Tuarascáil ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE [COM(2022)0338 - C9-0226/2022 - 2022/0216(COD)] - An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia. Rapóirtéir: Nathalie Colin-Oesterlé (A9-0250/2023)
Nathalie Colin-Oesterlé (rapóirtéir), roimh an vótáil, chun ráiteas a dhéanamh de bhun Riail 159(4) de na Rialacha Nós Imeachta agus, i ndiaidh na vótála ar an togra ón gCoimisiún, chun a iarraidh go dtarchuirfí an t-ábhar chuig an gcoiste freagrach, faoi Riail 59(4), le haghaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha.