Dé Céadaoin, 18 Deireadh Fómhair 2023 - Strasbourg
2. Bearta chur chun feidhme(Riail 112)
Dréachtbhearta cur chun feidhme a thagann faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a cuireadh ar aghaidh chuig an bParlaimint
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Pythium oligandrum tréithchineál M1, Trichoderma atroviride tréithchineál AGR2 agus Trichoderma atroviride tréithchineál AT10 (D091841/02 - 2023/2918(RPS) - teorainn ama: 17 Nollaig 2023) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe áirithe a bhaint de liosta an Aontais (D091962/02 - 2023/2917(RPS) - teorainn ama: 13 Nollaig 2023) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI
- Rialachán ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le srianta a thabhairt isteach ar úsáid substaintí blaistithe áirithe (D091974/02 - 2023/2916(RPS) - teorainn ama: 13 Nollaig 2023) Tarchurtha chuig an gcoiste freagrach: ENVI