10. Iniúchtaí le déanaí ón Aontas ina sainaithnítear go bhfuil feoil capaill Uraguach agus Airgintíneach, nach bhfuil dearbhuithe faoi mhion iontaofa acu agus a bhfuil a gcúlra anaithnid ó thaobh drugaí de, ag teacht isteach san Aontas (díospóireacht)
Ceist i gcomhair freagra ó bhéal O-000054/2023 ó Anja Hazekamp, Clare Daly, Mick Wallace, Stelios Kouloglou, Jadwiga Wiśniewska, Malte Gallée, Martin Buschmann, Sylwia Spurek, Róża Thun und Hohenstein, Pascal Durand, Francisco Guerreiro, David Cormand, thar ceann an Ghrúpa The Left, ar an gCoimisiún: Iniúchtaí le déanaí ón Aontas ina sainaithnítear go bhfuil feoil capaill Uraguach agus Airgintíneach, nach bhfuil dearbhuithe faoi mhion iontaofa acu agus a bhfuil a gcúlra anaithnid ó thaobh drugaí de, ag teacht isteach san Aontas (2024/2514(RSP)) (B9-0004/2024)
Anja Hazekamp a thairg an cheist.
Olivér Várhelyi (comhalta den Choimisiún) a d'fhreagair an cheist.
Labhair na daoine seo a leanas: Malte Gallée, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Andrey Slabakov, thar ceann an Ghrúpa ECR, Joachim Kuhs, thar ceann an Ghrúpa ID, agus Angel Dzhambazki.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Stanislav Polčák, Maria Grapini, Jordi Cañas, Ignazio Corrao, Clare Daly agus Mick Wallace.