Chuir Miriam Lexmann, Juozas Olekas, Petras Auštrevičius, Viola von Cramon-Taubadel agus Anna Fotyga na tairiscintí i gcomhair rún óna ngrúpaí i láthair.
SA CHATHAOIR: Rainer WIELAND Leas-Uachtarán
Chuir Helmut Scholz an tairiscint i gcomhair rún i láthair óna ghrúpa.
Labhair na daoine seo a leanas: Eugen Tomac, thar ceann an Ghrúpa PPE, Isabel Santos, thar ceann an Ghrúpa S&D, Karin Karlsbro, thar ceann an Ghrúpa Renew, Heidi Hautala, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, Joachim Stanisław Brudziński, thar ceann an Ghrúpa ECR, Fabio Massimo Castaldo, Feisire neamhcheangailte, Stanislav Polčák, Leszek Miller agus Markéta Gregorová.
Labhair na daoine seo a leanas faoin nós imeachta um aird a tharraingt: Seán Kelly, Karen Melchior, Clare Daly agus Michaela Šojdrová.