Moladh ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn [COM(2023)0087 - 06600/2023 - C9-0247/2023 - 2023/0038(NLE)] - An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta. Rapóirtéir: Daniel Caspary (A9-0305/2023)
Daniel Caspary a chuir an moladh i láthair.
SA CHATHAOIR: Heidi HAUTALA Leas-Uachtarán
Labhair Valdis Dombrovskis (Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin).
Labhair na daoine seo a leanas: Jörgen Warborn, thar ceann an Ghrúpa PPE, Pedro Silva Pereira, thar ceann an Ghrúpa S&D, Karin Karlsbro, thar ceann an Ghrúpa Renew, Sara Matthieu, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Jan Zahradil, thar ceann an Ghrúpa ECR, Thierry Mariani, thar ceann an Ghrúpa ID, Helmut Scholz, thar ceann an Ghrúpa The Left, Enikő Győri, Feisire neamhcheangailte, David McAllister, Marek Belka, Marie-Pierre Vedrenne, a thug freagra, thairis sin, ar óráidí cárta ghoirm ó Manon Aubry agus Daniel Caspary, Anna Cavazzini, Geert Bourgeois, Danilo Oscar Lancini, Manon Aubry, Maxette Pirbakas, Benoît Lutgen, Bernd Lange, Catharina Rinzema, Lydie MassardLydie MassardLydie MassardLydie Massard, Eugen Jurzyca, Emmanuel Maurel, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Karen Melchior, agus Svenja Hahn.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Seán Kelly, Clara Aguilera agus Cristina Maestre.
Labhair na daoine seo a leanas: Valdis Dombrovskis agus Daniel Caspary.