15. Dlínse, an dlí is infheidhme, cinntí a aithint agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismitheoireachta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú * (díospóireacht)
Tuarascáil maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú [COM(2022)0695 - C9-0002/2023 - 2022/0402(CNS)] - An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla. Rapóirtéir: Maria-Manuel Leitão-Marques (A9-0368/2023)
Maria-Manuel Leitão-Marques a chuir an tuarascáil i láthair.
Labhair Didier Reynders (comhalta den Choimisiún).
Labhair na daoine seo a leanas: Malin Björk (rapóirtéir don tuairim ó Choiste LIBE), Evelyn Regner (rapóirtéir don tuairim ó Choiste FEMM), Antonius Manders, thar ceann an Ghrúpa PPE, Radka Maxová, thar ceann an Ghrúpa S&D, Pierre Karleskind, thar ceann an Ghrúpa Renew, Sergey Lagodinsky, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Jorge Buxadé Villalba, thar ceann an Ghrúpa ECR, Gilles Lebreton, thar ceann an Ghrúpa ID, Silvia Modig, thar ceann an Ghrúpa The Left, Milan Uhrík, Feisire neamhcheangailte, Maria Walsh, Juan Fernando López Aguilar, Adrián Vázquez Lázara, Saskia Bricmont, Vincenzo Sofo, Alessandra Basso, Elena Kountoura, Ernő Schaller-Baross, Pierre Karleskind, ar dhul chun cinn na díospóireachta (Thug an tUatachrán mínithe), Eleni Stavrou, Giuliano Pisapia, Karen Melchior, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Angel Dzhambazki, Kim Van Sparrentak, Bert-Jan Ruissen, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Sophia in 't Veld, Mathilde Androuët, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Karen Melchior, Arba Kokalari, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Ernő Schaller-Baross, Cyrus Engerer, Marcel Kolaja, Kosma Złotowski, Tomislav Sokol, René Repasi, Ladislav Ilčić, Helmut Geuking, a thug freagra, thairis sin, ar óráid cárta ghoirm ó Ladislav Ilčić, Angel Dzhambazki agus Margarita de la Pisa Carrión.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Beata Kempa.
Labhair na daoine seo a leanas: Didier Reynders agus Maria-Manuel Leitão-Marques.