ar bith tar éis dhul in éag na teorann ama i gcás nach ndearnadh aon iarraidh ar vótáil maidir leis an gcinneadh dul i mbun caibidlíochta.