Lean an Pharlaimint ar aghaidh le Caestóir a thoghadh (le teacht in ionad Christophe Hansen)(2021/3046(RSO)).
D'fhógair an tUachtarán, le toiliú ón duine lena mbaineann, ainmniúchán Isabel Wiseler-Lima, a bhí molta ag an nGrúpa PPE.
Thug an tUachtarán dá haire, i gcomhréir le Riail 15(1), nach raibh líon na n-iarrthóirí níos mó ná líon na líon na suíochán le líonadh agus nár cuireadh isteach aon iarratas ar vótáil. Dá bhrí sin, toghadh an t-iarrthóir d'aon gháir.
Rinne an tUachtarán comhghairdeas le Isabel Wiseler-Lima maidir lena toghadh.
I gcomhréir le Riail 18 agus Riail 17(2), ghlac si áit an Chaestóra a bhí ann roimpi, in ord tosaíochta.